Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘cinneadh-ar-bith’-faoi-shineadh-ama-–-michel-barnier

‘Cinneadh ar bith’ faoi shíneadh ama – Michel Barnier

| Tuairisc.ie | ,

Tá ráite ag Michel Barnier, príomh-idirbheartaí an AE, gur theip ar 27 ballstát eile an AE teacht ar shocrú faoi fhad an tsíneadh ama is déanaí ar an mBreatimeacht atáthar le tairiscint don Bhreatain.

Dúirt Barnier nach ndéanfaí cinneadh go dtí an tseachtain seo chugainn de bharr na héiginnteachta a chruthaigh éileamh Boris Johnson ar olltoghchán.

Bhí Barnier ag caint sa Bhruiséil i  ndiaidh cruinniú d’ambasadóirí an 27 ballstát. Dúirt sé go ndearnadh “an-phlé” ag an gcruinniú sin ach nár thángthas ar aon réiteach.

D’fhéadfadh go mbeadh sé ina Luan nó ina Mháirt anois sula bhfógrófar cinneadh an AE maidir leis an síneadh ama. Táthar ag fanacht ar an gcinneadh sin tráth a bhfuil géillte ag Boris Johnson den chéad uair nach mbeidh sé ina Bhreatimeacht ar an 31 Deireadh Fómhair.

Dúirt Príomh-Aire na Breataine inné go mbeadh toghchán mí na Nollag á lorg aige an tseachtain seo chugainn, ach tuairiscítear gurb é a ráiteas go dtarraingeoidh siar ar fad a bhille Breatimeachta mura bhfaigheann sé toghchán is mó atá ag cothú imní sa Bhruiséil.

Meastar gur ‘flextension’, nó ‘lúbshíneadh’, a thairgfidh an tAE, is é sin síneadh ama a dtiocfadh deireadh leis ar an 31 Eanáir 2020 ach a bhféadfaí deireadh a chur leis roimhe sin ach an reachtaíocht chuí a bheith curtha tríd.

I measc na gceannairí atá ag tacú lena leithéid de chur chuige, tá seansailéir na Gearmáine, Angela Merkel agus Taoiseach na hÉireann, Leo Varadkar.

A luaithe is a dhéanfar fógra faoi shíneadh ama is ar Westminster a dhíreoidh gach súil. Beidh cinneadh le déanamh ag feisirí ansin an tseachtain seo chugainn faoi cé acu an bhfuil olltoghchán luath uathu nó nach bhfuil.

D’fhógair Boris Johnson tráthnóna inné go mbeadh olltoghchán ar an 12 Nollaig á lorg aige an tseachtain seo chugainn agus é i gceist aige rún toghcháin a chur faoi bhráid pharlaimint Westminster Dé Luain.

Bheadh tacaíocht ó dhá thrian d’fheisirí ag teastáil ó Johnson.

Tá toghchán curtha as an áireamh go dtí seo ag an bhfreasúra in Westminster mar go rabhthas ag iarraidh a chinntiú ar dtús nach mbeadh sé ina Bhreatimeacht gan mhargadh ar an 31 Deireadh Fómhair.

Dúirt Páirtí an Lucht Oibre cheana go mbeidís sásta vótáil ar son toghcháin a luaithe is a bheadh  mbeannacht tugtha ag ceannairí an 27 ballstát do shíneadh ama eile agus fad is a bheadh Breatimeacht gan mhargadh curtha as an áireamh.

Dúirt ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Jeremy Corbyn aréir, áfach, go gcaithfí Breatimeacht gan mhargadh a chur as an áireamh ar fad chun go dtacóidís le toghchán.

“Bain den bhord [an Breatimeacht] gan mhargadh agus cinnte tabharfaimid tacaíocht do thoghchán. Tá toghchán á lorg agamsa ón gceann deireanach mar tá ceann ag teastáil chun go rachadh an tír seo i ngleic leis an éagóir shóisialta, ach caithfear [an Breatimeacht] gan mhargadh a bhaint den bhord ar dtús,” arsa Jeremy Corbyn.

Tá Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson faoi bhrú le tamall agus cinneadh le déanamh aige faoi conas a láimhseálfadh sé an freagra ar an iarratas ar shíneadh ama ab éigean dó a dhéanamh in aghaidh a thola an deireadh seachtaine seo caite.

