Cuirfear tríd parlaimint Westminster roimh an deireadh seachtaine an bille chun cosc a chur ar an mBreatimeacht gan mhargadh.
Thángthas ar réiteach i dTeach na dTiarnaí aréir a fhágann go gcuirfear an bille tríd ansin tráthnóna amárach.
Meastar go mbeidh vóta eile faoi ansin sa pharlaimint Dé Luain.
Theip aréir ar iarracht Phríomh-Aire na Breataine Boris Johnson tacaíocht a fháil d’olltoghchán tobann ar an 15 Deireadh Fómhair.
Tá Johnson ag maíomh i gcónaí go bhfuil sé suite de go bhfágfar an AE ar an 31 Deireadh Fómhair bíodh margadh ann nó as.
Níor thacaigh Páirtí an Lucht Oibre le Johnson olltoghchán tobann a fhógairt mar nach bhfuil aon iontaoibh acu as agus imní orthu go bhféadfadh sé dáta an olltoghcháin a athrú go dtí dáta éigin tar éis lá an Bhreatimeachta, an 31 Deireadh Fómhair.
Deir ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Jeremy Corbyn nach dtacóidh a pháirtí le héileamh Johnson go mbeadh toghchán ann nó go bhfuil aontú na Banríona faighte ag an mbille chun Breatimeacht gan mhargadh a chosc.
Cuireadh an reachtaíocht faoi bhráid na parlaiminte chun tabhairt ar Johnson síneadh ama leis an mBreatimeacht a lorg ar an AE mura n-éiríonn leis margadh nua a dhéanamh leo.
Tá an freasúra agus easaontóirí i measc na dTóraithe ag tacú leis an reachtaíocht.
De réir an bhille, bheadh go dtí an 19 Deireadh Fómhair ag an bPríomh-Aire margadh Breatimeachta a chur tríd an bparlaimint nó cur ina luí ar fheisirí tacú le Breatimeacht gan mhargadh.
Mura n-éireodh leis ceachtar den dá rud sin a dhéanamh faoin spriocdháta sin, bheadh air síneadh ama a lorg leis an mBreatimeacht go dtí an 31 Eanáir 2020 ar a laghad.
Tá foclaíocht na litreach a chaithfeadh Johnson a scríobh ag iarraidh síneadh ama ina cuid den bhille.
Sa chás go molfadh an tAE dáta eile don síneadh ama bheadh dhá lá ag an bPríomh-Aire le glacadh leis agus is ag na feisirí parlaiminte seachas an rialtas a bheadh an focal deiridh faoin dáta.
Tá sé á áitiú ag Johnson go gcaithfidh an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach a fhágáil ar an 31 Deireadh Fómhair, bíodh margadh déanta nó ná bíodh.
Caithfidh dhá dtrian de na feisirí parlaiminte vótáil ar son olltoghchán a reáchtáil an mhí seo chugainn.