Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-camchuairt-music-network-agus-ceithre-imeacht-eile

Camchuairt Music Network agus ceithre imeacht eile

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Ag Baint is ag Beathú, Corca Dhuibhne, 6-8 Meán Fómhair

‘Ag Baint is ag Beathú’ an teideal atá ar chúrsa faoi leith a bheidh ar bun an deireadh seachtaine seo i gCorca Dhuibhne. Deis é seo chun nascadh leis an ndúlra agus cur amach níos fearr a fháil atá ar gach a bhfuil inár dtimpeall ó thaobh an nádúir de. Is le cleachtadh ióga a chuirfear tús leis na himeachtaí, agus íosfar bricfeasta sláintiúil orgánach ina dhiaidh sin, le breacadh an lae.

Rachaidh rannpháirtithe an chúrsa ansin i mbun sealgaireachta ar an leithinis agus lena linn sin, gheobhaidh siad cur síos ar fhocail agus téamaí faoi leith, a bhaineann lena bhfuil ina dtimpeall. Taispeánfar duit na luibheanna agus na plandaí gur féidir a ithe agus a bhfuil leigheas iontu. €250 atá ar an gcúrsa agus tá lóistín san áireamh leis an bpraghas sin. Tá rátaí faoi leith do lánúin nó beirt a dhéanann áirithint le chéile, ach gheobhaidh tú na mionsonraí i dtaca leis sin ar fad ar wildirishretreat.com

Bád Shiobhán, Dance Ireland, Sráid Uí Fhoghlú, Dé hAoine, 6 Meán Fómhair @ 18:00

Tá tamall caite ag an rinceoir Siobhán Ní Dhuinnín i mbun oibre agus cóiréagrafaíochta ar shaothar nua, ar a dtugann sí Bád Shiobhán. Is lena hathair, an saor bád Pádraig Ó Duinnín, atá a leithéid forbartha agus cruthaithe aici. Is le linn di a bheith ar thréimhse chónaitheach le Dance Ireland a dhírigh sí air seo, sa stiúideo rince agus lasmuigh de. Beidh a cuid oibre á cur os comhair an phobail inniu aici, i gceanncheathrú Dance Ireland, Sráid Uí Fhoghlú, i mBaile Átha Cliath. Is í an rinceoir agus cóiréagrafaí Mary Nunan a chuirfidh roinnt ceisteanna uirthi, mar gheall air, tar éis an taispeántais.

Síol, oíche airneáin, An Chultúrlann, Béal Feirste, Dé Sathairn, 7 Meán Fómhair @ 20:00

Is í Clara Ní Ghiolla a bheidh i bhfeighil ar ócáid siamsaíochta faoi leith an Satharn seo, sa Chultúrlann i mBéal Feirste. Beidh ceol breá, comhluadar maith agus duaiseanna deasa le buachtaint i rith na hócáide, le crannchur dóibh siúd ar fad a cheannaíonn ticéad ar an oíche. Is seisiún oscailte atá i gceist agus dá bharr cuireadh ag éinne gur mhaith leo amhrán nó scéal a rá, nó fiú cúpla port a sheinnt, amhlaidh a dhéanamh. Tabharfar aon airgead a bhaileofar ar an oíche do na carthanais a bhfuil ceangal ag an imeacht seo leo, cúiseanna maithe iad ar fad. Go n-éirí leo!

An Chéad Turas Rothaíochta Pobail AXA sa Ghaeltacht, an Cheathrú Rua, Dé Domhnaigh, 8 Meán Fómhair ’19 @ 11:00

Is ar an gCeathrú Rua a bheidh turas rothaíochta pobail ar siúl an Domhnach seo. Seo an chéad uair dona leithéid a bheith ar bun sa Ghaeltacht. Is aistir shóisialta rothaíochta do dhaoine fásta atá i gceist, togra de chuid Cycling Ireland i gcomhpháirt le AXA Insurance. Is fútsa, an rothaí, atá sé turas atá ‘éasca’, nó atá ‘dúshlánach’ a roghnú agus tú ag glacadh páirte. Cuirfidh an Ceannaire Rothaíochta treoir ort agus déanfaidh siad deimhneach de go mbeidh pé cosán a roghnóidh tú slán, taitneamhach agus oiriúnach dod’ chumas féin. Buailfidh na rannpháirtithe le chéile ag Halla Éinne timpeall a 11 ar maidin ach is féidir leat, más spéis leat a bheith páirteach, clárú roimhe sin ag axacommunitybikerides.com

Camchuairt Music Network, ionaid éagsúla timpeall na tíre agus in London, 11-23 Meán Fómhair,

Is mó ceoltóir a thugann Music Network le chéile! Tá ceathrar ban nasctha mar chuid de thionscnamh ceoil na bliana seo. Sin iad Nell Ní Chróinín, Tara Breen, Laoise Kelly agus Josephine Marsh. Tabharfaidh na mná misniúla seo faoi chamchuairt timpeall na tíre, agus is ar an gCéadaoin beag seo a chuirfear tús leis. Rachaidh siad go Baile Átha Cliath, an Clár, Corcaigh, Loch Garman, Laois, Ciarraí, Luimneach, Dún na nGall, Sligeach, an Ghaillimh agus fiú London le linn na tréimhse amach romhainn (go deireadh Mheán Fómhair). Tá taifead déanta acu le chéile cheana fhéin agus más mian leat blaiseadh a fháil dá gcuid ceoil agus iad i bhfochair a chéile, tabhair cuairt ar chuntas Soundcloud Music Network, go gcloisfidh sibh ‘Bheadh buachaillín deas ag Síle’.

11 Meán Fómhair: Sugar Club, BÁC;

12 Meán Fómhair: Glór, Inis, Co. an Chláir;

13 Meán Fómhair: Ionad Cultúrtha, Baile Bhuirne;

14 Meán Fómhair: National Opera House, Loch Garman;

15 Meán Fómhair: St. Peter’s Church of Ireland, Port Laoise;

17 Meán Fómhair: St. John’s Theatre, Lios Tuathail, Co. Chiarraí;

18 Meán Fómhair: Belltable, Luimneach;

19 Meán Fómhair: Pavillon, Dún Laoghaire;

20 Meán Fómhair: St. Marylebone Parish, London;

21 Meán Fómhair: Regional Cultural Centre, Leitir Ceanainn;

22 Meán Fómhair: Hawk’s Well Theatre, Sligeach;

23 Meán Fómhair: Station House Theatre, An Clochán, Gaillimh.

Níos mó