Home
Age Groups
Age Group > 4
Irish Names
Playgroups
Using Irish with your Children
Raising Children with Irish Outside the Gaeltacht
Raising Children through Irish in the Gaeltacht
Support, Services & Facilities
Age Group 4 > 12
All-Irish Primary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Support, Services & Facilities
Benefits of All-Irish Education
Age Group 12 > 18
All-Irish Secondary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Using Your Irish Name
Benefits of All-Irish Education
Support, Services & Facilities
Age Group 18 > 22
Irish Societies & Student Unions
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third Level Courses
Festivals
Support, Services & Facilities
Age Group 22+
Careers With Irish
Classes for Adults
Get Involved
Conversation Circles
Festivals
Support, Services & Facilities
Speaking to Your Grandchildren
Community
Conversation Circles
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Sloinne
5 Tips
Organisations
Festivals
Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
Irish Language Books
Learn
Learn Irish
Playgroups
All-Irish Secondary Schools
All-Irish Primary Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Benefits
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Working With Irish
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs (Ireland)
Jobs
Irish Language Careers Booklet
Jobs
  • Home
  • Life
  • Torthaí na hArdteiste : cuimhní agus comhairle
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-torthai-na-hardteiste-:-cuimhni-agus-comhairle

Torthaí na hArdteiste : cuimhní agus comhairle

An gcuimhin libh Robert ó Chill Channaigh? Ba léir nár chuir an Ardteist an iomarca stró nó brú ar an bhfear bocht (ní amhlaidh an scéal lena mháthair). Bhí Ciara (cailín eile suas an bóthar) ag fáil grinds don Ghaeilge (agus do bhí ag éirí go geal léi) agus ba chosúil go bhfaighidh sí 40% sa scrúdú cainte. 

Déarfainn, áfach, go raibh i bhfad níos mó brú uirthi, curtha aici féin agus ag a muintir. Is deacair a dhéanamh amach cé acu ba chirte — an duine gur chuma sa tsioc leis faoi scrúduithe, torthaí, páipéir bhána agus cúrsaí cruinnis, nó an duine a chaith uaireanta sa thráthnóna ag tabhairt faoi iar-scrúduithe agus ag éisteacht le podchraoltaí i dteangacha iasachta le cleachtadh a fháil ar fhuaim, comhréir agus rithim na teangan?

Is cuimhin liom go maith an lá a fuair mé féin torthaí na hArdteiste — bhí mé sásta, agus mhothaigh mé gur bhain mé san fhómhar, tar éis cur san earrach. Ní hionann an scéal do gach duine áfach. 

Bhí cailín deas, cairdiúil i mo rang scoile. Rinne sí staidéar go dícheallach ar feadh na mblianta. Ba chosúil go raibh sí ullamh. Le linn an chéid scrúdaithe Ardteiste, áfach, chonaic mé í os mo chomhair ag léamh tríd an leabhrán. Dhún sí a cóipleabhar, chaith sí uaithi an peann, agus chuir sí a ceann ar an deasc. 

I lár an lae, d’imigh sí ón ionad scrúduithe agus níor tháinig sí ar ais. Ar lá na dtorthaí, ní fhaca mé í ag teacht isteach ag an scoil, ag tabhairt barróige don mhúinteoir iontach sin. Ní fhaca mé ó shin í, ach smaoiním uirthi nuair a bhíonn caint ar an Ardteist sna meáin. Thaispeáin sí domsa nach bhfuil an Ardteist cothrom — go bhfuil sí cruálach, ar bhealach. 

Scríobh Megan Nolan, iriseoir Éireannach atá ag cur fúithi i London, alt iontach ar The Guardian an tseachtain seo caite, inar chuir sí síos ar an díomá pearsanta a bhí uirthi nuair nár éirigh léi ag an ollscoil, agus nuair a d’éirigh sí aisti ar fad.

Is maith is cuimhin liom an chúlchaint bhorb a chuala muid agus muid san ollscoil, faoi dhuine ar theip orthu sna scrúduithe, faoi dhuine nach raibh ag teacht ar ais, faoi dhuine nár fheill saol na hollscoile dó. Agus mé níos sine, ceistím ár n-aineolas. Cén chaoi go bhféadfadh muid an oiread sin luacha a chur ar “éirim” duine, de réir critéir áirithe? 

Is dóigh liom go bhfuil muid, de réir a chéile, ag teacht ar an tuiscint nach é torthaí maithe scrúduithe an rud is tábhachtaí ar domhan. Creid uaimse é gur tábhachtaí scileanna cumarsáide maithe, tuiscint dhaonna, fáilte roimh smaointe nua agus béasaí. 

Féach ar an domhan mórthimpeall orainn — an gcinntíonn céim mhaith duine maith? Tá céim ó Oxford ag Boris Johnston (2.2, agus é ar fheachtas pearsanta díoltas a bhaint as an marc “íseal” sin ó shin) agus d’éirigh leis Príomh-Aireacht na Breataine a bhaint amach.

Mar sin féin, bhunaigh sé a ghairm iriseoireachta agus polaitíochta ar bhréagacha áiféiseacha. Bhain Donald Trump céim amach in Wharton University, ach is léir óna ráitis poiblí, a scríobhtar le nimh sa Tweet, go bhfuil ciníochas go smior ann. 

Is minic a chastar daoine orm a bhain céim amach san ollscoil ach a fhéachann air mar ardú stádais, seachas dul chun cinn pearsanta a rinne siad le taitneamh agus tairbhe a bhaint as an saol. 

Dá n-iarrfaí orm comhairle a chur ar lucht na hArdteiste a fuair a dtorthaí inniu, déarfainn leo gur cheart a mbealach féin a dhéanamh sa saol — roghnaigh an cúrsa a thaitníonn leat, ní le do thuismitheoirí. Déan iarracht cairde nua a dhéanamh a bhfuil taithí agus cúlra éagsúil acu — más deacair na daoine sin a aimsiú i do thimpeallacht, athraigh an timpeallacht. Bí páirteach i ngluaiseacht nó i bhfeachtas a gcreideann tú ann. Foghlaim teanga nó cultúr nua. Téigh ag taisteal. 

Ag deireadh do shaoil, ní chuimhneoidh daoine ar an méid pointí a fuair tú san Ardteist. Smaoineoidh siad ar an rud deas a rinne tú dóibh, ar an gcabhair a thug tú, ar an bpaisean a léirigh tú. Bíodh sin i d’intinn agat agus tú ag tabhairt faoin saol mór tar éis na hArdteiste. 

Níos mó

Sign up for the PEIG newsletter

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge