Home
Age Groups
Age Group > 4
Irish Names
Playgroups
Using Irish with your Children
Raising Children with Irish Outside the Gaeltacht
Raising Children through Irish in the Gaeltacht
Support, Services & Facilities
Age Group 4 > 12
All-Irish Primary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Support, Services & Facilities
Benefits of All-Irish Education
Age Group 12 > 18
All-Irish Secondary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Using Your Irish Name
Benefits of All-Irish Education
Support, Services & Facilities
Age Group 18 > 22
Irish Societies & Student Unions
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third Level Courses
Festivals
Support, Services & Facilities
Age Group 22+
Careers With Irish
Classes for Adults
Get Involved
Conversation Circles
Festivals
Support, Services & Facilities
Speaking to Your Grandchildren
Community
Conversation Circles
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Sloinne
5 Tips
Organisations
Festivals
Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
Irish Language Books
Learn
Learn Irish
Playgroups
All-Irish Secondary Schools
All-Irish Primary Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Benefits
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Working With Irish
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs (Ireland)
Jobs
Irish Language Careers Booklet
Jobs
  • Home
  • Gaeltacht
  • An dul chun cinn i dtaobh seirbhísí bus na Ceathrún Rua ‘ag tarlú ag luas seilide’
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-an-dul-chun-cinn-i-dtaobh-seirbhisi-bus-na-ceathrun-rua-‘ag-tarlu-ag-luas-seilide’

An dul chun cinn i dtaobh seirbhísí bus na Ceathrún Rua ‘ag tarlú ag luas seilide’

Údar mór díomá í “an mhoill” le soláthar na seirbhísí bus breise atá geallta idir Gaillimh agus an Cheathrú Rua agus Leitir Mealláin, dar leis an iar-aire Gaeltachta, Éamon Ó Cuív.

“Tá téarma amháin eile tosaithe sna coláistí tríú leibhéal agus tá na hoibrithe ar fad ag dul ar ais ag obair tar éis saoire an tsamhraidh agus fós tá muintir dheisceart Chonamara ag brath ar bhus amháin ag a 6.00pm tráthnóna siar ó Chnoc na Cathrach. 

“Tá dul chun cinn déanta leis an gcás ach tá sé sin déanta ag luas seilide.  Tar éis os cionn bliana d’aontaigh an tÚdarás Náisiúnta Iompair clár nua ama le Bus Éireann agus tuigim anois go bhfuil na socruithe maidir le hacmhainní daonna a ndéanamh anois.”

Dúirt Ó Cuív go “gcoinneodh” sé air “ag brú na ceiste seo”. 

“Tá roinnt nithe eile ardaithe liom maidir leis an tseirbhís seo.  Ar an gcéad dul síos ní thagann an chéad bhus go Gaillimh ar maidin in am do dhaoine atá ag dul chuig léachtaí luatha i GMIT agus freisin níl na seirbhísí díreacha ó GMIT agus go GMIT le bheith ann níos mó.”

Dúirt Ó Cuív freisin gur “scannal” iad na táillí bus a ghearrtar ar an tseirbhís seo agus ar sheirbhísí tuaithe eile ar fud na tíre.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil go raibh glactha ag an gcomhchoiste Oireachtais a bhíonn ag plé le gnóthaí tuaithe lena iarratas go scrúdófaí an cheist seo san fhómhar.

Níos mó

tuairisc.ie

Sign up for the PEIG newsletter

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge