Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairiscie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-ardu-6.7%-ar-lucht-feachana-tg4-agus-an-staisiun-gaeilge-sa-seu-hait

Ardú 6.7% ar lucht féachana TG4 agus an stáisiún Gaeilge sa séú háit

| Tuairisc.ie |

Tá dóchas ag TG4 go bhfuil an taoide ag casadh maidir lena bhfigiúirí lucht féachana agus ardú 6.7% go dtí seo i mbliana ar mheánlucht féachana an stáisiúin.

De réir figiúirí nua atá faighte ag Tuairisc.ie, bhí sciar 1.91% den lucht féachana ar an meán ag an gcraoltóir go dtí seo in 2019 i gcomparáid le 1.79% don tréimhse chéanna anuraidh.

Tháinig laghdú 6% ar lucht féachana TG4 in 2018 agus é ar an seachtú cainéal is mó lucht féachana in Éirinn.

Bhí an stáisiún Gaeilge ar an séú cainéal is mó lucht féachana in Éirinn go dtí seo i mbliana agus comhartha soiléir dul chun cinn a bheadh ann dá n-éireodh leis an áit sin a choimeád go dtí deireadh na bliana.

Mí an Mhárta an mhí ba rathúla a bhí ag TG4 go dtí seo in 2019 agus meánsciar náisiúnta 2.65% den lucht féachana acu. Bhí os cionn 2% ag an stáisiún dhá mhí eile, mí Feabhra, 2.03%, agus mí Lúnasa, 2.22%.

Thug urlabhraí ó TG4 le fios do Tuairisc.ie gur cluichí móra faoi aois GAA Beo agus na cláir Fleadh TV agus Mary from Dungloe ba chúis leis an méadú ar an lucht féachana an mhí seo caite. Is iondúil go mbíonn lucht féachana níos mó ag an stáisiún mí an Mhárta le cluichí móra club agus Lá Fhéile Pádraig.

Luaigh an t-urlabhraí chomh maith babhtaí deiridh Glór Tíre, an seó tallainne ceol tíre, a bhí ar siúl an mhí chéanna.

Tá titim mhór tagtha ar lucht féachana TG4 le deich mbliana anuas, tréimhse inar thit lucht féachana go leor craoltóirí poiblí.

Sciar 3.2% den lucht féachana a bhí ag an stáisiún in 2005, an bhliain is mó a raibh lucht féachana aige, i gcomparáid le 1.76% anuraidh.

Ach tá lucht an stáisiúin dóchasach anois gur méadú ar a meánsciar náisiúnta a bheidh á fhógairt acu ag deireadh 2019.

“Bíonn an tréimhse seo, séasúr an fhómhair, thar a bheith iomaíoch ó thaobh na craoltóireachta de, ach tá muid dóchasach leis an sceideal atá againn, leis na cláir théagartha, chumhachtacha atá le teacht idir seo agus an Nollaig, go mbeidh ardú againn in ár sciar bliantúil ag deireadh na bliana. 

“Níl sé éasca cur leis an lucht féachana sa tslí is gur am dúshlánach é seo don chraoltóireacht trí chéile leis an rogha leathan atá ann don lucht féachana, idir na seirbhísí ar éileamh, na stáisiúin agus na roghanna gearrfhoirme eile atá ar fáil don lucht féachana,” a dúirt urlabhraí TG4.

Tá ráite ag Ard-Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont go dteastaíonn maoiniú breise ón stáisiún le “stad a chur le síorthitim” lucht féachana TG4 agus chun go bhféadfadh an stáisiún Gaeilge “fás arís”.

Mhol an BAI mí Dheireadh Fómhair seo caite go dtabharfaí €6 milliún breise do TG4 in aghaidh na bliana chun go mbeadh an stáisiún inmharthana. 

rabhadh tugtha ag Alan Esslemont cheana go bhféadfadh TG4 titim isteach sa “digital jungle” mar a thug sé ar na cainéil dhigiteacha ar fad a bhfuil sciar níos lú ná 1% den lucht féachana náisiúnta acu.

Deirtear chomh maith i gcáipéis straitéise de chuid TG4 a foilsíodh anuraidh go dtitfidh an sciar den lucht féachana atá ag an gcraoltóir go dtí thart ar 1% mura gcuirtear maoiniú breise ar fáil don stáisiún as seo go ceann cúig bliana.

Idir an dá linn, dúradh sa tuarascáil bhliantúil is déanaí ón stáisiún go raibh níos lú ná aon trian den ábhar a craoladh ar TG4 anuraidh dírithe ar phobal na Gaeilge agus gur in olcas a rachaidh an scéal mura gcuirtear maoiniú breise ar fáil don stáisiún.

Thit céatadán na n-uaireanta an chloig a bhí dírithe ar lucht féachana na Gaeilge 14% in 2018 i gcomparáid le 2017.

Is é an sprioc atá luaite le plean cúig bliana nua an stáisiúin ná go mbeadh sciar 2.2% den lucht féachana ag an stáisiún faoin am go mbeidh tréimhse an phlean istigh.

Níos mó