Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-an-dup-agus-sinn-fein-sasta-dul-i-mbun-cainte-ach-athru-poirt-ar-bith-maidir-le-hacht-gaeilge

An DUP agus Sinn Féin sásta dul i mbun cainte ach athrú poirt ar bith maidir le hacht Gaeilge

| Tuairisc.ie | ,

Tá ráite ag an DUP agus Sinn Féin go bhfuil siad sásta iarracht eile a dhéanamh san athbhliain teacht ar réiteach ar sháinn pholaitiúil Stormont – ach is cosúil nach bhfuil aon athrú poirt acu maidir le ceist an achta Ghaeilge. 

Dúirt Arlene Foster, ceannaire an DUP, arís ag an deireadh seachtaine go mbeadh sí sásta comhghéilleadh maidir le ceist na reachtaíochta teanga, an dris chosáin is mó atá sa mbealach ar athbhunú an Fheidhmeannais in Stormont.

Dúirt Foster gur mhaith léi dul i mbun cainteanna le Sinn Féin arís tar éis olltoghchán Westminster na míosa seo chugainn.

Ach thug Foster le fios chomh maith nach mbeifí sásta cosaint a thabhairt do chearta teanga phobal na Gaeilge ach amháin trí reachtaíocht chultúir níos cuimsithí. 

Tá acht teanga don Ghaeilge amháin á éileamh ag Sinn Féin agus ag feachtasóirí ach tá an DUP glan ina choinne sin.

Dúirt Arlene Foster ag an deireadh seachtaine go raibh “go leor daoine i dTuaisceart Éireann a bhfuil grá acu don Ghaeilge” agus nach raibh “aon fhonn” ar an DUP bac a chur orthu “teacht ar sheirbhísí poiblí”.

Mhol sí go ndéanfaí an feidhmeannas a athbhunú agus go gcuirfí tús ag an am céanna le próiseas ar mhaithe le teacht ar réiteach ar an easaontas faoi cheist an achta Ghaeilge.  

Mar fhreagra ar an méid sin, dúirt ceannaire Shinn Féin ó thuaidh Michelle O’Neill go gcaithfeadh acht Gaeilge a bheith mar chuid d’aon mhargadh a dhéanfaí maidir le hathbhunú Stormont ach go mbeadh a páirtí sásta tabhairt faoi fheidhmeannas “inmharthana agus uileghabhálach” a bhunú.

Tá ráite ag an ngrúpa feachtais An Dream Dearg nach mbeidh aon ghlacadh ag pobal na Gaeilge ach le reachtaíocht don Ghaeilge amháin.

Nuair a dhiúltaigh Sinn Féin a rá cheana cé acu an mbeadh nó nach mbeadh an páirtí sásta maolú a dhéanamh ar a n-éileamh ar acht teanga don Ghaeilge amháin, thug an grúpa feachtais rabhadh dóibh nach aon réiteach ar an scéal reachtaíocht ‘lag’.

De réir eolais a sceitheadh le suíomh idirlín an iriseora Éamonn Mallie, ba é a bhí á phlé cheana i gcainteanna Stormont ná reachtaíocht teanga don Ghaeilge agus don Ultais.

Dúirt Conradh na Gaeilge agus an Dream Dearg nárbh aon socrú sásúil an reachtaíocht sin a bhí molta mí Feabhra seo caite agus gur chóir do Shinn Féin agus na páirtithe eile seasamh go diongbháilte leis an éileamh ar acht láidir don Ghaeilge amháin.

Dúirt An Dream Dearg nach raibh “seans ar bith” go nglacfadh siad leis an margadh ‘bog’ a rinne Sinn Féin mí Feabhra seo caite.

Chuir Státrúnaí an Tuaiscirt, Julian Smith, fáilte roimh ráitis na gceannairí ag an deireadh seachtaine. 

“Cuirim fáilte roimh ghealltanais cheannairí an dá mhórpháirtí i dTuaisceart Éireann go dtabharfaidh siad faoi chainteanna láithreach i ndiaidh an olltoghcháin. 

“Tá sé an-tábhachtach do Thuaisceart Éireann go mbeadh Stormont faoi lánseol,” a dúirt Smith.

Níos mó