Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-dushlan-ard-stiurthoir-rte-tugtha-faoi-chas-na-gaeilge-le-linn-cruinniu-teasai

Dúshlán Ard-Stiúrthóir RTÉ tugtha faoi chás na Gaeilge le linn cruinniú teasaí

| Tuairisc.ie |

Tugadh dúshlán Ardstiúrthóir RTÉ Dee Forbes maidir le cás na Gaeilge sa stáisiún le linn mórchruinniú foirne teasaí i nDomhnach Broc ar maidin.

Eagraíodh an cruinniú idir lucht foirne agus lucht bainistíochta aréir toisc gur sceitheadh eolas leis an Irish Times faoi na ciorruithe atá beartaithe ag an stáisiún a bhfuil deacrachtaí mór airgid aige.

Le linn an chruinnithe, dúirt craoltóir aitheanta go raibh “an-díomá” uirthi nach raibh an Ghaeilge luaite beag ná mór sa phlean nua don todhchaí a scaipeadh ar an bhfoireann aréir.

Thug an craoltóir le fios gur chóir do RTÉ níos mó a dhéanamh ó thaobh na Gaeilge agus go bhféadfaí, mar shampla, margaíocht níos fearr a dhéanamh ar chláir Ghaeilge.

Tuairiscítear gur píosa cainte “an-láidir” a bhí ann.

Mar fhreagra ar an bpíosa cainte sin ón urlár, dúirt Ard-Stiúrthóir RTÉ Dee Forbes go raibh “dualgas an-soiléir” ar RTÉ ó thaobh na Gaeilge. Thagair sí chomh maith do chomhráití atá ar siúl faoi láthair leis an gCoimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill maidir le cur le soláthar Gaeilge an stáisiúin. Dúirt sí chomh maith gur mhaith le RTÉ an Ghaeilge “a normalú ar fud na seirbhíse acu”.

Chinn an Coimisinéir Teanga go bhfuil an reachtaíocht i leith na Gaeilge á sárú ag RTÉ agus meastar go mbeadh sé níos deacra ag RTÉ ciorruithe móra a chur i bhfeidhm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta nó ar a rannóg Gaeilge féin tráth a bhfuil glactha acu go bhfuil dlí na tíre i leith na teanga á shárú acu.

Tá lucht bainistíochta an chraoltóra ag iarraidh an fhoireann a laghdú 200 duine agus costais a laghdú €60 milliún as seo go ceann trí bliana.

Tá sé i gceist chomh maith stiúdieo a dhúnadh i Luimneach, deireadh a chur le stáisiúin dhigeatacha raidió RTÉ agus an RTÉ Guide a dhíol.

Tuairiscítear gur cruinniú teasaí a bhí ar maidin ann agus gur léiríodh cuid mhór míshástachta leis an mbainistíocht agus dúradh go raibh muinín caillte ag daoine iontu agus gur theip orthu an cás a dhéanamh maidir le tuilleadh maoinithe agus leasuithe ar chóras an cheadúnais teilifíse.

Bhí cuid mhór míshástachta ann chomh maith faoin bplean an RTÉ Guide a dhíol agus go háirithe faoin scéala nach mbeadh an 12 duine atá ag obair leis an iris i dteideal an phacáiste iomarcaíochta céanna a bheadh ar fáil do dhaoine eile.

Maidir leis an reo pá atá molta ag an mbainistíocht dúradh gurb iad an dream óg agus an dream ar phá níos ísle is measa a bheadh buailte aige.

Tuairiscítear gurb í an teachtaireacht is láidre a bhí ag an mbainistíocht ná nach raibh aon rogha eile ann ach na ciorruithe a dhéanamh agus go gcaithfeadh an fhoireann tarraingt le chéile chun go dtiocfadh an stáisiún slán agus chun an chraoltóireacht seirbhíse poiblí.

Níos mó