Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘never-have-so-few-done-so-much-damage-to-so-many’-– -an-coimisineir-eorpach-phil-hogan-i-mbun-ionsaithe-ar-boris-johnson

‘Never have so few done so much damage to so many’ –  An Coimisinéir Eorpach Phil Hogan i mbun ionsaithe ar Boris Johnson

| Tuairisc.ie |

Príomh-Aire ‘neamhthofa’ é Boris Johnson atá ag ‘dul sa seans’ leis an bpróiseas síochána, dar leis an gCoimisinéir Eorpach, Phil Hogan, in óráid a thug sé inniu ag ócáid i gcontae Lú.

In ionsaí fíochmhar ar Phríomh-Aire na Breataine dúirt ionadaí na hÉireann sa Choimisiún Eorpach gur Príomh-Aire a bhí ‘tofa go daonlathach’ a d’aontaigh go mbeadh an cúlstop ina chuid den mhargadh imeachta. Mheabhraigh sé freisin gur vótáil Boris Johnson ar son an chomhaontaithe maidir le haistarraingt na Breataine ón Aontas Eorpach i bParlaimint Westminster agus go raibh an cúlstop mar chuid den chonradh sin.

Dúirt an Coimisinéir Hogan go raibh ‘atmaisféar bréan’ á chothú ag an bhagairt faoi Bhreatimeacht crua agus go mbeadh ‘drochthionchar’ aige sin ar na seansanna go ndéanfaí margadh trádála idir an Bhreatain agus an tAontas Eorpach amach anseo.

Chuir Phil Hogan i leith an Phríomh-Aire Johnson go raibh leas a pháirtí féin i bpolaitíocht na Breataine á chur chun cinn aige seachas leas na tíre sin. Mhaígh sé go raibh ‘scothfhoireann’ d’airí Rialtais a bhí ar son an Bhreatimeachta roghnaithe ag an bPríomh-Aire mar bhaill dá chomhaireacht agus dúirt gurbh iad pobal na Ríochta Aontaithe féin is mó a beadh thíos le Breatimeacht chrua.

Dhearbhaigh Phil Hogan nach ngéillfeadh an Eoraip don bhrú ó Rialtas na Breataine go gcuirfí ar ceal an cúlstop, atá mar chuid den chomhaontú maidir le haistarraingt na Breataine ón Aontas, má tá Breatimeacht crua le seachaint.  Dúirt an Coimisinéir, a bhí ina Aire Sinsearach i rialtas Enda Kenny sular ceapadh é mar Choimisinéir Talmhaíochta an Aontais Eorpaigh, nach raibh aon mhalairt ar an gcúlstop molta ag an bPríomh-Aire Johnson ina litir chuig an Aontas Eorpach Luan na seachtaine seo.

“Caithfidh an Bhreatain freagracht a ghlacadh as na roghanna atá le déanamh aici sula mbeidh sé ró-mhall,” a dúirt sé.

Dúirt Hogan gurbh é Winston Churchill a bhí mar laoch ag Boris Johnson agus gur cosúil gur mheas an Príomh-Aire reatha gur leagan nua-aimseartha a bhí ann féin de cheannaire cáiliúil na Breataine le linn an dara cogadh domhanda.  Agus é ag tagairt don Bhreatimeacht, chuir an Coimisinéir Phil Hogan casadh i ráiteas de chuid Churchill nuair a dúirt sé, ‘never have so few done so much damage to so many’.

Dúirt sé freisin gur ‘drochpholaitíocht’ a bhí ann dul sa seans leis an tsíocháin agus le Comhaontú Aoine an Chéasta. Mhaígh sé go raibh Boris Johnson i mbun stocaireachta do thoghchán ó bhí mí Iúil ann agus gur fhág sin ‘drochbhunús’ lena chuid idirbheartaíochta leis an Eoraip.

Bhí Phil Hogan ag caint ag Scoil Samhraidh Thomas D’Arcy McGee i gCairlinn, i gcontae Lú inniu.

Níos mó