Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-antifa-na-gaeltachta-ar-an-bhfod

Antifa na Gaeltachta ar an bhfód

Tá an grúpa frith-Fhaisisteachais Antifa tagtha chun na Gaeltachta. Foilsíodh íomhá ar leathanach Facebook an ghrúpa radacaí Misneach inné de lógó Antifa — brat dubh agus brat dearg — agus é buailte anuas ar íomhá den Earagail i nGaeltacht Ghaoth Dobhair.

Cuireadh an teachtaireacht “Ag seasamh in éadan an fhaisisteachais. Ná géilltear dó!” leis an bpictiúr, a tharraing go leor airde ar ardáin éagsúla inné. 

Dúirt duine atá ceangailte leis an ngluaiseacht fhrith-Fhaisisteachais in Éirinn le NÓS nach “eagraíocht” atá in Antifa na Gaeltachta ach “gréasán daoine” i gceantair éagsúla Ghaeltachta atá “dáiríre faoin obair seo”. 

Tagann sé sin leis an gcruth atá ar Antifa go hidirnáisiúnta, gluaiseacht a tháinig chun cinn sna 1930idí sa nGearmáin agus arís eile sna 1980idí. Níl ordlathas ceannaireachta i bhfeidhm le Antifa agus bíonn grúpaí éagsúla agus daoine aonair páirteach sna hagóidí a eagraítear faoina ainm.  

Tá borradh tagtha athuair faoi Antifa le blianta beaga anuas — go háirithe ó toghadh an tUachtarán Trump sna Stáit Aontaithe agus ó méadaíodh ar an tacaíocht a thugtar do pháirtithe polaitíochta ar an eite dheis ar fud na hEorpa. 

Ar na modhanna oibre atá ag Antifa le cur isteach ar ghrúpaí a mheasann siad a bheith Faisisteach tá: an cleachtas gan ardán poiblí a thabhairt dóibh; cur isteach ar imeachtaí agus ócáidí dá gcuid; greamáin, póstaeir agus ábhar eile bolscaireachta a scrios; agus, nuair a bhraitear gá leis, an foréigean a úsáid leis an ruaig a chur orthu. 

Bhí Antifa go mór i mbéal an phobail le linn na círéibe in Charlottesville in Virginia in 2017 nuair a sheas siad in aghaidh na bhforchiníoch geal a d’eagraigh an agóid ‘Unite the Right’ sa mbaile sin. Maraíodh Heather Heyer ag an agóid agus gortaíodh 19 duine eile nuair a thiomáin an forchiníoch geal James Alex Fields a charr isteach i ngrúpa frith-Fhaisisteachais ann. 

Déanann gníomhaithe Antifa obair eile freisin — reáchtáiltear ceardlanna agus léachtaí faoin ngníomhachas frith-Fhaisisteach agus bítear ag cabhrú i gcásanna éigeandála ar nós tubaistí nádúrtha agus le cás na dteifeach san Eoraip agus i Meiriceá.

Spreag an t-íomhá a cuireadh ar leathanach Mhisneach go leor cainte idir lucht Antifa agus lucht a gcáinte. Cháin roinnt tráchtairí modhanna oibre agus cur chuige na gluaiseachta agus cheistigh éifeacht an chur chuige sin. 

Dúirt duine atá luaite leis an eagraíocht, áfach, go gcuireann “lucht na heite deise radacaí” i leith na gluaiseachta “rudaí nach bhfuil fíor”, agus mhaígh go bhfuil cur chuige Antifa “éifeachtach agus ceart”. Dúirt sé go gcaithfear an Faisisteachas a chosc “agus an ghluaiseacht [sin] óg”, agus nach féidir dul i muinín na bpóilíní “seasamh in aghaidh na bhFaisisteach”. 

Ní raibh baill de Antifa na Gaeltachta sásta labhairt le NÓS. 

Níos mó