Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-cuig-leide-leis-an-gcuid-is-mo-a-bhaint-as-an-ollscoil

Cúig leide leis an gcuid is mó a bhaint as an ollscoil

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Tá na torthaí faighte. Tá cúrsaí roghnaithe. Más duine thú a bhfuil an t-ádh ort spás a fháil ar chúrsa ollscoile a bhfuil tú ar bís faoi, is am athbheochana é. Seans le toiseacht go húrnua i do shaol féin. Faraor, tá cuid mhór brú ag baint leis fosta. Idir chúrsaí airgeadais agus tithíochta, is féidir leis an bhrú sin a bheith ollmhór, agus is féidir mothú nach bhfuil tú ag déanamh na gcinntí cearta agus ag cur barraíocht brú ort féin. 

Ceist a chuir mé féin i mo chéad bhliain ar an ollscoil go minic ná “cad chuige nach bhfuil mé ar mhuin na muice nuair a dúirt achan duine eile go mbainfinn sult as?” Ach d’fhoghlaim mé cúpla rud agus mé i mbun oideachas tríú leibhéal, fúm féin den chuid is mó ach is dócha go ndearna mé go breá sa seomra ranga fosta. Tá mé anseo inniu le cúpla leide a thabhairt d’aon duine atá ag toiseacht caibidil úr sa saol. Mar sin, den uair dheireanach, léigh anois go cúramach na treoracha agus na leideanna a ghabhann le cuid …a trí, de d’oideachas. 

1. Ní chaithfidh tú a bheith ar bís i rith an ama

I ndáiríre. Tá athrú mór ann, agus thig leis a bheith scanrúil. Ní chaithfidh tú a bheith ag baint sult as achan bhomaite de achan lá, níl sé inbhuanaithe agus níl sé nádúrtha a bheith sásta 24 uair an chloig achan lá den tseachtain. Tóg go bog é, tabhair aire duit féin, agus ná bí ag cur barraíocht brú ort féin. Mar sin féin, beidh ort iarracht bheag a dhéanamh thú féin a chur in aithne do dhaoine agus a bheith oscailte do rudaí úra, níor tharla aon rud ró-spreagúil sa comfort zone riamh. 

2. Ná cuir do thaithí féin i gcomparáid le taithí do chairde

In ainm an diabhail, ná suigh ag stánadh ar scéalta Insta do chairde ón scoil atá i nGaillimh/Baile Átha Cliath/Béal Feirste ag meas go bhfuil am níos fearr acu ná mar atá agatsa, nó go bhfuil siad amuigh níos minice, nó go bhfuil níos mó cairde acu, srl. Níl sé maith ag do mheabhairshláinte thú féin a chur i gcomparáid le haon duine, lánstad. Ní fheiceann tú ach na buaicphointí de shaol achan duine eile. Seo rún mór na chéad bhliana, agus i mo thuairim féin, an tsaoil: síleann achan duine go bhfuil achan duine eile ag déanamh níos fearr ná iad féin. 

An bhfuil tú do mo leanstan? Is glas iad na cnoic i bhfad uainn. Ní fheiceann tú an phóit an lá dár gcionn, ní fheiceann tú an troid a bhíonn ann idir céilí tí, ní fheiceann tú nár ghlan aon duine an chistin le trí seachtaine (fíorscéal, chuaigh mé ar stailc), agus is cinnte an rud é nach bhfeiceann tú go bhfuil daoine eile uaigneach fosta. Tá sé normálta, so cuir síos an fón agus ná smaoinigh faoi. 

3. Bain sult as an saol taobh amuigh den seomra ranga!

Sé an rud is mó a ghoilleann orm faoi m’am ar an ollscoil ná nár chuir mé go leor béime ar chumainn agus ar chairde taobh amuigh de mo chiorcal féin go raibh mé sa tríú bliain, agus faoin am sin bhí mé chomh gnóthach nár bhain mé sult ceart as. Gabh chuig cruinnithe cumainn, an cumann Gaelach, damhsa, DJ, dráma nó fiú sorcas. Déan iarracht dul chucu, ach ná caith airgead ag déanamh iarratais ar 20 cumann ar lá mór na gcumann.

Ní rachaidh tú chuig a bhformhór acu, creid anois mé agus sábháil do chuid airgid. Pioc ceann nó dhó a bhfuil suim agat iontu agus gabh chuig achan chruinniú, cuir píosa brú ort féin! Tá an oiread cairde gur féidir a dhéanamh, agus beidh siad mar theaghlach ar shiúl ón bhaile agat. Tá an leide seo ceangailte leis an chéad cheann eile, mar sin…

4. Ná bíodh eagla ort dul chuig rudaí i d’aonar

Níl an ceann seo furasta, admhaím é. Tá sé iontach cairde a bheith leat agus safety net a bheith agat ag na cruinnithe, ach corr-uair cuireann siad bac ort. Má théann tú ag rudaí leat féin, beidh tú ábalta do phearsantacht féin a ligint fríd, gan a bheith ag smaoineamh an bhfuil duine eile sásta nó ag brath ar a dtuairimí. Tá sé scanrúil a bheith leochaileach leat féin, ach ní bheidh aon duine ag gáire fút. Seans maith go mbeidh daoine eile leo féin agus ag iarraidh cairdeas a chruthú! Bíodh muinín agat asat féin agus má fheiceann tú duine eile ina aonar, abair rud cosúil le “hi, súil agam nach miste leat ach tháinig mé liom féin, dtig liom suí taobh leatsa?” BOOM, you’re in. Cad é an rud is measa a déarfadh siad? No? Sin go breá, níl tú ag iarraidh a bheith cairdiúil le duine drochbhéasach cibé. Bain triail as, seans nach bhfeicfidh tú choíche go deo arís iad. 

5. Cuir ceist má tá cuidiú de dhíth ort

Tá an oiread acmhainní ar fáil duit le tacú leat. Seans go bhfuil mé claonta mar go raibh mé mar oifigeach in aontas na mac léinn, ach is acmhainn ar dóigh é do dhaoine atá ag streachailt nó ag cuardach cuidiú, cé acu le foirmeacha, ceisteanna faoi sheirbhísí an choláiste, comhairle, nó faoi chúrsaí airgeadais agus tithíochta. Ní úsáidtear go leor é mar acmhainn i mo thuairim féin, agus tá sé saor in aisce le húsáid. Coinnigh cuimhne air seo, tá cuidiú ar fáil agus níl tú i d’aonar choíche (ach amháin ag na cruinnithe cumainn, maith thú féin). 

Níos mó