Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-na-gearrliostai-fogartha-do-ghradaim-chumarsaide-an-oireachtais-2019

Na gearrliostaí fógartha do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2019

| Tuairisc.ie | ,

D’fhógair Oireachtas na Gaeilge inniu na gearrliostaí do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2019 tráthnóna.

I measc na ndaoine atá ainmnithe do ghradaim na bliana seo tá Méabh Ní Thuathaláin, iriseoir le Tuairisc.ie.

12 gradam a bhronnfar le linn an tsearmanais bhronnta a bheidh ar siúl ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne i mbliana.

Tá na gearrliostaí ar fad thíos.

Tá dhá gradam nua á bhronnadh i mbliana, ceann don chlár Gaeilge  is fearr a craoladh ar stáisiún raidió pobail agus ceann don chlár Gaeilge is fearr a craoladh ar stáisiún tráchtála.

An BAI atá ag déanamh urraíochta ar na gradaim nua agus d’fhéadfadh gurb amhlaidh go bhfuil siad ag súil go spreagfaidh na gradaim na stáisiúin sin le tuilleadh a dhéanamh ar son na Gaeilge.

Fuarthas i dtaighde a rinneadh anuraidh nach raibh ach “ról imeallach” ag an nGaeilge ar na stáisiúin raidió a chraolann i mBéarla den chuid is mó, in ainneoin dualgas reachtúil a bheith orthu an teanga a chur san áireamh ina sceideal.

Tá dhá chuid déanta i mbliana den rannóg ‘Scannán/Clár na Bliana’ agus gradam ar leith le bronnadh ar ‘Scannán na Bliana’ agus ar ‘Clár na Bliana’.

Trí léiriú atá ainmnithe ar an ghearrliosta do ‘Scannán na Bliana’ –  Finky (Abú Media), Iomramh an Chamino (Anú Pictures) agus Aithrí (Zanzibar Films).

Is iad na ceithre chlár teilifíse atá san iomaíocht sa rannóg ‘Clár na bliana’ Lomax in Éirinn (Aisling Productions), Tabú: Ag Teacht Slán (Midas Productions), An Balla, comhléiriúchán idir ROSG, RONDO agus JTV agus Scéal na Beatha (Below the Radar).

Cúig chlár a craoladh ar TG4 atá ainmnithe don ghradam ‘Sraith Teilifíse na Bliana’ i mbliana, ina measc dhá léiriú de chuid Aniar TV; Bádóirí agus Síolscéalta. Is iad na cláir eile atá ainmnithe sa rannóg chéanna, An Focal Scoir (Below the Radar), Finné (Magamedia) agus Beidh Aonach Amárach, (Crawford McCann Ltd).

Ar na daoine atá san iomaíocht don ghradam sa rannóg Iriseoir na Bliana, tá Méabh Ní Thuathaláin, Shane Ó Curraighín agus Tomás Ó Mainnín ó Nuacht RTÉ/TG4, Áine Ní Bhreisleáin, craoltóir le Raidió na Gaeltachta, agus Caoimhe Ní Chathail, fís-iriseoir le Meon Eile.

Sa rannóg ‘Pearsa Raidió na Bliana’ beidh triúr craoltóirí de chuid Raidió na Gaeltachta, Sinéad Ní Uallacháin, Rónán Mac Aodha Bhuí agus Gormfhlaith Ní Thuairisg, san iomaíocht le Cuan Ó Flatharta ó Splanc Newstalk agus Aindriú de Paor, láithreoir An Bricfeasta Blasta ar Raidió na Life.

Ar ghearrliosta ‘Pearsa Teilifíse na Bliana’ tá Síle Nic Chonaonaigh, láithreoir na sraithe Bailte ar TG4, Mícheál Ó Dómhnaill, láithreoir GAA Beo, Hector Ó hEochagáin, láithreoir na sraithe taistil Hector – Ó Siberia go Saigon, Máire Bhreathnach a chuireann An Focal Scoir i láthair agus Doireann Ní Ghlacáin, duine de láithreoirí FleadhTV.

Painéal moltóirí a roghnóidh na buaiteoirí i ngach ceann de na rannóga seachas ‘Réalta Óg na Bliana’, mar a mbeidh vóta poiblí ann. Bronnfar chomh maith ag an ócáid ‘Buaicghradam Cumarsáide an Oireachtais’, gradam a bhronntar ar dhuine nó eagraíocht a roghnaíonn an tOireachtas féin aitheantas speisialta a thabhairt dóibh.

Beidh na hainmniúcháin do ‘Réalta Óg na Bliana’ á bhfógairt ar an tseachtain seo chugainn.

Cé go bhfuil gradam ann don fheachtas is fearr ar na meáin shóisialta, níl aon ghradam ann do na foilseacháin ar líne. Bhain conspóid anuraidh leis an scéala nach raibh aon ghradam ar leith le bheith ann feasta don iriseoireacht scríofa. Thug an tOireachtas le fios an uair sin gurbh amhlaidh go raibh suíomhanna idirlín na Gaeilge “ró-éagsúil” lena chéile chun iad a áireamh ina aon chatagóir amháin.

Dúirt an tOireachtas inniu gur raibh aitheantas á thabhairt d’iriseoirí scríofa anois sa chatagóir ‘Iriseoir na Bliana’ agus iad áirithe i dteannta iriseoirí craolta agus teilifíse.

Thréaslaigh Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais a n-ainmniúcháin leo siúd a bhain áit amach ar na gearrliostaí.

Dúirt Michael O’Keefe, PríomhfheidhmeannachÚdarás Craolacháin na hÉireann gur “chúis áthais” don  BAI a bheith ag déanamh urraíochta ar dhá ghradam i mbliana.

Seo thíos liosta iomlán na n-ainmniúchán do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2019.

GEARRLIOSTA GHRADAIM CHUMARSÁIDE AN OIREACHTAIS 2019

Níos mó