Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-daonlathaigh-lena-gcas-ar-son-thainseamh-trump-a-dheanamh-leis-an-bpobal

Daonlathaigh lena gcás ar son tháinseamh Trump a dhéanamh leis an bpobal

| Tuairisc.ie |

Tabharfaidh beirt atá lárnach sa bhfiosrúchán táinsimh atá á dhéanamh faoi Donald Trump fianaise go poiblí inniu.

Craolfar ar an teilifís an fhianaise a thabharfaidh George Kent, oifigeach i roinn an stáit agus William Taylor, an charge d’affaires in ambasáid na Stát Aontaithe in Kiev.

Chualathas fianaise go príobháideach cheana ó bhreis is dosaen finné, ina measc Kent agus Taylor.

Tá sé curtha i leith Trump ag na Daonlathaigh gur bhain an tUachtarán mí-úsáid as a oifig ar mhaithe le fabhar polaitiúil agus beidh lucht an fhiosrúcháin ag súil go rachaidh an fhianaise phoiblí i bhfeidhm ar an bpobal.

Thug Bill Taylor, ambasadóir na Stát Aontaithe chun na hÚcráine fianaise cheana gur choimeád Donald Trump siar cúnamh don tír sin le brú a chur ar na húdaráis ansin fiosrúchán a chur ar bun faoi Joe Biden.

Meastar gurb í fianaise Taylor an buille is tromchúisí fós do Trump san fhiosrúchán táinsimh.

Tá fianaise Taylor ag teacht salach ar mhaíomh Trump agus a lucht cosanta nach raibh aon quid pro quo i gceist leis na comhráite a bhí ag an Uachtarán leis an Úcráin.

Beidh na Daonlathaigh ag súil gur cor cinniúnach sa bhfiosrúchán táinsimh a bheidh i bhfianaise phoiblí Taylor.

Tá sé fós á mhaíomh go diongbháilte ag Trump agus lucht a chosanta nach ndearna sé aon rud as bealach agus gur fiosrúchán mífhéaráilte atá ann.

Cháin Daonlathaigh agus Poblachtánaigh araon an cur síos a rinne Trump ar an bhfiosrúchán mar “lynching”.

De réir na fianaise ó Taylor, an taidhleoir Meiriceánach is sinsearaí san Úcráin, thug go leor oifigeach sinsearach le fios dó gur chuir Donald Trump stop le cúnamh slándála chun na hÚcráine go dtí go mbunófaí fiosrúchán faoi Biden, an t-iar-leasuachtarán ar SAM atá sa tóir ar ainmniúchán na nDaonlathach do thoghchán uachtaránachta na bliana seo chugainn.

Dúirt an taidhleoir chomh maith gur thug na hoifigigh shinsearacha le fios dó gur dhiúltaigh Trump bualadh le ceannaire na hÚcráine nó go dtabharfadh sé gealltanas poiblí go bhfiosrófaí a naimhde polaitiúla.

Dúirt Taylor go raibh Trump ag iarraidh go mbeadh caidreamh na Stát Aontaithe leis an Úcráin ag brath go hiomlán ar choinníoll amháin – an gealltanas go mbunófaí fiosrúchán poiblí faoi Biden agus a chlann.

George Kent an finné eile a chloisfear ag éisteachtaí an lae inniu agus meastar go dtacóidh sé sin le fianaise daoine eile go raibh feachtas ar bun ag Trump agus a lucht tacaíochta ar mhaithe le brú a chur ar an Úcráin.

San fhianaise a thug sé go príobháideach, dúirt Kent go raibh “feachtas bréag” ar bun ag Rudy Giuliani, dlíodóir Trump, i gcoinne Marie Yovanovitch, iar-ambasadóir chun na Úcráine.

Tabharfaidh Yovanovitch féin fianaise ar an dara lá de na héisteachtaí poiblí, Dé hAoine.

Thug sí le fios cheana féin do lucht an fhiosrúcháin gur chuir Trump brú ar Roinn an Stáit bata agus bóthar a thabhairt di.

Deir Yovanovitch, atá ag obair i Roinn an Stáit i gcónaí, gur díbríodh óna post mar ambasadóir í mar gheall “ar líomhaintí gan bhunús a rinne daoine a raibh cuspóirí acu ar léir an-amhras a bheith ann fúthu”.

Meastar go mbeidh ar a laghad seachtain amháin eile d’éisteachtaí poiblí ann i ndiaidh éisteachtaí na seachtaine seo.

Níos mó