Home
Age Groups
Age Group > 4
Irish Names
Playgroups
Using Irish with your Children
Raising Children with Irish Outside the Gaeltacht
Raising Children through Irish in the Gaeltacht
Support, Services & Facilities
Age Group 4 > 12
All-Irish Primary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Support, Services & Facilities
Benefits of All-Irish Education
Age Group 12 > 18
All-Irish Secondary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Using Your Irish Name
Benefits of All-Irish Education
Support, Services & Facilities
Age Group 18 > 22
Irish Societies & Student Unions
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third Level Courses
Festivals
Support, Services & Facilities
Age Group 22+
Careers With Irish
Classes for Adults
Get Involved
Conversation Circles
Festivals
Support, Services & Facilities
Speaking to Your Grandchildren
Community
Conversation Circles
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Sloinne
5 Tips
Organisations
Festivals
Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
Irish Language Books
Learn
Learn Irish
Playgroups
All-Irish Secondary Schools
All-Irish Primary Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Benefits
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Working With Irish
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs (Ireland)
Jobs
Irish Language Careers Booklet
Jobs
  • Home
  • Teanga
  • Veni, vidi, didici – cúrsa Laidine ar fáil ar Duolingo
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-veni,-vidi,-didici-–-cursa-laidine-ar-fail-ar-duolingo

Veni, vidi, didici – cúrsa Laidine ar fáil ar Duolingo

Tá Duolingo ar cheann de na haipeanna foghlama teanga is mó rath ar domhan agus bítear de shíor ag cur le líon na dteangacha is féidir a fhoghlaim air. Níos luaithe i mbliana d’éirigh le feachtas a chuir Gaeil na hAlban ar bun a dteanga féin a chur ar Duolingo agus an tseachtain seo d’éirigh le feachtas eile teanga nua a chur leis — an Laidin. 

Cé gur teanga mharbh í an Laidin ní teanga dhíofa í, agus tá pobal cainteoirí aici ar fud an domhain. Ar ndóigh, is í teanga oifigiúil na hEaglaise Caitlicí i gcónaí í, agus príomhtheanga oifigiúil na Cathrach Naofa. 

Anuas air sin, d’eascair go leor teangacha rómánsacha as an Laidin agus bhí tionchar aici ar theangacha eile ar fud na hEorpa agus an domhain mhóir. Gheobhaidh an té a thabharfaidh leis an Laidin léargas ar bhunstruchtúr na dteangacha sin agus maítear go mbíonn teangacha ar nós na Spáinnise agus na Fraincise níos éasca le foghlaim nuair a bhíonn an Laidin ag duine. 

Tá an Laidin in úsáid go fóill san eolaíocht agus ainmhithe agus plándaí á n-ainmniú agus tá go leor foinsí stairiúla ón Eoraip scríofa sa Laidin — Leabhar Cheannanais ina measc.

Tráth dá raibh b’ábhar éigeantach scoile í an Laidin i gcóras scolaíochta na Breataine agus tairgead an t-ábhar do go leor daltaí in Éirinn ó bunaíodh an Saorstát, cé nach raibh sí riamh ina hábhar éigeantach sa tír sin. Is annamh a dhéantar staidéar ar an Laidin mar ábhar aisti féin in Éirinn anois, cé go ndéantar roinnt staidéir uirthi mar chuid den chúrsa sa Léann Clasaiceach don Ardteist. 

Is leagan beta den chúrsa Laidine atá ar fáil faoi láthair, mar is iondúil i gcás na dteangacha a chuirtear ar fáil ar Duolingo. Beidh deis ag foghlaimeoirí agus scoláirí Laidine moltaí chun feabhais a dhéanamh sula n-eiseofar an leagan iomlán sna míonna amach romhainn.

Anois — cá fhad a bheidh sé sula mbeidh cúrsa SeanGhaeilge ar Duolingo? 

Níos mó

Sign up for the PEIG newsletter

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge