Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-mheall-fogra-ar-instagram-me-maraton-a-dheanamh

Mheall fógra ar Instagram mé maratón a dhéanamh

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Dá gcuirfí ceist orm dhá bhliain ó shin, nó fiú bliain ó shin, an mbeadh spéis agam maratón, nó leathmharatón féin, a rith, déarfainn nach raibh spéis dá laghad agam ann.

Is minic a bhreathnaigh mé ar lucht reatha an Chonamaratóin nó maratón Bhaile Átha Cliath ag déanamh iontais go raibh na mílte daoine ann a bhí sásta páirt a ghlacadh a i rás a ainmníodh as éacht inar bhásaigh an chéad duine a rinne é.

Ach d’éirigh go han-mhaith le fógra Instagram de chuid Chumann Ailse na hÉireann agus mealladh go Maratón New York a bheidh á rith ag na mílte aimsir na Samhna. Tá breis agus €2,300 bailithe agam cheana féin ar son na carthanachta agus súil agam €6,000 a aimsiú faoi lá an rása féin.

Mar sin, seo anois mé amuigh faoin mbáisteach agus an dá bhonn ag bualadh bhóithre Ghleann Cholm Cille mar chuid de chlár traenála a d’aimsigh mé ar líne.

Ní déarfainn gur fear mór spóirt mé, cé go gcreidim go bhfuil mé réasúnta aclaí. Glacaim páirt i ‘rásanna eachtraíochta’ ar fud na hÉireann agus bainim taitneamh astu, ach ní hé go mbím ag traenáil lena n-aghaidh. Bíonn imeacht éigin ann chomh rialta sin gur geall le clár traenála é a bheith ag glacadh páirte i rás gach mí.

Ach ní airím ar an gcaoi chéanna faoin maratón. Tá idir eagla agus sceitimíní orm a bheith ag rith in éineacht le breis agus 50,000 duine eile trí chúig cheantar New York, agus bheartaigh mé nár leor an ‘aclaíocht folaigh’ atá ionam le mé a thabhairt trasna na líne.

Bainim úsáid as an aip aclaíochta Strava le cuntas a choinneáil ar mo thurais rothair agus bealaí fánaíochta. Is féidir leagan ‘gairmiúil’ de Strava a fháil a thugann mioneolas faoi do chuid aclaíochta féin agus, níos tábhachtaí domsa, plean traenála d’imeachtaí éagsúla, an maratón ina measc.

Murab ionann is go leor, bím sásta íoc as aip má fheicim go bhfuil feidhm agam leis, agus cheannaigh mé Strava Summit cúpla seachtain ó shin. Thosaigh an cúrsa traenála an tseachtain seo caite, agus is oth liom a admháil go bhfuil teipthe orm cheana féin cloí leis.

Ainneoin na ríomhphost a thagann isteach ag deireadh gach lae, níor éirigh liom gach cuid den chlár a chomhlíonadh mar gheall ar chúinsí éagsúla. Is féidir leithscéalta a dhéanamh ach beidh orm a bheith níos déine orm féin más maith liom an rás a chríochnú.

Is maith liom an clár atá ag Strava mar ní leagtar sprioc ciliméadair ach sprioc ama amach. Tráthnóna, mar shampla, beidh orm a bheith ag rith ar feadh 90 nóiméad, is cuma cé chomh fada is a thabharfaidh na cosa mé san achar sin ama.

Is fearr liom i bhfad sin ná a bheith ag iarraidh 10km a bhaint amach nó 15km a bhaint amach in achar áirithe ama. Is fear mór trom mé agus cé go bhfuil mé aclaí, níl mé sciobtha. Bainim córas seo an ama seachas córas an fhaid cuid den bhrú a chuirim orm féin agus mé amuigh ag rith.

Le cúnamh Dé, bainfidh mé na spriocanna ar fad amach an tseachtain seo.

Is féidir airgead a dheonú do Chumann Ailse na hÉireann anseo

Níos mó