Aon ghradam déag a bronnadh ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais i mBaile Átha Cliath anocht.
I measc bhuaiteoirí na bliana seo ag na gradaim a thugann aitheantas do na meáin Ghaeilge bhí Lomax in Éirinn le Aisling Productions a bhuaigh an gradam do chlár teilifíse na bliana agus Iomramh an Chamino le Anú Pictures a bhuaigh an duais don scannán is fearr.
Bádóirí le Aniar TV a bhuaigh an duais don tsraith teilifíse agus Síle Nic Conaonaigh, láithreoir sraitheanna amhail Balla agus Bailte, a roghnaíodh mar Phearsa Teilifíse na Bliana.
Litreacha ar BBC Raidió Uladh a thug leis an gradam do Shraith Raidió na Bliana agus roghnaíodh Gormfhlaith Ní Thuairisg, láithreoir Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, mar Phearsa Raidió na Bliana.
Tomás Ó Mainnín ó Nuacht TG4 a thug an svae leis sa rannóg ‘Iriseoir na Bliana’.
Roghnaíodh Séamus Ó Scanláin, RTÉ Raidió na Gaeltachta, mar Réalta Óg na Bliana agus haischlib An Dream Dearg #AchtAnois a bhuaigh an gradam d’Fheachtas Meán Sóisialta na Bliana.
Ar Mhicheál Mac Donnchadha, an craoltóir spóirt aitheanta de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta, a bronnadh Buaicghradam Cumarsáide an Oireachtais 2019.
Dhá ghradam nua a bronnadh i mbliana, an gradam do Chlár Raidió na Bliana ar Raidió Pobail a bhuaigh Aon Scéal ar Phoenix FM agus an gradam do Chlár Raidió na Bliana ar Raidió Tráchtála, a bhuaigh Splanc ar Newstalk.
Bronnadh níos túisce tráthnóna gradaim litríochta an Oireachtais ag féile na nGael a seoladh inniu in Óstán an Citywest i mBaile Átha Cliath.
36 duais ar fad a bronnadh ar scríbhneoirí Gaeilge ag ócáid an lae inniu.
Beidh Oireachtas na Samhna ar siúl as seo go dtí Dé Domhnaigh agus súil leis na mílte daoine ag an bhféile bhliantúil.
Cuirfear tús amárach leis na comórtais amhránaíochta agus eile do dhaoine óga.