Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘sop-in-ait-na-scuaibe’-iad-aonaid-ghaeilge-agus-‘teip’-ata-i-ndan-doibh

‘Sop in áit na scuaibe’ iad aonaid Ghaeilge agus ‘teip’ atá i ndán dóibh

| Meabh Ni Thuathalain |

Tá ráite ag Caoimhín Ó hEaghra, Ard-Rúnaí An Foras Pátrúnachta gur “sop in áit na scuaibe” aonaid Ghaeilge agus nach mbíonn i ndán dóibh ach  “teip”.

Dúirt Ó hEaghra gur cur chuige “iomlán faillíoch” ag an Roinn Oideachais é aonaid a bheith á gcur chun cinn acu in áit scoileanna neamhspleácha lán-Ghaeilge a bhunú.

Dúirt sé go bhfuil an fhadhb sin le feiceáil sa chonspóid faoi Choláiste Lú i gcontae Lú faoi láthair agus gur “léiriú an-mhaith” cás na scoile sin “ar na deacrachtaí a bhíonn ag aonaid”.

conspóid mhór ann faoin scoil sin faoi láthair agus míshástacht ann faoina laghad ábhar atá á dteagasc trí mheán na Gaeilge sa scoil is cúis leis an aighneas. 

Shiúil daltaí Choláiste Lú amach as an scoil le déanaí i dteannta a gcuid tuismitheoirí agus cuireadh picéad ar oifigí an bhoird oideachais

“Is misnomer é Coláiste Lú agus is cur i gcéill é. Is aonad a bhí ann do mháthairscoil Bhéarla agus tá sé sin le feiceáil sa mhéid atá ag titim amach sa scoil sin faoi láthair. Tá an oiread lochtanna ar na haonaid mar gheall go mbíonn siad faoi chúram pátrún Béarla agus scoil Bhéarla,” arsa Ó hEadhra.

Dúirt sé go raibh “ceist bhunúsach” ann faoi “loighic” áiteamh na Roinne go bhfásfaidh na haonaid ina ngaelcholáistí.

“Ní tharlaíonn sin. Bíonn dúshlán mór maidir le haonaid, mar atá feicthe ag Coláiste Lú agus mar atá feicthe ag go leor aonad eile thar na blianta,” ar sé.

Dúirt Ó hEadhra gur “beag aonad sa tír atá ag feidhmiú mar ba chóir” agus gur beag acu a d’fhéadfaí a chur i gcomparáid le gaelcholáiste. Dá bharr sin ní raibh éileamh i measc tuismitheoirí ar aonaid Ghaeilge, a mhaígh sé.

“B’fhearr le tuismitheoirí go mbeadh gaelcholáiste neamhspleách ann a d’fhéadfadh freastal ar dhaltaí agus ar thuismitheoirí trí Ghaeilge,” ar sé.

Dúirt Ó hEadhra nach bhfuil i ndán d’aonaid ach “teip” a fhad is atá siad faoi chúram pátrúin Bhéarla agus scoileanna Béarla.

Dúirt Ard-Rúnaí An Foras Pátrúnachta chomh maith nach ndéanfaidh plean nua atá á bheartú ag an Roinn Oideachais “pioc difir” don chóras faoina mbunófar gaelcholáistí.

Dá nglacfaí leis an phlean nua ní bheadh ag teastáil chun gaelcholáiste nua a bhunú ach 350-400 dalta. Idir 600 agus 1,000 dalta a bhíonn ag teastáil i gcás scoileanna Béarla.

Dheimhnigh an Roinn Oideachais do Tuairisc.ie le déanaí go bhfuiltear ag “iniúchadh” faoi láthair na “deiseanna” atá ann “cur leis an soláthar oideachais trí mheán na Gaeilge” sna hiarbhunscoileanna nua a bhunófar sna blianta amach romhainn.

Deir Ó hEadhra, áfach, go bhfuil “go leor deacrachtaí” leis an chóras pátrúnachta a chuireann bac ar bhunú gaelcholáistí agus nach ndéanfaidh an plean atá á bheartú ag an Roinn pioc níos éasca é iarbhunscoil lán-Ghaeilge a bhunú.

Is iad na critéir is tábhachtaí a bheidh ann agus iarbhunscoil nua le bunú ná rogha na dtuismitheoirí agus cé acu an bhfuil nó nach bhfuil freastal á dhéanamh ar an éagsúlacht sa cheantar sin cheana, ag áireamh soláthar lán-Ghaeilge.

Tá an córas sin “míchothrom” do thuismitheoirí atá ag iarraidh oideachais lán-Ghaeilge dá bpáistí, dar le Ó hEadhra.

“Go dtí go n-athraíonn an Roinn na critéir agus an córas pátrúnachta, ní dhéanfaidh sé difir ar bith. Is féidir leis an Roinn a rá, go mbunóidís Gaelcholáiste agus nach dteastaíonn ach céad dalta ach go dtí go mbíonn cur chuige ceart ann chun an próiseas pátrúnachta a dhéanamh cothrom do thuismitheoirí agus do Ghaelcholáistí, ní dhéanfaidh sé pioc difir cén uimhir daltaí a bheas luaite leis,” a dúirt Ard-Rúnaí An Foras Pátrúnachta.

Dúirt sé go raibh “lucht an Ghaeloideachais” ag tarraingt as pota ina bhfuil 23% den phobal agus tá an pátrún Béarla ag tarraingt as pota ina bhfuil 77% den phobal.

“Téann muid amach chuig na pobail sna limistéir phleanála seo agus muid ag tairiscint Gaelcholáiste dóibh. Éiríonn linn tacaíocht a fháil ó sciar den phobal sin. Ar an meán is 23% den phobal a bhíonn ag iarraidh oideachas lán-Ghaeilge dá gcuid páistí agus tá sé sin ag teacht le figiúirí an ERSI,” ar sé.

Níos mó