Dhá rogha a bhí ag Johnson, treabhadh leis lena iarracht a bhille Breatimeachta a chur tríd an bparlaimint sula lorgódh sé toghchán nó toghchán a lorg láithreach.

Faoi acht Benn, an reachtaíocht a tugadh isteach chun Breatimeacht gan mhargadh a chosc, cuireadh iachall ar Johnson síneadh ama a lorg ón AE, rud a gheall sé go minic nach ndéanfadh sé go brách.

De réir na reachtaíochta céanna bheadh iachall ar Johnson glacadh le haon tairiscint ar shíneadh ama ón AE, sin mura ndiúltódh feisirí parlaiminte don tairiscint sin laistigh de dhá lá.

Tá formhór de cheannairí an 27 ballstát ar son síneadh ama go dtí an 31 Eanáir a thairiscint don Bhreatain, ach tuairiscítear go bhfuil a chos á cur i bhfeac ag Uachtarán na Fraince Emanuel Macron faoin scéal agus é buartha gurb é an toradh a bheadh ar shíneadh ama trí mhí ná a thuilleadh éiginnteachta, fiú má bhíonn toghchán ann.

Síltear go mb’fhearr le Macron síneadh ama gearr a thabharfadh ar fheisirí Westminster díriú ar an gcomhaontú aistarraingthe a chur tríd.

Fágann cinneadh Johnson toghchán a lorg an tseachtain seo chugainn go bhfuil géillte aige nach mbeidh an Ríocht Aontaithe ag fágáil an AE ar an 31 Deireadh Fómhair, rud a gheall sé a dhéanfaí ba chuma cad a tharlódh.

Tuairiscíodh inné go raibh scoilt i rialtas Johnson faoi cé acu ar cheart an cúrsa a sheasamh agus iarracht a dhéanamh margadh an Phríomh-Aire a chur tríd an bparlaimint, nó arbh fhearr éirí as an iarracht sin agus toghchán i mí na Nollag a lorg.

Dúirt Johnson tráthnóna inné go mbeadh “neart ama” ag feisirí a bhille Breatimeachta a scrúdú as seo go dtí an 6 Samhain, an lá deireanach a chaithfí an pharlaimint a chur ar scor chun go mbeadh toghchán ann ar an 12 Nollaig.

Dúirt sé go mbeadh sé “dochreidte” ó thaobh na “moráltachta” de mura dtacódh Páirtí an Lucht Oibre lena iarratas ar thoghchán tobann.

Tá sé ina imní ag na Tóraithe dá mbeadh síneadh ama fada ann gan toghchán go bhféadfadh na feisirí de chuid Pháirtí an Lucht Oibre a thacaigh le margadh Johnson an tseachtain seo comhghuaillíocht a bhunú le heasaontóirí coimeádacha chun leasuithe a chur i bhfeidhm ar an mbille ar mhaithe le Breatimeacht níos boige, nó fiú reifreann eile.

Os a choinne sin, tá imní ar dhaoine eile go mbeadh deacracht mhór ag Johnson a mhíniú do vótóirí cén fáth nár éirigh leis an Breatimeacht a chur i gcrích mar a mhaígh sé a dhéanfadh sé go minic.

Bheadh an baol ann chomh maith go n-éireodh le páirtí Breatimeachta Nigel Farage dul chun cinn a dhéanamh sa chás go mbeadh toghchán ann agus gan an Breatimeacht curtha i gcrích.

Táthar ann chomh maith a chreideann gur fearr a d’éireodh leis na Tóraithe i dtoghchán dá bhféadfaí Johnson a chur i láthair mar an té ar éirigh leis an Breatimeacht a chur i gcrích faoi dheireadh, bíodh gur thóg sé níos mó ama ná mar a gheall sé.

Chuir Johnson a bhille Breatimeachta “ar sos” oíche Dé Máirt nuair a diúltaíodh i bparlaimint Westminster dá phlean an reachtaíocht Bhreatimeachta a bhrú tríd an tseachtain seo, cinneadh a d’fhág a phlean an tAE a fhágáil ar an 31 Deireadh Fómhair in aimhréidh.

Theip ina dhiaidh sin ar Phríomh-Aire na Breataine agus ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Jeremy Corbyn teacht ar réiteach maidir le clár ama don reachtaíocht Bhreatimeachta, rud a chuir leis an gcaint faoi olltoghchán.

Níos mó