Fuair 1,848 duine a dtorthaí i scrúduithe ‘Gaeilge’ nó ‘Irish’ an GCSE sna sé chontae inné agus d’éirigh le dhá dtrian acusan grád B nó níos airde a fháil.
Rinne 204 dalta an scrúdú ‘Gaeilge’ a chuirtear ar fáil go speisialta dóibh siúd atá ag fáil a gcuid oideachais trí Ghaeilge. Is méadú 15% é sin ar líon na ndaltaí (177) a thug faoin scrúdú anuraidh.
Thit líon na ndaltaí a roghnaigh GCSE Irish 7% i mbliana, ó 1,991 dalta anuraidh go 1,644 i mbliana.
Tá dhá ábhar GCSE ar fáil ó thuaidh; GCSE Irish a mhúintear i scoileanna Béarla, agus GCSE Gaeilge, scrúdú do dhaltaí sa chóras Gaelscolaíochta.
48, 211 duine ar fad a fuair torthaí GCSE ón CCEA, Coimisiún na Scrúduithe Stáit ó thuaidh. Orthu sin, bhí os cionn 20,000 ag tabhairt faoi chúrsa iomlán GCSE agus an chuid eile a rinne ábhar amháin nó cúpla ábhar.
Roghnaigh 3.8% de na hiarrthóirí GCSE ar fad Irish nó Gaeilge a dhéanamh don scrúdú.
Níl an Ghaeilge, ná aon teanga seachas an Béarla, éigeantach do na scrúduithe stáit atá ar comhchéim leis an Teastas Sóisearach ó dheas.
Irish GCSE a roghnaigh an té is óige a thug faoi GCSE ó thuaidh i mbliana, 11 bliain d’aois a bhí an dalta sin.
Spáinnis an t-ábhar a roghnaigh an té is sine a rinne scrúdú GCSE i mbliana. Bean 77 bliain d’aois a bhí i gceist.
An Fhraincis an teanga is mó, seachas an Béarla, ar thug daltaí fúithi don scrúdú GCSE ó thuaidh i mbliana agus rinne 4031 an scrúdú sin. 21,820 a rinne an scrúdú Béarla.
3559 a rinne Spáinnis agus 788 a rinne Gearmáinis mar ábhar don GCSE i mbliana.
Bhí laghdú 7% ar líon na ndaltaí a rinne scrúdú ‘GCSE Irish’ i mbliana i gcomparáid le anuraidh, ach bhí titim ar líon na ndaltaí a thug faoi na scrúduithe GCSE trí chéile.
Tháinig laghdú 33% ar líon na ndaltaí i scoileanna lán-Bhéarla i dTuaisceart Éireann a roghnaigh Gaeilge a dhéanamh mar ábhar GCSE le deich mbliana anuas, de réir tuarascála a d’fhoilsigh Gael Linn anuraidh.
De réir na tuarascála sin, rinne 2,710 dalta GCSE Irish in 2007 ach ní dhearna ach 1,814 amhlaidh in 2018, laghdú 896 dalta.