Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-beirt-eile-gafa-mar-chuid-den-fhiosruchan-faoi-bhas-an-39-duine-ar-thangthas-orthu-i-leorai

Beirt eile gafa mar chuid den fhiosrúchán faoi bhás an 39 duine ar thángthas orthu i leoraí

| Tuairisc.ie | ,

Tá fear agus bean gafa ag na póilíní i Sasana mar chuid den fhiosrúchán faoi bhás an 39 duine ar thángthas orthu i leoraí in Essex.

Tuairiscítear gurb as Warrington don fhear agus don bhean, atá beirt 38 bliain, a gabhadh agus atá á gceistiú faoi dhúnorgain an 39 duine.

Tá siad á gceistiú chomh maith maidir le comhcheilg chun gáinneáil a dhéanamh ar dhaoine.

Gabhadh an bheirt mar chuid de chuardach a bhí ar bun ag na póilíní in Cheshire in Essex.

Tá tús le cur inniu le scrúduithe iarbháis ar chuid de na daoine a fuarthas marbh sa leoraí.

Meastar gurbh as an tSín don 39 duine agus gur 31 fear agus ochtar ban a bhí i gceist.

De réir tuairisc teilifíse sa Bhulgáir, mar a bhfuil an leoraí cláraithe, is í Joanna Maher, 38 bliain d’aois as Warrington, úinéir chábán an leoraí Scania.

De réir tuairiscí thug Maher agus a fear céile Thomas, le fios gur dhíol siad an leoraí 13 mí ó shin le comhlacht in Éirinn.

Tá na Gardaí abhus i mbun fiosrúcháin faoi shonraí cláraithe agus faoi thuras an tréiléara cuisnithe ar le comhlacht as Éirinn é.

Dheimhnigh an comhlacht Global Trailer Rentals Ltd inné gur leo an tréiléar agus go raibh sé ar cíos óna gclós i Muineachán ag comhlacht eile ó cheantar na teorann ón 15 Deireadh Fómhair. Dúirt an t-urlabhraí go raibh “uafás” orthu faoin scéal.

Gabhadh cheana féin tiománaí an leoraí, Mo Robinson, mar chuid den fhiosrúchán ar cuireadh tús leis nuair a tháinig na seirbhísí otharchairr ar na coirp sa leoraí i bpáirc thionsclaíochta in Essex go moch maidin Dé Céadaoin.

Ní léir go fóill an raibh nó nach raibh aon eolas ag an tiománaí faoi dhaoine a bheith á smuigleáil sa leoraí.

Tháinig tréiléar an leoraí i dtír ar abhainn an Thames in Purfleet agus anall as Zeebrugge na Beilge a tháinig sé.

Deirtear gur as Éirinn a tháinig an leoraí féin trí chalafort Caergybi [Holyhead] ar an 16 Deireadh Fómhair agus gurbh amhlaidh a bailíodh an tréiléar in Purfleet.

D’fhág an leoraí agus an tréiléar cuisnithe ina raibh na daoine Purfleet ag cúig tar éis a haon maidin Dé Céadaoin, 25 nóiméad nó mar sin sular thángthas ar na coirp.

Bhí an leoraí cláraithe sa Bhulgáir agus tugadh le fios gur le bean as Éirinn é. Bhí greamán mór ar fhuinneog thosaigh an leoraí, ar de dhéanamh Scania é, a deir ‘Ireland, the ultimate dream’.

Cé go bhfuiltear sásta nár tugadh na daoine a fuair bás trí Éirinn, tá ráite ag an nGarda Síochána go dtabharfaidh siad gach cúnamh is féidir do na póilíní atá ag fiosrú na heachtra.

Níos mó