Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-coinnimis-ag-troid-ar-son-na-slainte-intinne

Coinnímis ag troid ar son na sláinte intinne

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Is iomaí ceacht atá foghlamtha agam ó dhornálaithe na hÉireann le blianta beaga anuas.

In ainneoin gur trodaithe fíochmhara iad taobh istigh den bhfáinne, taobh amuigh, is daoine séimhe agus cineálta na dornálaithe a raibh mise aon déileáil agamsa leo.

Bíonn siad faoi bhrú freisin. Ag déanamh a ndíchill cáiliú do chomórtais idirnáisiúnta, ag cloí le clár ama crua, gan mórán tacaíocht airgid. Is minic iad go troid i gcoinne an mheáchain chomh maith, ar fhaitíos go mbeadh siad ró-throm sa bhfáinne. Is minic freisin gur ó chúlra crua a tháinig siad agus go raibh go leor oibre le déanamh acu le haon chúnamh a fháil.

Agus chonaic muid go bhfuil an brú seo in ann drochbhail a chur ar dhornálaí. Tá sé deich mbliana ó chuir Darren Sutherland lámh ina bhás féin. Labhair agus scríobh Kenneth Egan, atá anois ina
chomhairleoir cathrach, faoin mbealach ar shúigh an t-ól isteach é féin agus faoi na drochchinntí a rinne sé dá bharr. Níl ansin ach dhá scéal. Agus ní le dornálaithe amháin a bhaineann na fadhbanna sin. Bíonn a leithéid ag tarlú in chuile phobal beo sa tír. Ach tá ardán ag lúthchleasaithe, agus tá guth acu, agus mar sin nuair a labhraíonn siad, cloistear iad.

Tá i bhfad níos mó ar eolas againn anois faoin meabhairshláinte, ach ní shin le rá nach bhfuil muid fós i bhfad ró-aineolach air. Tá an ráiteas “tá sé ceart go leor gan a bheith ceart go leor” de ghlanmheabhair againn uilig, ach i ndáiríre, níl móran eile ar eolas againn.

Céard a dhéanfá dá dtiocfadh duine éicint chugat ag rá nach raibh siad ceart go leor? An bhfuil an fhios agat céard ba cheart duit a rá leo, nó céard ba cheart duit a dhéanamh? An scanradh a
chuirfí ort agus an ngabhfá ar do theitheadh ón té a labhair?

Chonaic mé go raibh an dornálaí as Contae Mhaigh Eo, Ray Moylette, ag déanamh a chuid machnaimh ar an gceist seo le seachtain. Thug sé suntas do líon na ndaoine a bhí ag plé an ábhair ar Lá
Domhanda na Meabhairshláinte Déardaoin seo caite, agus gur seans maith nach bhfeicfí iad á lua arís go ceann bliana. Ligtha i ndearmad go dtí an chéad bhliain eile. Agus, faraor, ceapaim go bhfuil go leor den fhírinne ansin.

Roinn Ray cúpla bealach ar féidir cosaint de chineál a thabhairt don inchinn, agus tá an ceart aige, mar go bhfuil fianaise ann a thacaíonn leis na bealaí seo:

1. Tabhair aird ar dhaoine, agus bí aireach

2. Déan beagán aclaíochta

3. Ith go folláin

4. Bíodh meangadh gáire ort

Má tá an dúlagar ar dhuine, nó má tá rudaí bailithe chomh dona go bhfuil cóir leighis ag teastáil, ní chabhróidh na leideanna thuas luaite leat. Téigh chuig an dochtúir.

Cabhróidh na pointí seo leat, áfach, nuair a bheidh tú ar bhóthar do leasa agus cabhróidh siad chun tú a choimeád ansin. Níl an saol seo éasca uaireanta. Déarfaidh aon dornálaí é sin leat. Ach dá mbeadh muid ar fad chomh haireach agus atá muid ag ligean orainn féin ag an am seo den bhliain, bheadh feabhas mór ar ár ndearcadh agus ar na seirbhísí meabhairshláinte.

Níos mó