Home
FAQ's
Age Groups
Age Group > 4
Irish Names
Playgroups
Using Irish with your Children
Raising Children with Irish Outside the Gaeltacht
Raising Children through Irish in the Gaeltacht
Support, Services & Facilities
Age Group 4 > 12
All-Irish Primary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Support, Services & Facilities
Benefits of All-Irish Education
Age Group 12 > 18
All-Irish Secondary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Using Your Irish Name
Benefits of All-Irish Education
Support, Services & Facilities
Age Group 18 > 22
Irish Societies & Student Unions
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third Level Courses
Festivals
Support, Services & Facilities
Age Group 22+
Careers With Irish
Classes for Adults
Get Involved
Conversation Circles
Festivals
Support, Services & Facilities
Speaking to Your Grandchildren
Community
Conversation Circles
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Sloinne
5 Tips
Organisations
Festivals
Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
Irish Language Books
Learn
Learn Irish
Playgroups
All-Irish Secondary Schools
All-Irish Primary Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Benefits
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Working With Irish
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs (Ireland)
Jobs
Irish Language Careers Booklet
Jobs
  • Home
  • National
  • ‘Gníomh láidir’ de dhíth le comharthaíocht dhátheangach a chinntiú i mBéal Feirste
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘gniomh-laidir’-de-dhith-le-comharthaiocht-dhatheangach-a-chinntiu-i-mbeal-feirste

‘Gníomh láidir’ de dhíth le comharthaíocht dhátheangach a chinntiú i mBéal Feirste

Ghlac Comhairle Cathrach Bhéal Feirste le rún ar son na comharthaíochta dátheangaí ag cruinniú a reáchtáladh, ach beidh “gníomh láidir” de dhíth chun a chinntiú go gcrochfar na comharthaí.

Pléadh ceist na comharthaíochta dátheangaí ag cruinniú a ghair Ard-Mhéara Bhéal Feirste John Finucane de chuid Shinn Féin, tráth a bhfuil polasaí teanga á dhréachtú d’ionaid spóirt ar fud na cathrach.

Aontaíodh ag an chruinniú gur i gcomhar leis an phobal áitiúil a dhéanfar cinntí maidir le cibé comharthaíocht “dátheangach nó ilteangach” a bheas le feiceáil ar ionaid spóirt de chuid na comhairle cathrach.

Dúirt urlabhraí ón Chomhairle Cathrach go mbeidh an polasaí teanga d’ionaid spóirt na cathrach ag teacht le “riachtanais teanga” an phobail áitiúil.

Tá ceist na comharthaíochta go mór i mbéal an phobail le cúpla seachtain anuas mar gheall ar an éileamh atá á dhéanamh ag pobal na Gaeilge in iarthar Bhéal Feirste go gcrochfaí comharthaíocht Ghaeilge sa dá ionad spóirt i mBaile Andarsan agus Cill Uaighe.

Bhí aighneas ann idir Sinn Féin agus páirtí an Alliance mar gheall ar cheist na comharthaíochta sa dá ionad spóirt in iarthar na cathrach agus é curtha i leith Shinn Féin ag an Alliance go raibh ‘geiteo’ á dhéanamh de lucht na Gaeilge in iarthar na cathrach.

We wanted to include options for the entirety of city & asked for it to go to meeting of party group leaders to try & reach an agreement on all centres. Which is what will happen now. We didn’t oppose signage at centres and they’ll still be included in the discussions.

— Alliance Party (@allianceparty) October 1, 2019

Chuir Conchúr Ó Muadaigh Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge tús leis an chruinniú agus achainí á déanamh aige go mbeadh comharthaíocht i nGaeilge le feiceáil sa dá ionad spóirt in iarthar na cathrach agus go neartófaí polasaí teanga na cathrach trí chéile.

Ag labhairt dó ag an chruinniú, thug Ó Muadaigh suntas don “dul chun cinn” atá déanta ag an Chomhairle, ach dúirt sé go raibh “toil agus comhoibriú de dhíth” chun cur le feiceálacht na teanga sa chathair.

Dúirt sé freisin gur cheart go léireodh spásanna poiblí na teangacha a bhíonn á labhairt ag an phobal.

