Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-tuairisc-o-phairc-an-chrocaigh:-sheedy-ag-ceiliuradh-aris-agus-stanail-tugtha-ag-tiobraid-arann-do-na-cait

TUAIRISC Ó PHÁIRC AN CHRÓCAIGH: Sheedy ag ceiliúradh arís agus stánáil tugtha ag Tiobraid Árann do na Cait

Tiobraid Árann 3-24 Cill Chainnigh 0-20

Naoi mbliana tar éis dó cluiche ceannais na hÉireann a bhuachan i gcoinne Chill Chainnigh, tá Liam Sheedy ag ceiliúradh bua eile ar na Cait agus an stánáil tugtha ag Tiobraid Árann d’fhoireann Brian Cody i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna.

Theip ar Thiobraid Árann teacht amach as craobh na Mumhan anuraidh ach tá rudaí curtha ina gceart ag Sheedy ó d’fhill sé mar bhainisteoir ag tús na bliana. Bhí Tiobraid Árann níos fearr na a gcéilí comhraic fud fad na páirce tráthnóna agus farasbarr ceithre phointe dhéag acu ar deireadh, 3-25 in aghaidh 0-20.

Tharla eachtraí cinniúnacha an chluiche ceannais sa tréimhse 20 nóiméad roimh agus i ndiaidh leath ama. Agus 20 nóiméad imeartha, bhí Cill Chainnigh cúig phointe chun tosaigh, 0-8 in aghaidh 0-3, agus lucht tacaíochta Thiobraid Árann fós ag fanacht go n-dúiseodh a bhfhoireann. Faoin am go raibh sé nóiméad imeartha sa dara leath, bhí na Tiobradaid Árannaigh i3-12 in aghaidh 0-13 chun tosaigh agus na Cait nach mór curtha de dhroim seoil acu.

Tháinig an chéad phaiste imeartha cinniúnach tar éis 25 nóiméad. Rinne Pádraic Maher, a bhí ar fheabhas le linn na tréimhse sin an-ghabháil san aer ó phoc amach Chill Chainnigh. Seachadadh an sliotar i dtreo Niall O’Meara ar thaobh chlé na páirce, scinn an leatosaí isteach agus bhuail sé an sliotar isteach i gcúinne na heangaí chun na foirne a chur ar comhscór, 1-5 in aghaidh 0-8.

John O’Dwyer agus an tríú cúl á scóráil aige do Thiobraid Árann ©INPHO/James Crombie

Chuaigh Tiobraid Árann chun tosaigh go luath ina dhiaidh sin nuair a d’aimsigh Jason Forde buille ‘65 agus bhí siad fós pointe chun cinn, 1-8 in aghaidh 0-10 nuair a tharla móreachtra agus mórchonspóid an chluiche.

Bhí seilbh an tsliotair ag Cathal Barrett ar an taobhlíne ar thaobh Ardáin Uí Ógáin, tháinig Richie Hogan isteach chun gualainn a thabhairt dó ach bhuail fear Chill Chainnigh faoi cheann Barrett agus tar éis píosa cainte a dhéanamh lena mhaor taobhlíne, chinn an réiteoir cárta dearg a thaispeáint do Hogan.

Bhain an cárta dearg stangadh as Cill Chainnigh agus faoin am gur tháinig siad chucu féin arís, má tháinig ar chor ar bith, bhí an seans a bhí acu an cluiche a bhuachan imithe

Bhí Tiobraid Árann fós cúilín chun tosaigh ag leath ama, 1-9 in aghaidh 0-11, agus cé gur chuir TJ Reid na foirne ar comhscór arís luath sa dara leath, d’aimsigh na Muimhnigh 2-3 sa sé nóiméad i ndiaidh i ndiaidh an tsosa chun ceannas iomlán a thógáil ar an gcoimhlint.

Richie Hogan á chur den pháirc ag James Owens  ©INPHO/Ryan Byrne

Bhain Séamus Callanan píosa staire amach tar éis 36 nóiméad nuair a scóráil sé an dara chúl den chluiche. Thit an liathróid ina threo tar éis do John McGrath í a chailleadh agus chuir Callanan isteach san eangach í, Ba é an t-ochtú cúl i gcraobh na bliana seo aige, ceann i ngach chluiche.

Ba é Callanan a chruthaigh an tríú cúl tar éis 41 nóiméad, agus ba é seo buille maraithe na gCat. Phioc an lántosach an liathróid suas sa chúinne agus cé nár bhreathnaigh sé go raibh mórán roghanna aige, sheol sé pas iontach go John O’Dwyer i mbéal an agus chuir ‘Bubbles’ críoch shlachtmhar leis an ngluaiseacht.

D’fhág an scór sin go raibh cúil ag teastáil ó Chill Chainnigh chun go mbeadh seans acu teacht ar ais ach ach theip orthu. Bhuail na Cait pas i ndiaidh pas isteach i dtreo TJ Reid agus Colin Fennelly sa líne lántosach ach bhí fear sa bhreis ag Tiobraid Árann thiar ann agus bhí Ronan Maher agus Barry Heffernan, a bhí ar fheabhas beirt, in ann an liathróid a ghlanadh amach arís agus arís eile.

Bhí gaisce déanta ag Cody an fhoireann a thabhairt chomh fada seo ach léiríodh go soiléir na laigí atá acu i bPáirc an Chrócaigh inniu. Taobh amuigh de TJ Reid, ba é John Donnelly, duine de chúigear a bhí ag tosú i gcluiche ceannais na hÉireann, an t-aon fhear a sheas an fód do Chill Chainnigh sa dara leath.

D’fhéadfadh gur scéal difriúil a bheadh ann mura mbeadh Hogan curtha den pháirc ach ní bheidh freagra na ceiste sin go deo againn agus is cinnte nach mbeidh sí ag déanamh tinnis d’imreoirí ná do lucht tacaíochta Thiobraid Árann agus Corn Mhic Chárthaigh tugtha leo acu den 28ú huair.

Cill Chainnigh: E. Murphy; P. Murphy, H. Lawlor, J. Holden; C. Fogarty, P. Walsh (0-1), P. Deegan; C. Browne, C. Buckley; J. Donnelly (0-3), TJ Reid (0-11, 10 bpoc saor), W. Walsh (0-1);  A. Mullen, C. Fennelly (0-1), R. Hogan (0-1). Fir Ionaid: B. Ryan in áit Richie Hogan (16-18 nóim), B. Ryan (0-2) in áit A. Mullen (39 nóim), R. Leahy in áit C. Buckley (47 nóim), J. Maher in áit C. Browne (53 nóim), C. Delaney in áit J. Holden (58 nóim),

Tiobraid Árann: B. Hogan; C. Barrett, B. Heffernan, R. Maher; B. Maher, P. Maher, S. Kennedy (0-2); N. McGrath (0-1), M. Breen (0-1); D. McCormack, J. O’Dwyer (1-3, 1 phoc saor), N. O’Meara (1-0); J. Forde (0-7, 4 phoc saor, 2 ‘65), S. Callanan (1-2, 1 phoc saor), J. McGrath (0-3) Fir Ionaid: M. Kehoe (0-1) in áit N. O’Meara (51 nóim), W. Connors (0-2) in áit D. McCormack (56 nóim), J. Morris (0-1) in áit J. Forde (60 nóim), S. O’Brien in áit C. Barrett (60 nóim), G. Browne (0-1) in áit M. Breen (63 nóim), J. Barry in áit P. Maher (66-67 nóim)

Réiteoir: James Owens

Níos mó