Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘ionracas-ealaionta-thar-an-ngnath-ag-fly-pan-am’

‘Ionracas ealaíonta thar an ngnáth ag Fly Pan Am’

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Grúpa iar-rac as Montréal, Ceanada é Fly Pan Am a d’eisigh trí albam ag tús an chéid ar cheirníní Constellation, an lipéad antoisceach neamhspleách atá freagrach as ceol uathúil grúpaí mar Godspeed You Black Emperor! agus Thee Silver Mount Zion Orchestra a chur os comhair an tsaoil.

Tá 15 bliain caite ón uair a d’eisigh Fly Pan Am a n-albam deireanach, N’Écoutez Pas, ach bhí foighne a ndóthain ag cúig bhall den ghrúpa fanacht ar an lá go mbeadh fonn ar gach duine acu tabhairt faoin stiúideo taifeadta arís, rud a insíonn a scéal féin. 

Ní ar mhaithe le clú ná saibhreas a bhíonn Fly Pan Am ag déanamh ceoil. Ní smaoinítear ar eispéireas an éisteora, fiú, agus iad ag taifeadadh ach fós níl aon rian den sotal le sonrú ina gcuid ceoil. Tá C’est ça dúshlánach in áiteanna, is fíor, ach tá ionracas ealaíonta thar an ngnáth ag baint le fuaim Fly Pan Am.

Nílim ag magadh nuair a deirim go bhfuil céad-rian an albaim, ‘Avant-gardez Vous’ ar nós a bheith ag éisteacht le R2D2 i mbun scliúchais le foireann drumaí, pána fuinneoige agus clóscríobhán istigh i bpoll portaigh. Ach fan inti, níl an rian úd ach nóiméad go leith ar fhad agus an fheidhm atá leis ná na blaslóga a ullmhú d’fhuaim shoegaze aoibhinn loiscneach ‘Distance Dealer’.  

Stróbsholas don gcluas é an port céanna, á thiomáint ag dordlíne phreabach agus ruathair ghiotáir ar nós cairr rásaíochta F1 ag glacadh cúinní ar lán luais le linn stoirme gainimh. 

Ní féidir gan an chosúlacht le ceol iontach Mice Parade a aithint, sa tslí a lúbann treo agus a athraíonn fuinneamh rianta mar ‘One Hit Wonder’ agus ‘Discreet Channeling’ go háirithe, ach tá dath i bhfad Éireann níos dorcha, níos feargaí ar cheol úr Fly Pan Am ná a bhí riamh i gceist le fíolagrán fuaime fhíneáilte Adam Pierce

Tá tionchar My Bloody Valentine le sonrú freisin, i ngiotár ilchisealach ‘Dizzy Delusions’ agus i dtitim thobann dhrumadóireachta ‘Each Ether’. 

Tosnaíonn ‘Bleeding Decay’ le buile griothalach teicneo 4/4 agus torann bán sula dtosaíonn Fly Pan Am ag malartú idir thréimhsí glioscarnacha geala agus pasáistí diana á dtiomáint ag líne dhordghiotáir a chuirfeadh surf-rock Dick Dale i gcuimhne duit. Ní bheidh tú ag súil le béicíl an amhránaí le cantal i dtreo deireadh an riain, ach sin cuid den chraic. 

Maraon le gach amhrán eile ar an albam, tá na liricí dothuigthe ach tá fiúir agus frustrachas lucht a chumtha soiléir le clos. EAAAAAAAAA! Tá na hamadáin in uachtar, a gcuid seafóide á gcraobhscaoileadh de shíor ar Twitter acu, agus tá lucht na céille ina ndiúra dheabhra. 

Cá bhfuil ár dtriall? N’fheadar mé, ambaiste, ach is ar bord eitilte Pan Am a bheadsa ag taistil!

C’est ça le fáil anois ar lipéad Constellation.

Níos mó