Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-tigh-ghiblin-ar-an-spideal-ag-dunadh-anocht

Tigh Ghiblin ar an Spidéal ag dúnadh anocht

| Ciaran O Cualain |

Anocht a ólfar an braon deireanach is a chloisfear an nóta deireanach ceoil i dTigh Ghiblin sa Spidéal, go fóilleach ar aon nós, mar anocht atá an teach tábhairne agus an bhialann sin le scor. Seans go mbeidh corrdheoir á sileadh  freisin ag custaiméirí, ag lucht freastail agus ag Ned agus ag Brenda Giblin a bhí i mbun na háite le hos cionn cúig bliana. Baineadh stangadh as daoine nuair a tháinig an scéala le gairid go mbeadh an áit seo, a chuir go mór leis an sráidbhaile, ag dúnadh.

Ba i mí Aibreáin na bliana 2014 a osclaíodh Tigh Ghiblin i lár bhaile an Spidéil den chéad uair. Is iomaí oíche mhór cheoil a bhí ann ó shin. Oíche Aoine seo caite, mar shampla, bhí togha na gceoltóirí is na n-amhránaithe ar stáitse ansin mar chuid den Oíche Chultúir. Ní dhéanfar dearmad ar oíche Dhomhnaigh áirithe nuair a bhí seisiún ceoil ar bun ann agus go leor custaiméirí i láthair, roinnt mhaith eachtrannach ina measc. Roimh dheireadh na hoíche, bhí scata mór de na heachtrannaigh sin – Francaigh, Iodálaigh agus Sasanaigh – i mbun ceoil iad féin. Uair eile, stop an t-amhránaí is an cumadóir Jimmy Crowley ann is é ar a bhealach go hÁrainn agus chaith sé an tráthnóna ag roinnt a chuid amhrán leis an gcomhluadar.

Tá ceoltóirí go leor eile a chasadh ceol Tigh Ghiblin go rialta i gcaitheamh na mblianta, leithéidí Steve Sweeney, Johnny Óg Connolly, Charlie Lennon agus Colm agus Kelly Gannon. Agus tá saibhreas an cheoil agus na n-amhrán go smior i Ned Giblin é féin, ina dheartháir Tom agus a muintir. Bhíodh Ned ina bhall den ghrúpa ‘Brehon Law’ tráth. Ba mhinic custaiméirí faoi dhraíocht is iad ag éisteacht leis an mbeirt deartháireacha ag rá amhrán as a stór fairsing amhrán. Oíche amháin le gairid, agus gan ach slua beag san áit, shuigh Ned, Tom agus Darren Concannon síos agus chas siad le fiabhras agus le flosc ar feadh cúpla uair an chloig.

Go hiondúil, ar an Aoine agus ar an Satharn, ba iad Ned agus Darren a bhíodh ag cur an siamsaíochta ar fáil –  ar an ngiotár, an mhaindilín agus an fhidil. Amhráin ar nós ‘Angel from Montgomery’ agus ‘Pancho & Lefty’, chomh maith leis na cinn bhreátha atá cumtha ag Darren féin. Agus cé a dhéanfadh dearmad ar a leaganacha de ‘Psycho Killer’ agus ‘Comfortably Numb’!

Bhíodh óstán ag Muintir Ghiblin i gCnoc na Radharc i nGaillimh go dtí 1987 agus sula ndeachaigh Ned agus a bhean Brenda i mbun gnó sa Spidéal, bhí taithí na mblianta acu in earnáil na lónadóireachta i Meiriceá. Bhíodh pubanna agus bialanna acu i mBostún agus in San Diego, California. Agus thug siad blas de Chalifornia na gréine leo go Conamara sa mbia a chuiridís siad ar fáil Tigh Ghiblin, bia nach raibh ar fáil de ghnáth i dtithe ósta na tíre seo. Ach cé go raibh tionchar na hiasachta le sonrú ar a gcuid beatha, bhí an Ghaeilge ar a dtoil ag an lucht freastail suáilceach a d’fhostaigh siad.

Sular osclaíodh Tigh Ghiblin bhíodh Bialann an Bholuisce ar an láthair chéanna. Ba iad muintir Ghlanville a thóg an Boluisce as an nua ag deireadh na 1970idí agus i ndiaidh dóibh bogadh go Gaillimh, ba iad Barbara & Stuart Brooke a ghlac seilbh ar an áit. Sna blianta siar, bhíodh teach ósta ag Ben  agus Máire Harvey ar an suíomh agus roimhe sin ba ag muintir Loideáin a bhíodh sé.

Tá bóithrín na smaointe mealltach, ach ní cuimhní cinn a choinníonn bialann ná teach ósta ar oscailt. De réir figiúirí a eisíodh le gairid, dúnadh 1,545 teach ósta sa tír seo idir na blianta 2005 agus 2018. Bíonn daoine fós ag caint faoi Tigh Hughes, teach ósta a raibh cáil i bhfad is ngearr air ó thaobh an cheoil de, ach a dúnadh i Meitheamh 2014. Tá tithe ósta eile sa Spidéal i gcónaí – An Nead, a d’oscail roinnt blianta ó shin, agus péire eile – An Crúiscín Lán agus An Droighneán Donn – atá ar an bhfód leis na cianta. Tá An Droighneán faoi bhainistíocht nua le cosamar bliana agus tá sár-iarracht á déanamh acu le custaiméirí a mhealladh.

Bíonn drochthionchar aige ar bhaile beag nuair a dhúntar gnó ar bith. Tá súil ann nach fada a bheas na doirse dúnta ar an bhfoirgneamh inar chuir Muintir Ghiblin an oiread sin sásaimh ar fáil don phobal agus go mbeidh allabhair an cheoil le cloisteáil arís ó na ballaí sin go luath.

Níos mó