Tá sé de dhualgas ar an chomhairle comharthaíocht dhátheangach a chur chun cinn sa chathair mar chuid dá polasaí teanga, a aontaíodh in 2018.

An Comhairleoir de chuid Shinn Féin Ciaran Beattie, a mhol an rún.

Dúirt Beattie nach le Sinn Féin an Ghaeilge ach gur leis an phobal uile í.

Dúirt sé freisin go gcuideodh an chomharthaíocht dhátheangach le “deireadh a chur le blianta fada leithcheala”.

Dúirt an Comhairleoir Michael Long ó pháirtí Alliance, a thacaigh leis an rún, nach raibh sé fíor go raibh a pháirtí i gcoinne comharthaíocht i nGaeilge in iarthar na cathrach ach gur theastaigh uathu gur polasaí don chathair ar fad a bheadh ann. 

Dúirt Brian Kingston, Comhairleoir de chuid an DUP, go raibh “an t-ádh” ar mhuintir na cathrach gurb é an Béarla “an phríomhtheanga” inti.

“Caithfear a chinntiú go mbraithfidh daoine go bhfuil fáilte roimh chách sna hionaid spóirt,” a dúirt Kingston.

Ag trácht di ar an rún féin, dúirt an Fiona Ferguson, Comhairleoir de chuid Phobal Roimh Bhrabús gur cúis “imní” di gur cuireadh an focal ‘dátheangach’ in áit an focal ‘Gaeilge’ sa rún leasaithe, rud a fhágann go bhféadfaí “léamh eile” a dhéanamh air.

“Is fiú aird a tharraingt ar an fhoclaíocht sa rún agus gan aon tagairt ann den fhocal ‘Gaeilge’. Is furasta a thuiscint an frustrachas a bhíonn ar Ghaeilgeoirí,” a dúirt Fiona Ferguson.

Dúirt sí freisin nár chóir go ndéanfaí “ceist chonspóideach nó chigilteach” den teanga.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie inniu, dúirt Pádraig Ó Tiarnaigh, Bainisteoir Cumarsáide Chonradh na Gaeilge gur maith gur tugadh tacaíocht traspháirtí don rún ach mheas sé go mbeadh “gníomh láidir” de dhíth le cinntiú go gcrochfaí comharthaíocht dhátheangach sna hionaid spóirt de chuid na Comhairle Cathrach.

“Mar thoradh ar an chinneadh a ghlac Comhairle Cathrach Bhéal Feirste Dé hAoine beidh polasaí nua dátheangachais i mBéal Feirste maidir le comharthaíocht sna sólanna ar fud na cathrach agus is maith go raibh tacaíocht traspháirtí ann ar son an rúin.

“Cinnteoidh an rún a chuaigh fríd go mbeidh comharthaíocht Ghaeilge sna sólanna siúd in iarthar na cathrach a bheas le hoscailt sna míonna beaga amach romhainn, ach fós beidh próiseas comhairliúcháin ag dul ar aghaidh agus beidh gá le gníomh láidir chun an polasaí is láidre a chinntiú.”

Dúirt Ó Tiarnaigh gur léirigh an díospóireacht “bearnaí” i bpolasaí teangacha Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste.

“Beidh muid ag obair anois chun dul i ngleic leis na bearnaí sin, chun soláthar níos fearr a chinntiú i mBéal Feirste, ar nós mar atá i gComhairle Lár Uladh nó i gComhairle an Iúir, Mhúrn agus an Dúin cheana féin.

“Is bunchearta iad cearta teanga agus má tá muid dáiríre fá Bhéal Feirste, agus sochaí roinnte a chruthú, ní mór go mbeadh an Ghaeilge le feiceáil agus le cloisteáil sna spásanna a roinntear.

“Léiríonn an cás seo arís eile an géarghá atá le hAcht Gaeilge cuimsitheach a aithníonn an Ghaeilge mar theanga oifigiúil ó thuaidh agus a bhfuil forálacha láidre infheictheachta luaite go sonrach ann,” a dúirt Bainisteoir Chumarsáide Chonradh na Gaeilge, Padaí Ó Tiarnaigh.

Níos mó

Méabh Ní Thuathaláin

Sign up for the PEIG newsletter

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge