Home
FAQ's
Age Groups
Age Group > 4
Irish Names
Playgroups
Using Irish with your Children
Raising Children with Irish Outside the Gaeltacht
Raising Children through Irish in the Gaeltacht
Support, Services & Facilities
Age Group 4 > 12
All-Irish Primary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Support, Services & Facilities
Benefits of All-Irish Education
Age Group 12 > 18
All-Irish Secondary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Using Your Irish Name
Benefits of All-Irish Education
Support, Services & Facilities
Age Group 18 > 22
Irish Societies & Student Unions
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third Level Courses
Festivals
Support, Services & Facilities
Age Group 22+
Careers With Irish
Classes for Adults
Get Involved
Conversation Circles
Festivals
Support, Services & Facilities
Speaking to Your Grandchildren
Community
Conversation Circles
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Sloinne
5 Tips
Organisations
Festivals
Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
Irish Language Books
Learn
Learn Irish
Playgroups
All-Irish Secondary Schools
All-Irish Primary Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Benefits
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Working With Irish
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs (Ireland)
Jobs
Irish Language Careers Booklet
Jobs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-johnson-le-toghchan-nollag-a-lorg-aris-agus-a-ghealltanas-breatimeachta-briste-aige

Johnson le toghchán Nollag a lorg arís agus a ghealltanas Breatimeachta briste aige

Déanfaidh Boris Johnson iarracht eile inniu toghchán roimh Nollaig a fháil agus a phlean Breatimeachta in aimhréidh i ndiaidh gurbh éigean dó dul siar ar a fhocal agus glacadh le síneadh ama ón AE. 

Theip aréir don tríú huair ar Johnson toghchán á fháil, ach tá rún aige bille gairid a thabhairt isteach inniu chun go mbeadh toghchán ann ar an 12 Nollaig, bille nach dteastódh ach móramh simplí uaidh.

Tá ráite ag na Liobrálaigh Daonlathacha agus an SNP go dtacóidís lena leithéid de chur chuige. 

Deir na Liobrálaigh Daonlathacha áfach gur toghchán ar an 9 Nollaig atá uathu agus nach dtacóidh siad leis an bPríomh-Aire má chloíonn sé leis an 12 Nollaig.

Tá an seasamh sin á thógáil ag na Liobrálaigh Daonlathacha, atá ag iarraidh an Breatimeacht a stop, ionas nach mbeadh deis ag Johnson a bhille imeachta a chur tríd an bparlaimint roimh thoghchán.

Tá geallta ag Rialtas Johnson nach ndéanfaidh siad iarracht margadh Johnson a chur ós comhair an tí arís ach deir an freasúra gurb amhlaidh nach féidir iontaoibh a chur sa Phríomh-Aire.

Níor éirigh aréir le rún toghcháin an Phríomh-Aire.

Vótáil 299 feisire ar son a phlean go mbeadh toghchán ann ar an 12 Nollaig agus 70 a bhí ina choinne, ach theip air mar nár éirigh leis an móramh dhá thrian a theastaíonn do thoghchán a bhaint amach.

Dúirt ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Jeremy Corbyn aréir nach dtacódh a pháirtí le toghchán nó go gcuirfí an Breatimeacht gan mhargadh “as an áireamh ar fad”. 

Dúirt sé nach bhféadfaí glacadh le focal Johnson go raibh an Breatimeacht gan mhargadh “bainte den bhord”.

Dhéanfadh a pháirtí bille gairid an Phríomh-Aire a scrúdú, a dúirt Corbyn.

Dúirt Johnson gurbh amhlaidh gur dhiúltaigh Corbyn “do chuireadh an Bretaimeacht a chur i gcrích”. 

Dúirt sé go raibh Corbyn agus a pháirtí “ar a dteitheadh ó bhreithiúnas an phobail”.

Ghlac Johnson inné le tairiscint an AE ar shíneadh ama ar an mBreatimeacht go dtí an 31 Eanáir 2020, rud a gheall sé go minic nach ndéanfadh sé go brách.

I litir chuig an AE, dúirt an Johnson nár theastaigh a leithéid uaidh.

‘Flextension’, nó ‘lúbshíneadh’ atá i gceist, is é sin síneadh ama a dtiocfadh deireadh leis ar an 31 Eanáir 2020 ach a bhféadfaí deireadh a chur leis roimhe sin ach an reachtaíocht chuí a bheith curtha tríd.

Dúirt Boris Johnson go mion minic cheana go bhfágfadh an Ríocht Aontaithe an tAE faoi Shamhain is cuma cad a tharlódh. Dúirt sé chomh maith go mb’fhearr leis a bheith “marbh i ndíog” ná síneadh ama a chur leis an mBreatimeacht.

Tuairiscítear go bhfuil sé ina imní Tóraithe áirithe go mbeadh deacracht mhór ag Johnson a mhíniú do vótóirí cén fáth nár éirigh leis an Breatimeacht a chur i gcrích mar a mhaígh sé a dhéanfadh sé go minic.

Bheadh an baol ann chomh maith go n-éireodh le páirtí Breatimeachta Nigel Farage dul chun cinn a dhéanamh sa chás go mbeadh toghchán ann agus gan an Breatimeacht curtha i gcrích.

Ach tuairiscítear go bhfuil daoine eile sa pháirtí dóchasach go n-éireodh le Johnson a chur ina luí ar an bpobal go ndearna sé go leor dul chun cinn ach gurbh amhlaidh nár lig an freasúra dó an Breatimeacht a chur i gcrích.

Níos mó

tuairisc.ie

Sign up for the PEIG newsletter

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge