Tá olltoghchán roimh Nollaig curtha as an áireamh ag an Taoiseach Leo Varadkar.
Dúirt an Taoiseach ag cruinniú d’airí rialtais Fhine Gael ar maidin nach mbeadh aon toghchán ann i mbliana.
Threisigh athuair ar an gcaint faoi olltoghchán i bhfianaise an scéil go mbeidh toghchán sa Bhreatain ar an 12 Nollaig agus sáinn an Bhreatimeachta curtha ar an méar fhada dá réir.
Tá brú á chur le tamall ar an Taoiseach ag daoine áirithe ina pháirtí toghchán luath a ghairm tráth a bhfuil Fine Gael dulta chun cinn sna pobalbhreitheanna agus an tuairim ann gur buntáiste dóibh a ról san idirbheartaíocht Bhreatimeachta.
Dúirt an Taoiseach cheana gur cheart gur i mí na Bealtaine seo chugainn a bheadh an chéad olltoghchán eile.
Tá Rialtas mionlaigh Fhine Gael ag brath ar thacaíocht Fhianna Fail le fanacht i gcumhacht trí mhargadh soláthair agus muiníne idir na páirtithe.
Fágann cinneadh an Taoisigh go mbeidh ceithre cinn d’fhothoghcháin á reáchtáil.
Eascraíonn na fothoghcháin as folúntais Dála de bharr teachtaí Dála a bheith tofa anois ina mbaill de Pharlaimint na hEorpa.
Ní mór fothoghchán a reáchtáil laistigh de shé mhí ón uair go dtagann folúntas Dála chun cinn.