Home
FAQ's
Age Groups
Age Group > 4
Irish Names
Playgroups
Using Irish with your Children
Raising Children with Irish Outside the Gaeltacht
Raising Children through Irish in the Gaeltacht
Support, Services & Facilities
Age Group 4 > 12
All-Irish Primary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Support, Services & Facilities
Benefits of All-Irish Education
Age Group 12 > 18
All-Irish Secondary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Using Your Irish Name
Benefits of All-Irish Education
Support, Services & Facilities
Age Group 18 > 22
Irish Societies & Student Unions
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third Level Courses
Festivals
Support, Services & Facilities
Age Group 22+
Careers With Irish
Classes for Adults
Get Involved
Conversation Circles
Festivals
Support, Services & Facilities
Speaking to Your Grandchildren
Community
Conversation Circles
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Sloinne
5 Tips
Organisations
Festivals
Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
Irish Language Books
Learn
Learn Irish
Playgroups
All-Irish Secondary Schools
All-Irish Primary Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Benefits
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Working With Irish
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs (Ireland)
Jobs
Irish Language Careers Booklet
Jobs
  • Home
  • Gaeltacht
  • Cead pleanála iomlán do Pháirc na Mara le lorg roimh Nollaig
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-cead-pleanala-iomlan-do-phairc-na-mara-le-lorg-roimh-nollaig

Cead pleanála iomlán do Pháirc na Mara le lorg roimh Nollaig

Cuirfidh Údarás na Gaeltachta iarratas pleanála maidir le Páirc na Mara faoi bhráid Chomhairle Chontae na Gaillimhe roimh an Nollaig.

Lena chois sin, foilseoidh an eagraíocht fiontraíochta staidéir timpeallachta i leith na forbartha atá beartaithe do Chill Chiaráin i gConamara sna seachtainí amach romhainn.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Séan Kyne an méid sin sa Dáil agus mhaígh sé go raibh “obair mhór” déanta ag an Údarás ar iarratas pleanála a réiteach “a chuimsíonn leagan amach na páirce agus nithe ábhartha eile a bheidh ag teastáil chun páirc nuálaíochta mara den scoth a thógáil”.

Tá Páirc na Mara ar cheann de na tograí is mó atá beartaithe ag Údarás na Gaeltachta sa Ghaeltacht agus ar an togra is mó acu le dul i ngleic leis an ngéarchéim dífhostaíochta i gceantar iarthuaisceart Chonamara. 

Dhiúltaigh an Bord Pleanála don chéad chéim den fhorbairt ar Pháirc na Mara i gCill Chiaráin i gConamara. 

Mar sin, cé go mbeidh iarratas iomlán don fhorbairt á chur ag Údarás na Gaeltachta faoi bhráid Chomhairle Chontae na Gaillimhe go luath ceaptar gur dóigh gurb amlaidh go gcuirfear an scéal faoi bhráid an Bhoird Pleanála sa deireadh.

Ní raibh an tAire Stáit sásta aon ghealltanas a thabhairt go gcuirfí maoiniú breise ar fáil d’Údarás na Gaeltachta an bhliain seo chun a chinntiú nach mbeadh aon mhoill ar Pháirc na Mara sa chás go bhfaighfí cead pleanála ina leith.

D’fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an gcuirfear tuilleadh airgid ar fáil d’Údarás na Gaeltachta, más ga, chun a chinntiú nach mbeidh aon mhoill ar chur chun cinn Pháirc na Mara i gCill Chiaráin, má fhaightear cead pleanála ina leith; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. 

Níos mó

tuairisc.ie

Sign up for the PEIG newsletter

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge