Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-beagan-faoi-bhun-e1-milliun-caite-ar-fheidhmiu-pleananna-teanga-sa-ghaeltacht

Beagán faoi bhun €1 milliún caite ar fheidhmiú pleananna teanga sa Ghaeltacht

| Tuairisc.ie | ,

Tá figiúirí ar fáil den chéad uair faoin méid airgid atá caite ar fheidhmiú pleananna teanga sa Ghaeltacht.

Bhain conspóid roimhe seo le figiúirí éagsúla a tugadh i dtaobh an chaiteachais i réimse na pleanála teanga, ach de réir eolais nua is féidir a rá anois gur beagán faoi bhun €1 milliún atá caite go dtí seo ar phleananna teanga a chur i bhfeidhm sa Ghaeltacht.

De réir na bhfigiúirí nua ó Údarás na Gaeltachta €1.05 milliún atá ceadaithe do 13 grúpa pleanála teanga agus €930,000 de sin atá tugtha go dtí seo do na grúpaí sin.

Fágann sin go bhfuil trí cheantar pleanála teanga a bhfuil a bpleananna teanga faofa ach nach bhfuil aon airgead caite go fóill ar chur i bhfeidhm na bpleananna sin – Cois Fharraige, Ceantar na nOileán agus Ráth Chairn agus Baile Ghib.

Tá nach mór dhá bhliain ó sheol Aire Stáit na Gaeltachta plean teanga Chois Fharraige i gConamara.

LPT Maoiniú ceadaithe Caiteachas go dáta
Cloich Chionnaola €100,000 €100,000
Gaoth Dobhair €140,000 €140,000
Árainn Mhór €100,000 €30,000
Dún na nGall Theas €100,000 €30,000
Maigh Eo Thuaidh €100,000 €80,000
Dúiche Sheoigheach & Tuar Mhic Éadaigh €100,000 €30,000
Conamara Láir €150,000 €75,000
An Cheathrú Rua €100,000 €100,000
Ciarraí Thiar €150,000 €115,000
Ciarraí Theas €100,000 €100,000
Múscraí €100,000 €50,000
Na Déise €100,000 €100,000
Ráth Chairn & Baile Ghib €100,000 €100,000
Iomlán €1,440,000 €1,050,000

Bhain conspóid cheana le figiúirí a chuir Roinn na Gaeltachta ar fáil faoin gcaiteachas i réimse na pleanála teanga. Bhí conspóid ann, mar shampla, nuair a thug iar-aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh le fios sa Dáil gur caitheadh €3.3 milliún san iomlán ar an bpleanáil teanga idir 2014-2017 agus go mbeadh €2.65 milliún eile caite uirthi faoi dheireadh na bliana 2018.


Léirigh fiosrúcháin a rinne Tuairisc.ie, áfach, nach raibh caite ar an bpróiseas pleanála teanga féin sna 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta go dtí sin ach thart ar 10% den iomlán a bhí á lua leis an bpleanáil teanga.


De réir eolas breise a fuair Tuairisc.ie ó Roinn na Gaeltachta caitheadh an chuid is mó den airgead eile a luadh leis an bpleanáil teanga ar nithe eile seachas an próiseas pleanála teanga féin.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie ag an am dúirt Seosamh Mac Donnacha, saineolaí sa phleanáil teanga agus duine d’údair an Staidéar Cuimsitheach ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht,  gur chóir go ndéanfaí “idirdhealú an-soiléir” idir an phleanáil teanga náisiúnta atá á déanamh faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus an phleanáil teanga atá á dhéanamh go háitiúil sa Ghaeltacht.

Ba mhinic ceisteanna sa Dáil ag an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív faoin gcaiteachas ar an bpleanáil teanga.

Bhí sé ina raic sa Dáil i mBealtaine na bliana seo caite idir Joe McHugh agus an Teachta Dála Éamon Ó Cuív faoin maoiniú a bhí caite ar ullmhú agus feidhmiú na bpleananna teanga sa Ghaeltacht.


Cheadaigh Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne an samhradh seo caite an 16ú plean teanga sa Ghaeltacht.


Faoi Acht na Gaeltachta 2012, tá plean teanga le hullmhú i 26 limistéar pleanála teanga sa Ghaeltacht.


Is iad na ceantair ina bhfuil plean teanga ceadaithe go n-uige seo: Cois Fharraige; Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus  Loch an Iúir; Cloch Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh; na Déise; Múscraí; Ciarraí Theas; Dúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh; Ciarraí Thiar; Maigh Eo Thuaidh; Árainn Mhór; An Cheathrú Rua; Conamara Láir; Ráth Chairn agus Baile Ghib; Dún na nGall Theas agus Ceantar na nOileáin.

Níos mó