Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘speis-da laghad’-ag-donald-trump-ina-chulra-gaeltachta-–-clar-nua

‘Spéis dá laghad’ ag Donald Trump ina chúlra Gaeltachta – clár nua

Is beag spéis a léirigh Uachtarán Mheiriceá Donald Trump i ndúchas Gaeltachta a mháthar, Mary Anne Nic Leòid, dar le duine muinteartha leis a bheidh ag caint ar chlár faisnéise faoina mháthair a chraolfar ar BBC Alba anocht.

Thug Donald Trump cuairt amháin ar Leòdhas, in Inse Ghall i dteannta a mháthar, cainteoir dúchais Gaeilge na hAlban, agus é ina pháiste agus thug sé cuairt an-ghearr eile ar an oileán in 2008.

Tá dhá ionad gailf agus aíochta ag Uachtarán Mheiriceá in Albain.

Deirtear sa chlár gur níos lú ná dhá nóiméad a chaith Donald John, mar a thugann na hoileánaigh ar an Uachtarán, istigh sa teach feirme inar rugadh a mháthair.

Meastar nár chaith sé ach trí huaire an chloig ar fad ar an oileán an turas sin in 2008.

Ar an gclár faisnéise nua, ‘The President’s Mother, The Mary Anne MacLeod Story’, maíonn a dhuine muinteartha Alice Mackay nár thug an tUachtarán Trump ‘pingin rua’ riamh do phobal an oileáin.

Deir Alice Mackay, gur thug a mháthair agus a dheirfiúr go leor cuairteanna ar a baile dúchais agus gur thug an bheirt acu síntiúis ghnaíúla ar mhaithe le pobal an oileáin Ghaeltachta a bhfuil go leor daoine muinteartha le Trump fós  ina gcónaí ann.

Déantar cur síos sa gclár nua, ar chuir TG4 cuid den mhaoiniú ar fáil dó, ar an aistear fada a rinne Mary Anne MacLeod Trump ó Inse Ghall go Nua-Eabhrac, áit ar chas sí leis an bhfear a phós sí, Fred, athair an Uachtaráin.

Déantar plé sa chlár ar an gcaidreamh casta atá ag Trump le hAlbain ach deirtear gur chothaigh a mháthair agus a dheirfiúr Maryann Trump Barry, dlúthcheangal leis an oileán. Murab ionann agus Trump féin chuir siad beirt cuidiú airgid ar fáil don phobal. Sna 1970idí chuir máthair Trump airgead ar fáil don halla pobail ina baile dúchais.

“Chuir Maryann agus a mháthair go leor airgid ar fáil do Tunga ar Leòdhas le cuidiú le costas an halla pobail ansin agus don ionad cúraim, Bethesda. Ach ní bhfuarthas pingin rua ó Donald John,” a deir Alice Mackay ar an gclár.

Bhásaigh máthair Trump sa bhliain 2000. Thug deirfiúr an Uachtaráin, Maryann, breitheamh achomharc atá anois ar scor, go leor cuairteanna ar an oileán. In 2015 thug sí £158,000 don ionad cúraim agus ospís Bethesda atá in Steòrnabhagh ar Leòdhas.

Ba chainteoir dúchais Gaeilge na hAlban máthair Donald Trump a rugadh i dTunga in Eilean Leòdhas ar an 10 Bealtaine 1912.

Ba iad Calum Mac Leòid, iascaire agus croitéir, agus a bhean Màiri (neé Nic a’ Ghobhainn) tuismitheoirí Mary Anne, a bhí ar an duine ab óige de 10 clainne.

De réir an daonáirimh i 1901, bhí Gaeilge na hAlban ag 91.2% den phobal agus ní raibh Béarla ach ag 17.2%. D’imigh Mary Anne go Meiriceá i 1929. De réir an daonáirimh dhá bhliain ina dhiaidh sin, bhí Gaeilge na hAlban ag 85.5% de na daoine sa pharóiste.

Tá Tunga trí mhíle go leith amach as Steòrnabhaigh, príomhbhaile an oileáin, mar ar raibh an lámh in uachtar ag an mBéarla riamh.

Mar sin féin, tá Gaeilge na hAlban beo i Tunga i gcónaí. De réir dhaonáireamh 2011, bhí Gaeilge ag 51% den phobal in Aird Thunga agus is í an Ghaeilge teanga an teaghlaigh ag 36%. Bunaíodh Aonad Gàidhlig sa bhunscoil i mbliana agus tá Còisir Ghàidhlig Thunga lárnach i saol an phobail.

Beidh ‘The President’s Mother, The Mary Anne MacLeod Story’, ar BBC Alba anocht ag 9pm. Craolfar an clár mar ‘Máthair Trump’ ar TG4 amach anseo

Níos mó