Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-kneecap-sa-bhaile-+-4-imeacht-eile!

KNEECAP sa bhaile + 4 imeacht eile!

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Éigse Dharach Uí Chatháin // Ráth Chairn, 11-12 Deireadh Fómhair

Seoladh Éigse Dharach Uí Chatháin tráthnóna i Ráth Chairn Glas na Mí agus clár leathan imeachtaí sa chlár. Dé Sathairn lá na gceardlanna agus deis ag daoine óga ceird an rince seite agus na hamhránaíochta a fhoghlaim ó bheirt a bhfuil an cumas sin iontu – bean na háite Áine Ní Chróinín agus an t-amhránaí Caitríona Ní Cheannabháin. Beidh Caitríona le clos sa Chlub oíche amárach agus beidh an banna áitiúil Dó Fá Dó ar an láthair chomh maith.

Deireadh seachtaine mór cultúrtha i gCo. na Mí, in ómós d’fhear mór na n-amhrán, Darach Ó Catháin.


KNEECAP // The Limelight, Béal Feirste, Dé Sathairn 12 Deireadh Fómhair @ 19:00 an iarchóisir in The Palm House, Dé Sathairn @ 22:30

Tá KNEECAP tar éis a bheith ag taisteal na tíre le tamall anuas agus iad ar camchuairt náisiúnta… agus, dála an scéil, singil nua díreach eisithe acu mar sméar mullaigh ar mhí thar a bheith gnóthach. Is féidir an GYBO – Get Your Brits Out – dátheangach dána a chlos anseo!

Is Dé Sathairn a thabharfaidh siad faoin ardán in The Limelight i mBéal Feirste agus chuig The Palm House ina dhiaidh do chóisir mhór, leis an dioscmharcach George Feely agus na 3CAG DJs. Is féidir na ticéid don dá ócáid a cheannach ar Ticketmaster/Eventbrite.


Motherfoclóir // Cork Podcast Festival, An Spailpín Fánach, Corcaigh, Dé Domhnaigh 13 Deireadh Fómhair @ 16:00

Táim tógtha leis an bpodchraoladh Motherfoclóir, a chuireann Darach Ó Séaghdha agus a bhuíon i láthair. Cur síos ar fhocail Ghaeilge, nathanna agus an ceangal atá againn leis an teanga a phléitear i measc ábhar eile ar bhonn rialta. Bíonn aíonna éagsúla ar an bpainéal ó sheachtain go seachtain, ach is iad na seanfhondúirí – Darach, Peadar Ó Caomhánaigh, Gearóidín McEvoy agus Éimear Duffy a bheidh le chéile cois Laoi Dé Domhnaigh, mar chuid d’imeachtaí an Cork Podcast Festival.

Neostar dom go mbeidh siad i mbun cainte faoi fhilí INNTI agus go mb’fhéidir go mbeidh tagairt chomh maith d’fhearaibh bhreátha an Éirí Amach, ábhar a raibh plé go leor faoi ar na meáin shóisialta le déanaí! #HistoricalHunks #RebelRides


Ceiliúradh ar Cois Life // Campas na Naomh Uile in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Dé Máirt 15 Deireadh Fómhair @ 18:30

Tá ócáid faoi leith beartaithe i rith na seachtaine chun obair na bhfoilsitheoirí Cois Life a cheiliúradh sula ndúnann siad a ndoirse i mbliana. Meascán de léamha, de cheol agus de chomhráití atá rompu siúd a fhreastalóidh air, agus míle fáilte roimh chách ag an imeacht, a thabharfaidh aitheantas don obair mhór atá déanta acu le tacú le litríocht na Gaeilge. Is ar Champas na Naomh Uile in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath a bheidh sé ar siúl, ó 18:30, Dé Máirt. Gach rath orthu.


Tionscadal na nAmhrán Ealaíne Gaeilge // Ceol-Acadamh na hÉireann, BÁC, Déardaoin 17 Deireadh Fómhair @ 18:00

Tá obair na gcapall déanta ag criú Thionscadal na nAmhrán Ealaíne Gaeilge le tamall anuas, agus iad ar tí an tionscnaimh a sheoladh go hoifigiúil anois. Is le linn Bhliain na Gaeilge 2018 a cuireadh an síol seo, nuair a bheartaigh bean darb ainm Dáirine Ní Mheadhra caidreamh a bhunú idir cumadóirí clasaiceacha agus filí Gaeilge, ionas go gcuirfí téacsanna Gaeilge faoi bhráid chumadóirí Éireannacha agus idirnáisiúnta.

Mar thoradh air seo, tá taifead déanta ar 50 amhrán agus beidh fáil orthu go luath ar shuíomh idirlín faoi scáth The Contemporary Music Centre. Beidh amhránaithe in ann na taifeadtaí a íoslódáil, mar aon le scóir cheoil le treoracha fuaimnithe, agus amhráin Ghaeilge a chanadh dá réir. Is le tacaíocht ó Chomhairle Ealaíon na hÉireann atá seo á dhéanamh.

Seolfar é go hoifigiúil Déardaoin seo chugainn i gCeol-Acadamh na hÉireann, ar Rae an Iarthair san Ardchathair, áit a dtabharfar léargas beacht ar an tionscadal, a dtaispeánfar an suíomh agus a gcloisfear saothar ón gcnuasach amhrán, curtha i láthair ag an soprán Daire Halpin (thuas), an teanóir Gavin Ring agus na pianódóirí Louise Thomas agus John Hess.

Níos mó