Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-dha-insint-ar-sceal-gordon-sondland

Dhá insint ar scéal Gordon Sondland

Más fíor do na tráchtairí polaitíochta sna Stáit Aontaithe, tá go leor ag brath ar Gordon Sondland a thabharfaidh fianaise inniu sa bhfiosrúchán ag Teach na Comhdhála faoi iompar an Uachtaráin Donald Trump.

Cé hé Gordon Sondland? Is é an fear gnó Gordon Sondland ionadaí buan, nó ambasadóir, na Stát Aontaithe chun an Aontais Eorpaigh. Is é an taidhleoir is sinsearaí de chuid na Stát Aontaithe san Eoraip. Bíonn comhghuaillíocht dhlúth idir é féin agus an tUachtarán Trump agus tá na milliúin dollar tugtha aige i síntiúis d’fheachtais an Uachtaráin. Is léir mar sin go gcuirfear an-suim ina chuid fianaise inniu.

Ceann de na cúiseanna is mó go gcuirfear suim ina mbeidh le rá aige go bhfuil dhá leagan den scéal tugtha aige cheana féin. Anuas air sin, tá sé lárnach san eolas nua a chuir an t-iarthoscaire speisialta Bill Taylor i láthair an fhiosrúcháin an tseachtain seo caite faoi ghlaoch gutháin a tharla ar an 26 Iúil.

Go dtí sin ag an bhfiosrúchán, ba ar an gcomhrá teileafóin a tharla ar an 25 Iúil idir Donald Trump agus Uachtarán nua-thofa na hÚcráine ba mhó a bhí ár n-aird. Níl aon séanadh ag Trump gur theastaigh uaidh fiosrúchán a bhunú faoi Hunter Biden agus an comhlacht Burisma. Maíonn sé ar a shon sin agus uile nár lorg sé quid pro quo, nach ndearna sé aon bhagairt agus nár gheall sé tada. 

Ba gheall le Naomh Peadar i nGairdín Gheitséamainí é Gordon Sondland ar an 17 Deireadh Fómhair nuair a shéan sé trí huaire go raibh sé ar an eolas faoin méid a bhí ar siúl ag an Uachtarán. Shéan sé go raibh sé ar an eolas faoin bpolasaí neamhspleách i leith na hÚcráine a bhí á riaradh ag Rudi Giuliani agus shéan sé go raibh airgead fóirithinte coinnithe ón Úcráin go dtí go gcuirfí na fiosrúcháin ar bun faoi mhuintir Biden.

An tseachtain seo caite, dathraigh sé a scéal agus thug sé le fios gur thuig sé nach scaoilfí an t-airgead chun na hÚcráine go dtí go mbeadh na fiosrúcháin bunaithe. 

Is iad na fiosrúcháin chéanna sin a bhí faoi chaibidil sa nglaoch gutháin idir Sondland agus Trump ar an 26 Iúil. Ní raibh aon eolas poiblí faoin nglaoch seo gur thug Bill Taylor fianaise faoi an tseachtain seo caite. Bhí sé ina sceith bhéil i Meiriceá is cosúil más fíor na tuairiscí go raibh an glaoch le cloisteáil ag gach a raibh i mbialann áirithe i Kiev an oíche sin.

Comhrá é a bhí neamhghnách agus míchuí a dúirt Jennifer Williams, atá ina comhairleoir ag an Leas-Uachtarán Pence. Dúirt David Holmes, taidhleoir sinsearach eile de chuid na Stát Aontaithe nach bhfaca sé féin a leithéid riamh. Dé hAoine a bheidh Holmes ag tabhairt fianaise.

Agus cén bhrí, arsa Sondland, leis an gcomhluadar a bhí ina theannta sa mbialann i Kiev an oíche chéanna, ach is cuma le Trump sa mí-ádh faoin Úcráin, níl uaidh ach dochar a dhéanamh do Biden.

An é sin an leagan céanna den scéal a chloisfear ó Sondland inniu? Nó an bhfillfidh sé ar an scéal a bhí aige an mhí seo caite? Agus an bhfuil pobal vótála na Stát Aontaithe ag déanamh aon iontas den scéal? Thuigfí ó thorthaí na dtoghchán in Kentucky agus Louisiana le déanaí go bhfuil spéis ag lucht vótála sa scéal seo.

An cheist mhór ná an bhfuil an scéal seo ag dul i gcion ar aon Seanadóir sa Pháirtí Poblachtach? Ag dul i bhfeidhm orthu chomh mór sin agus go socróidís tacú le táinseamh an Uachtaráin? Go réidh anois, céim ar chéim a tharlaíonn na rudaí seo – éistfidh muid ar dtús le fianaise Sondland inniu.

Níos mó