Home
Age Groups
Age Group > 4
Irish Names
Playgroups
Using Irish with your Children
Raising Children with Irish Outside the Gaeltacht
Raising Children through Irish in the Gaeltacht
Support, Services & Facilities
Age Group 4 > 12
All-Irish Primary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Support, Services & Facilities
Benefits of All-Irish Education
Age Group 12 > 18
All-Irish Secondary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Using Your Irish Name
Benefits of All-Irish Education
Support, Services & Facilities
Age Group 18 > 22
Irish Societies & Student Unions
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third Level Courses
Festivals
Support, Services & Facilities
Age Group 22+
Careers With Irish
Classes for Adults
Get Involved
Conversation Circles
Festivals
Support, Services & Facilities
Speaking to Your Grandchildren
Community
Conversation Circles
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Sloinne
5 Tips
Organisations
Festivals
Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
Irish Language Books
Learn
Learn Irish
Playgroups
All-Irish Secondary Schools
All-Irish Primary Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Benefits
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Working With Irish
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs (Ireland)
Jobs
Irish Language Careers Booklet
Jobs
  • Home
  • Gaeltacht
  • ‘Craoltóir cumasach a d’fhan dílis dá lucht éisteachta’ – buaicghradam cumarsáide an Oireachtais le bronnadh ar Mhicheál Mac Donnchadha
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘craoltoir-cumasach-a-d’fhan-dilis-da-lucht-eisteachta’-–-buaicghradam-cumarsaide-an-oireachtais-le-bronnadh-ar-mhicheal-mac-donnchadha

‘Craoltóir cumasach a d’fhan dílis dá lucht éisteachta’ – buaicghradam cumarsáide an Oireachtais le bronnadh ar Mhicheál Mac Donnchadha

Tá Buaicghradam Cumarsáide an Oireachtais le bronnadh i mbliana ar Mhicheál Mac Donnchadha, an craoltóir spóirt aitheanta de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Dúradh i ráiteas ó Oireachtas na Gaeilge inniu go raibh an gradam, a thugann aitheantas do shaothar saoil, á bhronnadh ar Mhicheál Mac Donnchadha mar gheall ar an gcraoltóireacht spóirt a rinne sé in earnáil na cumarsáide Gaeilge “thar thréimhse fada blianta”.

Thosaigh Micheál Mac Donnchadha, arb as an gCeathrú Rua i gConamara dó, ag obair ar bhonn páirtaimseartha le RTÉ Raidió na Gaeltachta i samhradh na bliana 1972, an bhliain ar bunaíodh an stáisiún. 

Chaith sé os cionn 30 bliain ag tuairisciú faoi chúrsaí spóirt ar Raidió na Gaeltachta ar na cláracha Spórt an Lae agus Spórt an Domhnaigh

Dúirt lucht an Oireachtais gur thuill Mac Donnchadha “lucht leanúna dílis dá chuid chlár” agus go raibh “ardmheas air mar gheall ar an gcúram a rinne sé i gcónaí do chluichí na gclubanna”.

Dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais, gur “cúis áthais” a bhí ann don Oireachtas buaicghradam na bliana seo a bhronnadh ar “craoltóir cumasach a d’fhan dílis dá lucht éisteachta”.

“Ba phléisiúr é a bheith ag éisteacht lena shaibhreas teanga agus lena chur i láthair deisbhéalach.  Bhí rian a phaisin don spórt agus do chluichí an Chumainn Lúthchleas Gael, Comórtas Peile na Gaeltachta,  ach go háirithe, le brath go sonrach ina chuid clár”, a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais.

Bronnfar Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais ar Mhicheál Mac Donnchadha ócáid bhronnta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais atá ar siúl in Ostán an Citywest i mBaile Átha Cliath Dé Céadaoin an 29 Deireadh Fómhair.

Níos mó

Pádraic Ó Ciardha

Sign up for the PEIG newsletter

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge