Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities

Bianna sláintiúla difriúla le do réim bia a athnuachan

| PEIG |

Stór Focal:  Snáithín cothaitheach –  dietary fibre, Saill – fat, Frithocsaídeoirí – antioxidant, Baictéir phutóige – gut bacteria, Galaithe – steamed, Mias tionlacain – side dish, Athlasadh – inflammation, Cothaithigh – nutrients, Sárbhia – superfood, Pónairí soighe coipthe – fermented soybeans

Tá pónairí dúsúileacha ar fáil go forleathan i siopaí na tíre agus is bia iad atá le moladh go mór maidir lena maitheas dár sláinte. Is féidir iad a úsáid i stobhaigh nó anraithí nó fiú mar mhias tionlacain le do chuid béilte. Is ón Afraic Thiar a thagann pónairí dúsúileacha ó dhúchas ach sa lá atá inniu ann baintear úsáid astu i gcócaireacht ar fud fad an domhain. Deirtear go laghdaíonn pónairí dúsúileacha riosca diaibéitis agus athlasta agus iad á n-ithe go leanúnach mar chuid de do réim bia agus aithnítear go gcuireann siad feabhas ar bhrú fola freisin.

Feictear ar na pónairí seo mar fhoinse próitéine agus mar ghlasra chomh maith agus is bia iad tá lán le vitimíní agus mianraí tábhachtacha. Caith isteach sa chiseán siopadóireachta inniu iad! Foghlaim tuilleadh faoi phónairí dúsúileacha anseo.

Is ón Meánoirthear a thagann síolta lín agus tá siad lán le maitheas agus cothaithigh. Deirtear gur féidir le síolta lín cabhrú le díleá bia, laghdú a dhéanamh ar riosca galar croí agus roinnt rudaí maithe eile. Deirtear go bhfuil siad go maith más ag iarraidh meáchan a chailleadh atá tú chomh maith.

Is minic go ndíoltar síolta lín meilte sna siopaí agus san fhoirm seo is féidir iad a úsáid sna béilí éagsúla a dhéanann tú. Tá teacht orthu sna hollmhargaí náisiúnta ar fad timpeall na tíre. Bain triail astu – déanfaidh siad maitheas duit! Léigh tuilleadh faoi shíolta lín anseo.

Deirtear go dtagann bliosáin as réigiún na Meánmhara, go háirithe ón tSicil agus ón Túinéis. Is beag saille atá sa bia uathúil seo agus tá sé lán le snáithín agus vitimíní: vitimín C, vitimín K, fosfar agus maignéisiam ina measc. Is iad bliosáin ceann de na foinsí is fearr ó thaobh soláthar frithocsaídeoirí de chomh maith de réir dealraimh.

Molann muid go mór bliosáin a chur san áireamh mar chuid de do réim bia. Is féidir galú, róstadh nó gríoscadh a dhéanamh orthu agus is rogha an-bhlasta iad le cur ar bharr píotsa. Cuir spíosraí ar do bhliosáin le blas breise a chur orthu. Foghlaim tuilleadh faoi bhliosáin anseo.

Is bia traidisiúnta de chuid na hIndinéise é teimpé a dhéantar le pónairí soighe coipthe. Tar éis an an choipthe brúitear le chéile iad ar mhaithe le cáca nó bloc dlúth a chruthú. Is bia ilúsáide é teimpé gur féidir galú, sótáil nó bácáil agus is minic go ndéantar maranáidiú air chun blas níos beoga a chur air.

Is bia lán go béal le cothaithigh é teimpé atá sa mhúnla céanna le tofu – sin le rá go raibh sé lán le próitéin agus inúsáidte in ionad feola. Deirtear go bhfuil blas beag cnónna ó theimpé; beidh ort triail a bhaint as le do léirmheas féin a dhéanamh air! Is féidir teacht ar theimpé i bhformhór na siopaí bianna sláinte sa tír agus i siopaí oirthearacha eile timpeall na háite. Foghlaim tuilleadh faoi theimpé anseo.

Is bia ilúsáide iad lintilí agus tá cáil orthu ar bhonn idirnáisiúnta mar gheall ar a chuid buanna sláinte. Tá réimse leathan cineál lintilí ann ach is iad donn, glas, buí agus dearg na cineálacha is coitianta. Tá siad lan le vitimín B, maignéisiam, sinc, agus potaisiam agus is féidir iad a ullmhú go gasta – laistigh de 20 nóiméad de ghnáth.

Deirtear gur ionadach feola iontach iad lintilí mar gheall ar an méid prótéine atá iontu (suas go 25% den bhia ar fad) agus is foinse mhaith iarainn iad freisin. Anuas air sin tá lintilí lán le snáithín a dhéanann an-mhaitheas do na baictéir phutóige sa chorp. Foghlaim tuilleadh faoi lintilí anseo.

Tagann síolta chia ó Mheiriceá Láir agus tá cáil orthu anois mar cheann de na ‘sárbhianna’ atá ar fáil go forleathan ar domhan. Dar le roinnt is iad síolta chia ceann de na bianna is cothaithí atá ann, agus sin an fáth go bhfuil siad ar an liosta seo.

Tá síolta chia lán le snáithín agus óimige 3 agus faightear próitéin ar ardchaighdeán iontu chomh maith. Is féidir iad a cheannach sna hollmhargaí móra ar fad agus i siopaí bianna sláinte chomh maith. Molann muid síolta chia a chaitheamh isteach i do chuid béilí agus toisc nach bhfuil mórán blais orthu téann siad go maith le cibé bia atá á ullmhú agat. Foghlaim tuilleadh faoi shíolta chia anseo.


Ní gá a bheith buartha faoi na bianna sláintiúla difriúla seo. Is féidir a bheith cruthaitheach agus tú á n-úsáid agus do réim bia a athnuachan nuair is féidir leat. Tá na mílte cineál bia folláin amuigh ansin. Déan do chuid taighde féin agus tiocfaidh tú ar na cinn a bhfuil an méid is mó dúile agat iontu!

Léigh tuilleadh ábhar ó PEIG.ie anseo