Home
Age Groups
Age Group > 4
Irish Names
Playgroups
Using Irish with your Children
Raising Children with Irish Outside the Gaeltacht
Raising Children through Irish in the Gaeltacht
Support, Services & Facilities
Age Group 4 > 12
All-Irish Primary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Support, Services & Facilities
Benefits of All-Irish Education
Age Group 12 > 18
All-Irish Secondary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Using Your Irish Name
Benefits of All-Irish Education
Support, Services & Facilities
Age Group 18 > 22
Irish Societies & Student Unions
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third Level Courses
Festivals
Support, Services & Facilities
Age Group 22+
Careers With Irish
Classes for Adults
Get Involved
Conversation Circles
Festivals
Support, Services & Facilities
Speaking to Your Grandchildren
Community
Conversation Circles
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Sloinne
5 Tips
Organisations
Festivals
Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
Irish Language Books
Learn
Learn Irish
Playgroups
All-Irish Secondary Schools
All-Irish Primary Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Benefits
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Working With Irish
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs (Ireland)
Jobs
Irish Language Careers Booklet
Jobs
  • Home
  • Teilifís
  • Is léir go bhfuil TG4 ag díriú ar an ‘wow’
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-is-leir-go-bhfuil-tg4-ag-diriu-ar-an-‘wow’

Is léir go bhfuil TG4 ag díriú ar an ‘wow’

“This country is in danger of tipping itself completely into Dublin”

Ráiteas láidir a dúradh le hArdstiúrthóir TG4 Alan Esslemont, a rinne é a athrá le linn a óráidé ag seoladh Sceideal an Fhómhair aréir in Óstán an River Lee i gcathair Chorcaí. Láthair neamhghnách, is dócha, a piocadh mar gheall ar an ráiteas sin. 

“Aithnítear TG4 mar an fórsa is tábhachtaí i bhforbairt na hearnála closamhairc taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath/Cill Mhantáin agus tá áthas orainn go bhfuil Sceideal Fómhair TG4 á sheoladh den chéad uair riamh go náisiúnta as Corcaigh” a dúirt an tArdstiúrthoir aréir.

Is minic a tchímid go gcuirtear imeachtaí agus seoltaí ar siúl san ardchathair nó i gceanncheathrú na meán Gaeilge, cathair na Gaillimhe. Bhí tráchtanna faoi shuíomh an tseolta fite fuaite in achan óráid a tugadh ann, agus fáilte curtha ag Ard-Mhéara Chathair Chorcaí roimh an athrú agus á mholadh. 

Má tá an tír seo i mbaol í féin a dhoirteadh go huile is go iomlán isteach i mBaile Átha Cliath, is í sprioc TG4 an taoide a thiontú, agus béim a chuir ar chomhlachtaí atá lonnaithe in achan chearn den Ghaeltacht agus faoin tuath go ginearálta. 

Bá sin an príomhthéama óráid phaiseanta, iltheangach Esslemont, agus é ag athlua go dtéann 90% de mhaoiniú TG4 i dtreo comhlachtaí mar sin. Tá géarghá le comhtháthú sóisialta idir na ceantracha Gaeltachta, dar leis, agus tá TG4 “lán-sásta” an ról sin a ghlacadh.

Dar leis an stáisiún Gaeilge, is tríd cruthaitheacht agus craoltóireacht den scoth gur féidir athbheochan a dhéanamh ar cheantracha tuaithe, agus tá sé mar dhualgas ar chraoltóir seirbhíse poiblí ar bith an chruthaitheacht sin a chothú agus a mhealladh, le hardán náisiúnta agus idirnáisiúnta a cruthú do chomhlachtaí agus eagraíochtaí beaga.

“There are three responses to a piece of design – yes, no, and WOW! Wow is the one to aim for.” — Milton Glaser

Is é an mana a bhí ag an dearthóir cáiliúl Milton Glaser nó nach bhfuil ach trí fhreagra ann do phíosa deartha: ‘sea’, ‘ní hea’, agus ‘wow!’. Is léir go bhfuil TG4 ag díriú ar an ‘wow!’ le Sceideal an Fhómhair i mbliana. Tá réimse ollmhór de chláracha ar an sceideal amach romhainn, idir chláracha reatha, spórt, pholaitíocht, shiamsaíocht, chláracha faisnéise agus ábhar digiteach. 

Chomh maith leis sin beidh toradh an chéad bhabhta den scéim ‘Cine4’ i gcomhpháirt leis an IFB agus an BAI tosaithe le Finky, fadscannán Gaeilge a taispeánadh den chéad uair ag Fleadh Scannán na Gaillimhe i mbliana. 

Beidh blaiseadh de bhuaicphointí an sceidil le fáil anseo go luath. 

Níos mó

Sign up for the PEIG newsletter

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge