Home
FAQ's
Age Groups
Age Group > 4
Irish Names
Playgroups
Using Irish with your Children
Raising Children with Irish Outside the Gaeltacht
Raising Children through Irish in the Gaeltacht
Support, Services & Facilities
Age Group 4 > 12
All-Irish Primary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Support, Services & Facilities
Benefits of All-Irish Education
Age Group 12 > 18
All-Irish Secondary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Using Your Irish Name
Benefits of All-Irish Education
Support, Services & Facilities
Age Group 18 > 22
Irish Societies & Student Unions
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third Level Courses
Festivals
Support, Services & Facilities
Age Group 22+
Careers With Irish
Classes for Adults
Get Involved
Conversation Circles
Festivals
Support, Services & Facilities
Speaking to Your Grandchildren
Community
Conversation Circles
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Sloinne
5 Tips
Organisations
Festivals
Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
Irish Language Books
Learn
Learn Irish
Playgroups
All-Irish Secondary Schools
All-Irish Primary Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Benefits
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Working With Irish
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs (Ireland)
Jobs
Irish Language Careers Booklet
Jobs

Tart náireach na meán

Dónall Mac Giolla Chóill

Inniu, agus san aimsir seo, níos mó ná ariamh roimhe, tá muidne, tuataigh, ag brath ar an nuacht, agus, thar sin, ar na meáin uile amuigh ansin, ionas go mbeidh muid ar an eolas faoi gach rud atá ag titim amach thart orainn.

Agus inniu, tá muid i dtuilleamaí lucht na meáin, tá muid ag brath orthu, agus muid ag súil go mbeidh siad ionraic, macánta agus fírinneach.

Dá mbeadh punt nó euro agam do gach iarraidh a d’inis duine fíric dom a bhí faighte ó Facebook nó ón iliomad suíomhanna nach é, agus iad ag maomh gur cnámh Dé na fírinne é, bheul, seans nach mbeinn i mo shuí anseo ag scríobh do Meon Eile.

Tá iriseoireacht ann agus ansin tá iriseoireacht ann.

Tá cúlra iriseoireachta agam, i mbeagán focal, is iar-iriseoir mé, is iar-eagarthóir mé (ní aithneofá ceachtar de na ráitis sin a bheith fíor, a déarfadh lucht eagair an tsuímh seo).

Anois sa lá inniu, tá mé i mo bhall den aos tráchtaireachta, an commentariat.

Íocfar mé as mo thuairim a thabhairt, iarrfar mo bharúil orm níos minice ná ba chóir, agus tugaim mo bharúil go fonnmhar, ag brath ar líon na bhfocal atá de dhíth le spás nó cibearspás a líonadh.

D’fhoghlaim mé go leor agus mé i mbun iriseoireachta, idir dhea-nósanna agus dhroch-chleachtais.

Go luath agus mé i mbun pinn, taispeánadh dom an dóigh le guthán a hacáil, tá sé níos fusa ná mar a shílfeá.

Sin rud a taispeánadh dom, ach le sóiléiriú glan a dhéanamh, rud nár chleacht mé ariamh, is cuma cén cathú a cuireadh orm.

Caithfidh go raibh mé leamh mar iriseoir, mar níor mhair mé sa cheird sin rófhada, agus leis an fhírinne a rá, tá lúcháir orm nach bhfuil níos mó buairimh orm i ndiaidh scairt ghutháin a fháil nach bhfuair duine ar bith bás de thairbhe timpiste bóthair.

An lá údaí nuair a leag mé síos an fón, i ndiaidh dom a fhiafraí de dhuine, “Ar maraíodh duine ar bith?… Níor maraíodh?… Á bhuel ní bheadh suim ar bith agam ann…” B’sin an lá a thuig mé nach raibh iriseoireacht i ndán dom i bhfad eile.

Tá ‘Nuacht’ ann.

Tá ‘Bréagnuacht’ ann.

Tá scéalta ann.

Tá cúis agus tábhacht shóisialta le nuacht, le béadán, le ráflaí, leis an scéalaíocht.

Tá siad uilig chomh sean leis an cheo, i ngach tráidisiún agus i ngach cultúr, ó thús ama.

Ach tá rud inteacht samhnasach feicthe le tamall anuas, galar i gcroí na meán, tinneas a théann fad siar sa tionscadal a mbaistim ‘an nuacht’ air.

Le tuairim is seachtain anuas, d’fhógair Garreth Thomas, iar-imreoir rugbaí de chuid na Breataine Bige, go bhfuil sé dearfach ó thaobh víreas easpa imdhíonachta daonna (tabhairfidh muid HIV air seo ó seo amach, ar mhaithe le mo chuid méara).

D’admhaigh sé thart ar 10 mbliana ó shin go bhfuil sé aerach, an chéad imreoir rugbaí lena leithéid a dhéanamh, go háirithe agus é go fóill gníomhach sa chluiche.

Anois, cén mórscéal seo, tá daoine aerach ann, tá aithne agam ar go leor acu, cuid acu oscailte faoi, roinnt acu pósta agus clann acu nár mhian leo go mbeadh an scéal i mbéal a gcuid comharsan.

Ní riamh rud mór domsa a bheith aerach, tá daoine amhrasach go fóill, bean amháin ar a laghad a dúirt nach dtiocfadh liom a bheith, mar nár chloígh mé leis an íomhá a bhí aici de dhaoine aeracha.

“Rock Hudson, an ea?” arsa mise.

D’admhaigh Gareth Thomas go raibh sé aerach in 2009, agus anois bhí air admháil go bhfuil sé HIV in 2019.

Cad chuige, agus cad chuige ar mórscéal seo, cad chuige a gcuirfeadh seo isteach ar mo thráthnóna Aoine, le cnaipe a bhrú agus rámhaille a chur i gcló?

Mar gur léiriú é ar an tinneas atá ar na meáin, an galar ina gcroí istigh atá ar lucht na nuachta, an tinneas sin a chuirfeadh samhnas ort, ach amháin go bhfuil sé faoi cheilt agus go bhfuil tusa agus mise go fóill ag léamh nuachtán, suíomhanna idirlín agus a leithéid.

Chuaigh iriseoir chuig tuismitheoirí Thomas lena mbarúil a fháil faoin scéal go bhfuil sé HIV .

Ceart go leor, ach amháin nár inis sé féin dóibh go fóill go raibh seo amhlaidh.

D’fhógair sé go raibh daoine ag bagairt an scéal a scaoileadh in ainneoin a mhianta féin.

Ní dá dheoin féin a d’fhuascail sé an rún pearsanta seo.

Ar mhaithe le ‘duine’ inteacht sna meáin, scaoileadh an scéal sular cheart é a bheith scaoilte.

Tharla sé seo minic go leor, cuimhním ar Stephen Gatley, a bhíodh sa ghrúpa Boyzone, arbh éigean dó a shaol a nochtadh mar go raibh nuachtán táblóideach chun an rún a scéitheadh.

Is orainne, go pointe, an locht mar go bhfuil tíocras nuachta orainn, agus tart doshásaithe chun an ‘fhírinne’ a aimsiú.

Ba chóir go mbeadh náire ar an aos iriseoireachta, ach ní bheidh choíche, is bithiúnach gan náire an rud céanna.

Ar chóir go mbeadh náire orainne, muidne a léann gan stad gach blúirín béadáin, gach ráfla, agus a bhrúnn de shíor gach cnáipe le nuashónrú a dhéanamh ar an scéal is déanaí.

Nach maith an rud nach bhfuil rún fágtha agam le scaoileadh?

Níos mó

Sign up for the PEIG newsletter

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge