Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-craoltoiri-na-gaeilge-ag-suil-go-seachnoidh-siad-an-chuid-is-measa-de-chiorruithe-rte

Craoltóirí na Gaeilge ag súil go seachnóidh siad an chuid is measa de chiorruithe RTÉ

| Tuairisc.ie | ,

Tá lucht shaol craoltóireacht na Gaeilge ag súil go seachnóidh siad an chuid is measa de na ciorruithe móra atá beartaithe ag RTÉ, ach táthar ag glacadh leis nach dtiocfaidh siad slán ar fad ón sceanairt.

De réir tuairiscí i meáin éagsúla, tá réimse na Gaeilge gar do bharr an liosta ag lucht bainistíochta RTÉ agus na ciorruithe á mbeartú acu, ach dar le foinsí éagsúla ar labhair Tuairisc.ie leo, níl aon chinneadh mar sin déanta go fóill agus gan le cloisteáil fós faoin scéal ach ráflaí agus tuairimíocht.

“Aon duine a deir leat go dtarlóidh seo nó siúd tá siad ag insint bréaga leat mar níl a fhios ag aon duine go fóill cad atá le tarlú,” a dúirt foinse amháin.

Tá caint in RTÉ ar chiorruithe ar fud na heagraíochta, ag áireamh iomarcaíocht dheonach, agus é ráite ag Ardstiúrthóir an stáisiúin Dee Forbes nach féidir leo leanúint leis an tseirbhís atá á cur ar fáil acu cheal maoinithe.

I measc na scéalta atá á scaipeadh bhí go bhféachfadh RTÉ le Raidió na Gaeltachta a thabhairt ar láimh chuig an Roinn Cumarsáide agus go ndéanfaí an stáisiún raidió Gaeilge a cheangal le TG4 a fhaigheann formhór a mhaoinithe ón roinn sin.

Tuigtear, áfach, nach dtarlóidh a leithéid.

Ina áit sin, tá dóchas áirithe ag lucht na craoltóireachta Gaeilge san eagraíocht, ag áireamh lucht RTÉ Raidió na Gaeltachta, nach dtarlóidh an slad atá á thuar dóibh i mbólaí áirithe.

Tuigtear go bhfuil an dóchas sin bunaithe cuid mhór ar chinneadh an Choimisinéara Teanga go bhfuil an reachtaíocht i leith na Gaeilge á sárú ag RTÉ.

Meastar go mbeadh sé níos deacra ag RTÉ ciorruithe móra a chur i bhfeidhm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta nó ar a rannóg Gaeilge féin tráth a bhfuil glactha acu go bhfuil dlí teanga na tíre á shárú acu.

Sháraigh RTÉ an dlí craolacháin maidir lena dhualgas i leith na Gaeilge agus 99.3% dá sceideal teilifíse i mBéarla amháin, de réir imscrúdú a rinne an Coimisinéir Teanga.

Dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill ina thuarascáil bhliantúil a foilsíodh níos túisce i mbliana go bhfágann an líon “thar a bheith easnamhach” clár teilifíse Gaeilge a chraoltar ar RTÉ go bhfuil an craoltóir “ag sárú an Achta Chraolacháin” agus “ar neamhréir le toil Thithe an Oireachtais”. 

Dúirt an Coimisinéir nár caitheadh as buiséad clár teilifíse €337 milliún RTÉ ach €1 milliún amháin ar chláir Ghaeilge agus nárbh chláir Ghaeilge ach 123 uair an chloig den 8,657 uair an chloig de chláir a craoladh ar RTÉ 1 agus RTÉ 2 in 2017.

Maidir le cúrsaí raidió, rialaigh an Coimisinéir Teanga go raibh a dhualgais reachtúla á gcomhlíonadh ag RTÉ “a bhuíochas sin, den chuid is mó, ar chuimsitheacht sheirbhís Raidió na Gaeltachta”.

Mhol an Coimisinéir go n-ullmhódh RTÉ plean feidhmithe lena chinntiú go gcloífí feasta lena dhualgas i leith na Gaeilge agus tuigtear go bhfuil an plean sin ullmhaithe anois ag an stáisiún agus é á phlé le hoifig an Choimisinéara.

Maidir le Nuacht TG4, 7Lá agus an chuid eile den soláthar reachtúil uair an chloig in aghaidh an lae a chuireann RTÉ ar fáil do TG4 bhí an soláthar sin ina údar aighnis cheana idir an dá stáisiún.

De réir foráil ar leith eile sa reachtaíocht chraolacháin, tá dualgas ar RTÉ 365 uair an chloig de chláir a sholáthar do TG4 in aghaidh na bliana agus cuirtear Nuacht TG4 ar fáil mar chuid den soláthar sin.

Chaith Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont amhras cheana ar thiomantas RTÉ do chomhlíonadh a ndualgas reachtúil i leith TG4.

Ach i litir ó chathaoirleach an BAI a cuireadh faoi bhráid Thithe an Oireachtais le déanaí tugadh le fios don Aire Cumarsáide gur tuigeadh don údarás craolacháin raibh RTÉ agus TG4 tagtha ar réiteach anois faoi na “ceisteanna” a bhí ann maidir le soláthar reachtúil RTÉ.

Níos mó