Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-joe-kennedy-iii-ag-dul-i-dtreo-toghchan-seanaid-in-massachusetts

Joe Kennedy III ag dul i dtreo toghchán Seanaid in Massachusetts

| Mairtin O Cathain | ,

Is dóigh go bhfuil na sáiteáin a caitheadh lena uncail beagnach 60 bliain ó shin meabhraithe do Joe Kennedy III faoin tráth seo dá shaol. Ní haon dochar dó an t-eolas sin a bheith aige agus é ag tabhairt leidí go mbeidh sé ag fiach ar shuíochán i Seanad Stáit Aontaithe Mheiriceá an chéad bhliain eile. Amárach a dhéanfaidh sé an fógra oifigiúil.

Meabhraíodh dó sna nuachtáin i mBostún, fiú san Boston Globe, nuachtán a bhfuil cáil an liobrálachais air, nach bhfuil sé de cheart aige a bheith ag fiach ar shuíochán Seanaid ar an gcúis gur Cinnéideach é. Bheadh ar Joe Kennedy III, Seanadóir sóisearach pháirtí na nDaonlathach féin in Massachussets, Ed Markey, a chur as a bhróga i dtosach. Ní fhéadfaidh Joe Kennedy 3 dul san iomaíocht faoi bhratach na nDaonlathach i dtoghchán an tSeanaid in Massachusetts in 2020 mura n-éireoidh leis Markey, Gael-Mheiriceánach eile atá 73 anois, a leagan sna réamhbhabhtaí.

Tá cosúlachtaí idir é seo agus 1962.

Dúradh amach díreach le Ted Kennedy – Edward Moore Kennedy mar a baisteadh air – an uair sin nach raibh tada le maíomh aige ach an cháil a bhí ar a ainm. Bhí sé ina iomaíocht taobh istigh den Pháirtí Daonlathach in Massachusetts agus iarrthóir le roghnú leis an suíochán a bhíodh ag John F. Kennedy a líonadh. Bhí seisean an tráth sin ina Uachtarán san Teach Bán.

“If your name was Edward Moore, your candidacy would be a joke,” a dúirt fear darbh ainm Eddie McCormack as South Boston amach díreach le Ted (Edward Moore) Kennedy i ndíospóireacht teilifíse. Mac dearthár ab ea Eddie McCormack le Cathaoirleach Theach na nIonadaithe in Washington san am sin, John McCormack, agus bhí sé ina Ard-Aighne i Stát Massachusetts. Tá an sáiteán sin a chaith McCormack le Ted Kennedy beo fós i stair na polaitíochta i mBostún.

Ní hiad na focail cheannann chéanna atá á rá amach anois ach tá cuid den bhrí chéanna leo.

Ní hionann an dá chás.

30 bliain d’aois ar éigean a bhí Ted Kennedy i 1962. Seachas a bheith bainteach le feachtais a bheirt deartháireacha, ní raibh aon bhlas le maíomh aige as a chuid oibre don phobal. Tharla sé freisin go raibh sé admhaithe aige gur éirigh leis i scrúdú in Ollscoil Harvard de bharr a chuid caimiléireachta: bhí cóipeáil déanta aige ar fhreagraí. Beag beann air sin uilig, fuair Ted Kennedy a dhá oiread vótaí le McCormack san olltoghchán agus toghadh ina Sheanadóir é.

Ar ndóigh, an ginealas céanna atá go smior i Joe Kennedy III, an fear atá ag cuimhneamh ar chéim eile a ghlacadh. Is garmhac é Joe le hiarArd-Aighne Mheiriceá, Robert Kennedy, a feallmharaíodh in Los Angeles i 1968 agus é ag fiach ar ainmniúchán na nDaonlathach d’Uachtaránacht Mheiriceá. Bhí a athair, Joseph Kennedy 11, ina Fheisire Comhdhála do Mhassachusetts ó 1987 go dtí 1989. Tá Joe Kennedy III é féin ina Fheisire Comhdhála do Mhassachusetts ó 2013. Ar an Seanad – agus níos faide ná sin is dóigh – atá a chompás dírithe anois. Ocht mbliana déag agus fiche atá Joe Kennedy III.

Cé nach bhfuil aon ardstádas ag duine ar bith de na Cinnéidigh i bpolaitíocht Mheiriceá anois, tá aitheantas an-mhór ag an sloinne i gcónaí. Maireann cuid den draíocht a bhain leis an teaghlach agus tá scéal na gCinnéideach i mbéal chuid mhór den phobal fós, idir mhaith agus olc. Tá bás Shaoirse Kennedy-Hill, in aois a dá bhliain is fiche ag áras an teaghlaigh in Cape Cod mí ó shin, á chur anois leis na tragóidí eile a luaitear leis an teaghlach Gael-Mheiriceánach seo.

Ar ndóigh, tá an ciste mór airgid a bhunaigh sin-seanathair Joe Kennedy III (sean-Joseph Kennedy féin) acu go láidir i gcónaí. Ceaptar gur fiú cúpla scór milliún dollar Joe Kennedy III

Ní hé amháin go bhfuil buntáiste aige de bharr airgead a shin-seanathar ar thaobh na gCinnéideach, ach tá airgead ag teacht chuige freisin as uachtaí a shin-sin-seanathair ar an taobh eile, George Skakel. Ba é sin athair Ethel Skakel, bean chéile Robert Kennedy, an t-iarArd-Aighne a feallmharaíodh i 1968. Is é firinne an scéil, ach an oiread le go leor eile de na Cinnéidigh, nach mbeadh aon chall do Joe III aon lá oibre a dhéanamh an chuid eile dá shaol. Is díol spéise gurb í a mháthair mhór Ethel Skakel (bean chéile Bobby Kennedy), atá os cionn 90 bliain d’aois, an t-aon duine atá beo anois a bhí istigh i gcroílár an teaghlaigh sa tréimhse ar a dtugtaí ‘Camelot’ – ré órga na gCinnéideach. Ach thairis sin uilig, tá roinnt mhaith gníomhaíochta déanta ag Joe Kennedy III.

D’oibrigh sé mar ionchúisitheoir go dtí gur toghadh é ina Fheisire Comhdhála in 2013 agus d’oibrigh sé i measc na mbocht i Meiriceá Láir ar feadh cúpla bliain. Is cosúil go bhfuil luí láidir aige lena chúlra Éireannach agus cuireann sé suim in imeachtaí na nÉireannach in Massachusetts.

Ar an ardán náisiúnta, ba é a roghnaigh na Daonlathaigh le freagra a thabhairt ar óráid bhliantúil, nó ‘State of the Union’ an Uachtaráin Trump, anuraidh agus is mór an t-aitheantas é sin.

An éireoidh leis an gCinnéideach an Seanadóir Ed Markey a chur as a bhróga agus an éireodh leis suíochán Seanaid a bhuachan i mí na Samhna 2020?

Léirigh pobalbhreith amháin le deireanaí sa Boston Globe go bhfuil os cionn 40% den phobal fabhrach do Kennedy agus 25% fabhrach do Edmund Markey.

An bhfuil leide ar bith eile ag teastáil uaidh? Is ar éigean é.

Má éiríonn leis i measc na nDaonlathach, chuile sheans go dtabharfaidh Joe Kennedy III leis suíochán Seanaid in Massachusetts in 2020. Ina dhiaidh sin, cá bhfios?

Níos mó