Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-bla-bla-bla…agus-ceithre-imeacht-eile

Blá Blá Blá…agus ceithre imeacht eile

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Blá, Blá Blá, Drop Dead Twice, Sráid San Proinsias, BÁC 13, 14, 15 Meán Fómhair @ 19:00

Tá borradh faoin bhfuirseoir Bláithín de Búrca agus í tagtha thar n-ais ó Dhún Éideann na hAlban, áit a raibh sí ag tabhairt faoin bhféile cháiliúil Fringe. Is dírithe ar Fringe na hardchathrach atá sí an tseachtain seo, le sraith seónna, ar a dtugann sí Blá, Blá, Blá! Is plé painéil atá i gceist leis na hócáidí seo, ina gcuireann sí ceisteanna ar a réimse leathan aíonna. 

Le cúpla lá anuas, tá sí tar éis a bheith i mbun cainte le hOla Majekodunmi, Phillipa Ryder agus Wren Dennehy, i measc eile. Is í Bainisteoir Cumarsáide agus Feachtas, le Gluaiseacht na hEorpa, Lisa Nic an Bhreithimh a bheidh ar dhuine dá haíonna tráthnóna anocht, mar aon leis an bhfuirseoir Aoife O’Connor agus Carina Fitzpatrick ceoltóir agus taibheoir. ‘Sexuality agus Sex’ an t-ábhar a bheidh faoi chaibidil. Beidh aíonna eile ina teannta gach oíche, as seo go dtí an Domhnach.

Ceiliúradh an Bhlascaoid, Dún Chaoin agus an ceantar máguaird 13-15 Meán Fómhair ’19

 ‘Mícheál Ó Gaoithín: File, Fáidh agus Fear Feasa’  téama Cheiliúradh an Bhlascaoid i mbliana, agus is an deireadh seachtaine seo a bheidh sé ar siúl i nDún Chaoin agus sa cheantar máguaird. Osclófar tráthnóna é, agus cloisfear caint ó Eilís Ní Dhuibhne, faoin teideal ‘Scéaltaí, Scoláire, Draíocht: Micheál Ó Gaoithín agus Bo Almqvist’; Máirín Uí Shé a bheidh ina cathaoirleach ar sin. Chuir Bo, (a bhí pósta le hEilís), aithne ar Mhicheál sna 1950dí, agus is mó nath agus seanfhocal a bhailigh sé uaidh. 

Bronnfar sparánacht an Bhlascaoid i ndiaidh na cainte agus cloisfear ceol ó Tommy Ó Conchubhair chomh maith.

Ar an Satharn beidh Tadhg Ó Dúshláine ag trácht ar Mhícheál Ó Gaoithín  faoi chathaoirleacht Thomáis L. Uí Mhurchú, mar aon le Séamus Barra Ó Súilleabháin, agus Mícheál de Mórdha a bheidh ina chathaoirleach don gcaint sin. Seolfar leabhair agus beidh siúlóid treoraithe ar bun sa tráthnóna chomh maith.

Cloisfear cur síos ar Mhícheál mar ealaíontóir ar an Domhnach ó ealaíontóir eile atá ag cur fúithi sa cheantar le fada, sin í Maria Simonds-Gooding, sula gcuirfidh Pádraig Firtéar, Cathaoirleacht na Fondúireachta, clabhsúr le himeachtaí.

Caoimhín Ó Raghallaigh agus Thomas Bartlett, Coirm mar chuid d’imeachtaí Sounds from a Safe Harbour, St. Luke’s Corcaigh, Dé Sathairn 14 Meán Fómhair @ 20:00

Inniu an lá go hoifigiúil go bhfuil fáil ar albam Chaoimhín Uí Raghallaigh agus Thomas Bartlett. Tá cúpla traic cloiste againn go dtí seo ón mbeirt bhall seo don mbanna The Gloaming, ach fáil inniu air, ina iomláine! Is mé atá ag tnúth le héisteacht leis!

 Beidh siad le clos Dé Sathairn ag an bhFéile, Sounds from a Safe Harbour, a bhíonn ar siúl gach re bliain i gCorcaigh. St. Luke’s an t-ionad, agus is ann a bheidh siad, óna 20.00, osclófar na doirse timpeall 19:30.

Seisiún traidisiúnta ceoil, Áras na nGael, Sráid Dhoiminic, Gaillimh Dé Sathairn 14 Meán Fómhair @ 21:00

Bhíos sa Ghaillimh le déanaí, cathair aoibhinn – daoine deasa, cultúr, spraoi – cad eile a bheadh uait? Bhuel, más suim leat ceol traidisiúnta, is fiú a bheith ar an eolas go mbíonn seisiún traidisiúnta ceoil ar bun i gClub Áras na nGael, ar Shráid Dhoiminic gach Satharn. Cuirtear tús leis timpeall 21.00. Buail isteach más sa chomharsanacht a bheidh tú sna seachtainí romhainn!

Céilí, Dánlann Dillon, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste, Dé Domhnaigh 15 Meán Fómhair @ 20:00

Cuiríg oraibh na bróga rince do chéilí i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich! Is í Claire Hughes a bheidh i bhfeighil na hoíche agus í ag tabhairt treoracha do na rannpháirtithe, iad siúd a bhfuil taithí na mblianta acu, agus iad atá ar bheagán taithí! Scoth an cheoil, an chairdis agus an rince atá geallta, bíodh bhur gcosa ag bogadh ón hocht a chlog ar an nDomhnach.  £6.00 an costas, agus suipéar san áireamh!

Níos mó