Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-imram-agus-ceithre-imeacht-eile

IMRAM agus ceithre imeacht eile

| NÓS Suíomh Gréasáin |

What Haven’t We Heard? The Black Gate, Gaillimh, Dé hAoine 4 Deireadh Fómhair @ 13:00

Tá féile snagcheoil na Gaillimhe ar siúl ó thús na míosa. Ócáid amháin a chonac ar an gclár agus a mheall mo shúil, ná coirm i lár an lae inniu @ 13:00. An cláirseoir, cumadóir agus innealtóir ceoil Úna Monaghan a bheidh in Ionad Cultúrtha The Black Gate agus an t-amhránaí Pauline Scanlon in éineacht léi. 

What Haven’t We Heard? atá ar an taispeántas ceoil seo, gur dhein Cultúrlann Uí Chanáin agus an fhéile IMBOLC coimisiúnú air sa bhliain 2018, le cúnamh ó Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann. Baineann an saothar seo le cothromaíocht inscne, go háirithe i saol an cheoil agus do bhí sé d’ádh orm é a fheiscint ag ócáid a d’eagraigh an ghluaiseacht Fair Plé i Halla na Saoirse. Mholfainn go hard é; b’fhiú cuairt a thabhairt orthu má bhíonn sibh in aon ghiorracht don gcathair inniu.

IMRAM, an fhéile litríochta Gaeilge 4-26 Deireadh Fómhair ’19 (ionaid éagsúla i mBÁC)

Níl ionadh ar bith orm go bhfuil clár breá leathan d’imeachtaí beartaithe arís i mbliana don bhféile Imram, mar is dual don lucht eagraithe. ‘Éagsúlacht’ an focal a ritheann liom agus sin go díreach atá ann. Déanfar ceiliúradh ar shaol Gandhi nuair a sheolfar leabhar faoi, scríofa ag Gabriel Rosenstock, ag coirm Indiach-Ghaelach i Halla na Saoirse; tá amhráin Nick Drake aistrithe ag Gabriel chomh maith agus canfaidh Liam Ó Maonlaí iad, le tionlacan ó Neil Martin agus Peter O’Toole.  

Pléifear Mícheál Ó hAirtnéide, an file a cailleadh scór blianta ó shin ag ócáid in Amharclann Smock Alley; agus cloisfear sleachta ó shaothar mór Joyce, Ulysses as Gaeilge, a d’aistrigh Séamas Ó hInnéirghe go Gaeilge idir na blianta 1987-1992; gan trácht ar chlár imeachtaí faoi leith do dhaoine óga, dar teideal Imram na nÓg. Mairfidh an fhéile i mbliana go dtí an 26 Deireadh Fómhair. Mí iomlán, beagnach, d’imeachtaí cultúrtha, liteartha san Ardchathair.

Tradition Now: Kíla Kids Show; seó idirghníomhach an bhanna Kíla, Ceoláras Náisiúnta na hÉireann, Dé Sathairn 5 Deireadh Fómhair @ 12:00

Tá ócáid álainn do dhaoine óga le bheith ar siúl sa Cheoláras Náisiúnta Dé Sathairn. Is ceolchoirm idirghníomhach atá i gceist le baill an bhanna Kíla agus ceol acu ón scannán, Song of the Sea. Beidh baint nach beag ag an lucht féachana óg leis an taispeántas seo agus spreagfar iad chun amhráin a chanadh, bheith ag bualadh bos agus aithris a dhéanamh ar fhuaimeanna na farraige. Dírithe go príomha orthu siúd atá idir 3-11 atá sé, slí álainn chun do thráthnóna a chaitheamh agus siamsaíocht bhreá a chur ar fáil do leanaí óga atá ar d’aithne!

Aonach na Ceathrún Rua, Dé Sathairn 5 Deireadh Fómhair @ 14:00

Tá cuma ana-bhreá ar fad ar Aonach na Ceathrún Rua a bheidh ar bun an Satharn seo, (murach go gcuirfidh Lorenzo as do na pleananna)! Is ócáid don bpobal í seo, do chách, idir óg agus aosta agus imeachtaí oiriúnacha do na héinne beartaithe! Is sa Chrompán a bheidh tús á chur leis an lá agus Eoghan Ó Loideáin, an craoltóir aitheanta i bhfeighil an tí. Beidh seastáin éagsúla ar an láthair agus deis ag daoine eolas a fháil faoi Thuismitheoirí na Gaeltachta, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, agus eagraíochtaí eile nach iad; ní hamháin sin, ach beidh cístí milse agus bia blasta sa halla chomh maith. 

Beidh taispeántais cheardaíochta agus ealaíne ar siúl i rith an lae agus cloisfear ceol ó Sonny Ní Chathasaigh agus Róisín Seoighe; sula seolfar Plean Teanga na Ceathrún Rua, agus an tAire Seán Kyne i láthair dó sin. Tá oiread sa bhreis go bhféadfaí a lua faoin lá seo, ach ní bheadh aon spás fágtha ar an leathanach seo do rud ar bith eile! Tá gach eolas faoin lá ar chuntas Facebook ‘Pobal Rua’.

Sruth na Maoile, Glór, Inis, Co. an Chláir, Dé Sathairn 05 Deireadh Fómhair @ 20:00

Tá an clár ceoil Sruth na Maoile ar an aer le 25 bliain agus cúis mhaith cheiliúrtha ag an bhfoireann– Seán Ó hÉanaigh agus Mairi Anna Nic Ualraig, na láithreoirí agus léiritheoirí. Craoltar an clár ar RTÉ Raidió na Gaeltachta mar aon le Radio nan Gàidheal agus meascán de cheol agus amhráin ó Éire agus ón Albain a bhíonn le clos.

Chun an breithlá suntasach seo a cheiliúradh, beidh eagrán speisialta á chraoladh acu ón amharclann Glór, in Inis Dé Sathairn. Ní hamháin go gcloisfear é beo ar aerthonnta an dá stáisiún agus ar a gcuid leathanaigh Facebook (agus anseo), ach tá deis agatsa, a a bheith ar an láthair más mian leat é! 

Tá ticéid ar díol faoi láthair chun scoth na gceoltóirí ón dá thír a fheisicnt: Karen Matheson; Moya Brennan & Cormac de Barra; Séamus Begley, Méabh Ní Bheaglaoich & Donogh Hennessy; John McIntyre & Zoë Conway; Eabhal; Pádraig Rynne, Tara Breen, Elaine Hogan; Bríd Ní Mhaoilchiaráin agus Ruairidh Gray. Go n-éirí leo agus go maire siad!

Níos mó