Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-buisead-cnuasciunach-faoi-scath-bhaol-an-bhreatimeachta-gan-mhargadh

Buiséad cnuasciúnach faoi scáth bhaol an Bhreatimeachta gan mhargadh

| Tuairisc.ie | ,

Fógróidh an tAire Airgeadais Paschal Donohoe sa Dáil am lóin inniu Buiséad 2020 agus is dócha gur beag beartais nua a bheidh ann agus an Breatimeacht á lua ag an Rialtas mar chúis le cur chuige coimeádach.

Tá ráite ag an Taoiseach Leo Varadkar gur buiséad faoi scáth bhaol an Bhreatimeachta gan mhargadh a bheidh ann.

I measc an bheagáin beartas nua sin, meastar go ndéanfar an cháin charbóin a ardú thart ar €6 nó €7 an tonna.

B’ionann sin agus 2 cent ar lítear peitril nó díosail agus ardú €15 ar thanc ola théite an tí a líonadh.

Beartas é seo atá conspóideach agus Sinn Féin, Pobal Roimh Bhrabús agus roinnt teachtaí Dála neamhspleácha go láidir ina choinne.

Tá conspóid chomh maith ag baint leis an mbealach a chaithfí an teacht isteach breise ón gcáin charbóin.

Meastar go leagfar muirear nua ar ghluaisteáin peitril agus díosail nua agus ar charranna athláimhe a thugtar isteach sa tír.

Tuairiscítear chomh maith go ndéanfar leasuithe ar an scéim faoina gcuirtear cabhair ar fáil do dhaoine chun a gcéad teach a cheannach.

Tá ráite ag an Taoiseach Leo Varadkar go ndéanfaí an scéim a leasú ionas nach mbeadh fóirdheontais ar fáil san éagóir do lánúineacha “atá go maith in ann teach a cheannach dá uireasa”.

Ó cuireadh tús leis an scéim sin trí bliana ó shin, tá €215 milliún caite uirthi agus chuidigh sí le 15,000 ceannaitheoir a gcéad teach a cheannach. Faoin scéim sin is féidir le duine suas le €20,000 d’fhóirdheontas a fháil.

Meastar nach mbeidh aon laghduithe cánach ná arduithe sna liúntais leasa shóisialaigh ginearálta ann amárach. D’fhéadfadh áfach go dtabharfaí faoiseamh breise cánach do dhaoine atá féinfhostaithe agus do lucht fiontraíochta.

Beidh an Bónas Nollag ann do dhaoine atá ag brath ar liúntais leasa shóisialaigh ar fáil arís i mbliana agus gheobhaidh siadsan liúntas dúbailte i mí na Nollag

Táthar á thuar nach mbeidh ar fáil don Roinn Coimirce Sóisialaí amárach ach leath den €360 a fuair sí sa leithdháileadh breise anuraidh.

Maidir le cúinsí sláinte, ceaptar go mbeidh maoiniú breise ar fáil don Chiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála agus airgead breise chun íoc as uaireanta cúram baile.

Meastar go dtabharfar lascaine 50 cent ar na táillí cógais leighis do dhaoine atá os cionn 70 bliain d’aois agus nach n-íocfaidh aon teaghlach níos mó ná €114 in aon mhí amháin ar chógais leighis ó 2020.

Meastar go dtabharfar isteach cúram dochtúra teaghlaigh saor in aisce do leanaí faoi ocht mbliana d’aois agus cúram fiaclóra saor in aisce do leanaí faoi shé bliana ó mhí Mheán Fómhair ar aghaidh.

Is é is dóichí go n-ardófar an liúntas leasa sóisialaigh €9 sa tseachtain a íoctar le daoine a bhíonn ag cónaí ina n-aonar agus go n-ardófar an liúntas €37 a íoctar i leith leanaí atá ina theideal.

Gach seans go gcuirfear ardú 50 cent ar an tobac ach nach gcuirfear aon ardú ar an alcól ar eagla go neartódh sin an smuigleáil trasteorann i ndiaidh an Bhreatimeachta.

Níos mó