An fón is féaráilte: tabhair cluas dó!
Tar éis dom léamh anseo an tseachtain seo caite faoin gcás fóin ar féidir múirín a dhéanamh de, thosaigh mé ag smaoineamh faoin eilifint sa scéal (agus i lámh gach duine againn): an guthán féin.
Ón miotal go dtí an plaisteach, ón gcadhnra go bonneagar ollmhór na hearnála móibílí, is mór an dochar a dhéanann táirgeadh agus úsáid na bhfón póca do shláinte an domhain, gan an tionchar a bhíonn ag an nósmhaireacht ar ár sláinte féin a lua go fiú.
Ach, mura bhfuilimid
uilig chun an nasc beag áisiúil seo leis an domhan mór a chur i
leataobh láithreach (agus tá rud éigin a rá liom nach bhfuil), an
féidir linn aon rud a dhéanamh chun an dochar a dhéanann ár
bhfóin a laghdú?
Bhuel, mar a
tharlaíonn, is féidir.
Comhlacht Ísiltíreach
é Fairphone a tháirgeann an fón is inbhuanaithe dá bhfuil ar an
margadh.
Ba é an sprioc a chuir siad rompu sular seoladh an chéad leagan den ghuthán in 2013 ná comhábhair athchúrsáilte a úsáid a oiread agus is féidir, na hábhair a fháil ar bhealach freagrach ó áiteanna nach bhfuil coimhlint ar siúl, agus na hoibrithe uile a íoc go cothrom.
Cur chuige
ceannródaíoch é seo i gcomparáid le beagnach gach comhlacht
guthán eile ar an bpláinéad a fhoinsíonn a gcuid comhábhar gan
aon aird á tabhairt acu ar an truailliú a dhéantar dá bharr ná
ar na coimhlintí fuilteacha – san Afraic go minic – a eascraíonn
ó chleachtais na hearnála trí chéile.
Aidhm eile ag Fairphone
ná an gléas a chur le chéile sa chaoi gur féidir é a dheisiú go
héasca agus comhpháirteacha nua a cheannach ar chostas íseal.
Tá dul chun cinn nach
beag déanta acu le sé bliana anuas agus tá an leagan is déanaí
den Fairphone ar an gceann is so-úsáidte agus is snasta go dtí
seo.
Agus an-bhéim á cur
acu ar inbhuanaitheacht an ghutháin, agus ar an táirgeadh
eiticiúil, tá sé le tuiscint nach bhfuil na sonraíochtaí céanna
ag an Fairphone agus atá ag an iPhone ná gutháin Samsung, mar
shampla, ach is fón fónta é a bhfuil a luach san éiteas seachas
san aeistéitic.
Ritheann sé ar Android
9, tá scáileán 5.7 orlach aige, mar aon le ceamara 12
mheigiphicteilín, 64GB de stóras agus 4GB de RAM.
Níl an cadhnra chomh cumhachtach lena bhfuil ag cuid de na hiomaitheoirí ar an margadh ach, cosúil le beagnach gach páirt den Fairphone, is féidir é a bhaint amach agus ceann nua a chur isteach go furasta más gá.
€450 atá ar an Fairphone 3 agus is féidir é a réamhordú anois sula seolfar é an mhí seo chugainn.
Gheobhaidh tú lascaine
€40 má dhéanann tú do sheanghuthán a athchúrsáil leo.
Féaráilte go maith, d’fhéadfá a rá.