Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-5-imeacht-ag-oireachtas-na-samhna-2019!

5 imeacht ag Oireachtas na Samhna 2019!

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Tá an t-am iontach sin den bhliain buailte linn arís agus tús á chur le hOireachtas na Samhna amárach, Dé Céadaoin, in Óstán an Citywest, Baile Átha Cliath.

Beidh an meascán céanna den chraic, de chainteanna, de chomórtais agus de chomhluadar ar siúl arís i mbliana (tá an clár iomlán le fáil anseo) ach tá cúpla ócáid ar leith roghnaithe ag Sinéad Ní Uallacháin dúinn.

Bíodh Oireachtas den scoth agaibh a Nósadóirí!


Gradaim Chumarsáide an Oireachtais // Óstán an Citywest, Dé Céadaoin 30 Deireadh Fómhair @ 19:00

Táim ag súil go mór le Gradaim Chumarsáide an Oireachtais ar an gCéadaoin – tús maith leis an bhféile! Éiríonn leat bualadh leo siúd atá ag plé le saol na meán, cuid mhór mhaith nach mbeadh ach súil aithne agat orthu ón scáileán, nó ó na haerthonnta! Seana-chairde chomh maith, mar aon le comhghleacaithe agus iad siúd a mbeadh ríomh-aithne agat orthu ó Twitter is a leithéid.

Leithscéal chun gléasadh i ngúna deas (manglaim an stíl atá molta) agus aitheantas a thabhairt don obair chraoltóireachta, iriseoireachta agsu eile atá bainte amach le dhá mhí déag anuas.


Seoladh an leabhair ‘Mór agus Muilc’ // Aonach an Oireachtais, Citywest, Dé hAoine 1 Samhain @ 14:00

Is é Dónall Ó Cnáimhsí a sheolfaidh an leabhar Mór agus Muilc ar an Aoine. Is ó uncail Dhónaill, John Óg Hiúdaí Neidí Ó Colla, a tháinig scéal an leabhair an chéad lá. Fear a raibh bua na cuimhne aige agus, dá bharr, bhí an oiread scéalta bailithe ina cheann aige!

Tá an scéal áirithe seo anois foilsithe i leabhar ag an gcomhlacht Éabhlóid agus maisithe go slachtmhar ag an ealaíontóir Kim Sharkey. Is ag Aonach an Oireachtais tráthnóna Dé hAoine a bheidh Dónall i mbun an tseolta, agus sólaistí ar fáil do chách a bheidh i láthair.


Seimineár an Oireachtais 2019: Plean don Todhchaí // Svuit Citywest, Dé Sathairn 2 Samhain @ 11:00

Má bhíonn sibh éirithe luath Dé Sathairn, bí ar an eolas faoi Sheimineár an Oireachtais, eagraithe ag Conradh na Gaeilge. Beidh painéal de chainteoirí ag plé ‘Plean don Todhchaí’ nuair a thagann sé chuig cúrsaí Gaeilge, Pobail, Oideachais, Gaeltachta, Tithíochta, agus go leor eile.

Orthu siúd a bheidh ag labhairt, beidh Niall Comer ó Chonradh na Gaeilge, Pádraig Ó Duibhir ó Ollscoil Chathair BhÁC, an t-abhcóide Dáithí Mac Cárthaigh agus Clíodhna Ní Chorráin, mac léinn. Is í Caoimhe Ní Chathail a bheidh ina cathaoirleach ar an bplé, mar aon leis an gcuid a dhíreoidh ar aiseolas, tráth a mbeidh triúr i mbun na gceisteanna: Caoimhe Ní Mhaoláí ó Aontas na nDaltaí Iarbhunscoile in Éirinn, Clíodhna Ní Dhufaigh ó Aontas na Mac Léinn in Éirinn agus ó Choiste Jabanna d’Iorrais Aithneach, Colm Ó Neassa.


GaelGÁIRÍ // Seomra Lakes, Citywest, Dé Sathairn 2 Samhain @ 22:00

Is fearr gáire ná gol, agus beidh cad é gáirí le clos ón Seomra Lakes sa Citywest oíche Aoine, nuair a bheidh lucht GhaelGÁIRÍ ag insint scéalta seoighe agus ag magadh faoi ábhair an tsaoil! Páirteach i seisiún an Oireachtais, beidh Julie Jay, Aideen McQueen, Cillian Ó Braonáin agus Eoin P. Ó Murchú, seanfhondúirí an ghrúpa. Beidh Eoin ag díriú ar a shaothar, Diúltaithe ag TG4, a mbeadh cuid de cloiste acu siúd a bhí i láthair ag a chaint mar chuid d’imeachtaí IMBOLC ag an bPuball Gaeilge ag an bPicnic Leictreach níos luaithe i mbliana.


Craoladh RTÉ Raidió na Gaeltachta // Déardaoin 31 DF go Dé Domhnaigh 3 Samhain

Mar is iondúil, beidh RTÉ Raidió na Gaeltachta i lár an aonaigh ag féile na nGael agus iad ag craoladh beo ó Dhéardaoin go Domhnach. Tuairim is 20 uair an chloig de chláracha beo – comórtais san áireamh – a bheidh acu dúinn i mbliana.

Beidh Iris an Oireachtais, clár dhá uair an chloig á chur i láthair ag Fionnuala Uí Neachtain maidin Déardaoin agus Aoine, ón bpríomhstáitse ag Aonach an Oireachtais. Tá fáilte mhór á cur ag criú an chláir roimh lucht féachana beo ar an dá lá, ag a mbeidh ceol ón mbanna Nuadán, Róisín Chambers, Maitiú Ó Casaide, Natalie Ní Chasaide agus Conor Lyons, i measc eile. Cloisfear agallaimh le moltóirí agus cuid de bhuaiteoirí na nGradam Cumarsáide chomh maith.

Tá ana-rath ar chlár nua Áine Ní Bhreisleáin, Bladhaire, agus beidh sí féin agus a léiritheoir Damien Ó Dónaill ag craoladh ón Avoca Suite ar an Aoine. Sna sála orthu beidh Michelle Nic Grianna agus a foireann leis an gclár Tús Áite agus an Breatimeacht faoi chaibidil aici féin agus a painéal cainteoirí.

Craolfar na comórtais amhránaíochta (na fearaibh agus na mná) agus gan dabht, buaicchomórtas amhránaíochta na féile agus na bliana, Corn Uí Riada.

Anuas air sin, bí ag súil le An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra, Aifreann an Oireachtais agus Togha agus Rogha ar an nDomhnach. Táim cinnte go mbeidh féiríní deasa – caipíní, pinn, srl – á dtabhairt uatha ag na foirne chomh maith… bí ag faire amach dóibh!

Níos mó