Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-ta-an-seans-ann-go-mbuafaidh-eire

Tá an-seans ann go mbuafaidh Éire

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Tá na cluichí ullmhúcháin thart d’Éirinn anois agus, ar an iomlán, is dóigh go mbeidh Schmidt sásta. Chaill Éire in aghaidh Shasana cúpla seachtain ó shin, ar ndóigh, ach ar deireadh thiar thall, ba é an chéad chluiche a bhí ann do go leor imreoirí.

Gortaíodh Keith Earls in aghaidh na Breataine Bige ag an deireadh seachtaine, ach bhí sé in ann siúl ón bpáirc gan tacaíocht, gan a bheith ag croisíneacht, agus tá súil agam go mbeidh sé togha. Ach seachas an gortú sin, tá beagnach gach duine slán agus réidh don eitleán (tá Joey Carbery fós ag teach chuige féin ó ghortú, ach deirtear go mbeidh sé ceart go leor don chomórtas).

Mar sin féin, tá go leor ceisteanna ann i dtaobh an chluiche atá le teacht in aghaidh na hAlban. Is féidir a bheith cinnte go dtosóidh Best, Furlong, Ryan, Murray, agus Sexton. Beidh Stockdale, Earls, agus Kearney ag tosú sna cúlaithe freisin. Ach tá cúpla áit sa 23 nach bhfuil deimhnithe go fóil.

I mo thuairimse, caithfidh David Kilcoyne tosú ina fhrapa ceann scaoilte. Ní haon ionadh é go bhfuil Kilcoyne ag imirt go maith — imríonn sé go maith seachtain i ndiaidh seachtaine don Mhumhain. Ach sa chéad chluiche in aghaidh na Breataine Bige, bhí sé spleodrach. 

Scríobhadh go leor faoi nach raibh Toner ar an bhfoireann, ach tá a fhios ag Schmidt céard a theastaíonn uathu chun an comórtas a bhuachaint. D’oibrigh an síneadh amach maith go leor ag an deireadh seachtaine, agus tá ceist an spleáchais faoi Toner agus an síneadh amach freagartha anois. 

Ach tá an fhoireann cheart ag teastáil le go n-oibreoidh an síneadh amach. Tosóidh Henderson in aice le Ryan sa dara sraith, agus beidh ar Kleyn a bheith sásta le háit ar an mbinse.

D’imir Conan go maith sna cluichí ullmhúcháin, ach thug Stander an liathróid ar iompar fada leis cúpla uair in aghaidh na Breataine Bige agus d’imir sé ina bhealach féin — cumhachtach agus cliste. Ní cheapaim go ndearna Conan a dhóthain chun an geansaí a thógáil ó Stander.

Beidh ról lárnach ag Josh van der Flier i rith an chomórtais. Is é an t-aon uimhir a seacht ar an bhfoireann, cé go bhfuil imreoirí eile (O’Mahony, Ruddock, srl) in ann imirt ann. Tá sé cumhachtach sa ghreamú agus iontach sa ruc. Tá sé fuinniúil agus déanann sé go leor oibre i ngach cluiche ina n-imríonn sé. Teastóidh a thaithí sna cluichí ceannais.

Tá go leor cainte faoin gcluiche ceathrú ceannais in aghaidh na hAfraice Theas. Ach ceapaim go mbeidh an bua acu in aghaidh na Nua-Shéalainne agus, mar thoradh, beidh muid i gcoinne na nAll Blacks in áit na Springboks.

Bhuaigh go leor de na himreoirí a roghnaigh Schmidt cúpla cluiche in aghaidh Nua-Shéalainne cheana féin, agus ní bheidh faitíos orthu rompu anois. Ní bhíonn aon chluiche éasca i gCorn an Domhain, sna babhtaí deireanacha ar aon nós. Is cuma cé acu foireann a bheidh i gcoinne fhir Schmidt; beidh siad réidh.

D’fhoghlaim Schmidt go leor i rith Chorn an Domhain 2015, nuair a chaill Éire in aghaidh na hAirgintíne. Ní raibh a dhóthain doimhneachta san fhoireann agus theip orthu dá bharr. 

Don chomórtas seo, ní hamháin go bhfuil doimhneacht acu, ach tá taithí ag gach duine acu ag an leibhéal idirnáisiúnta is airde. Tá roghanna ag Schmidt i lár na páirce nach bhfuil ag aon fhoireann eile sa chomórtas.

Táimse ag tnúth go mór leis an gcomórtas. Ní hamháin go mbeidh rugbaí ar an teilifís beagnach gach lá, ach tá an-seans ann go mbuafaidh Éire. Is muidne an fhoireann is fearr ar domhan go hoifigiúil den chéad uair riamh. B’fhéidir go ndéarfadh daoine áirithe nach bhfuil baint aige sin le rud ar bith, ach bheidís mícheart. 

Dá ndéarfá le himreoir gurb é an t-imreoir is fearr ar domhan, is rud iontach é sin dá mhuinín. Tá Éire ag dul chuig an tSeapáin leis an muinín sin, agus ní drochrud é sin. Ní ceart teideal na n-íochtarán a bheith againn a thuilleadh.

Níos mó