Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-feile-vinile,-la-na-bpiob-+-3-imeacht-eile!

Féile vinile, lá na bpíob + 3 imeacht eile!

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Féile vinile Dhún Laoghaire // Ionaid éagsúla i nDún Laoghaire, 1-3 Samhain

Is i mbun ceiliúrtha ar vinil a bheidh rannpháirtithe na féile seo a bheidh ar siúl i nDún Laoghaire ag an deireadh seachtaine. Seo an dara bliain den Vinyl Festival, agus tá sraith de chainteanna agus de sheimineáir geallta.

Labhróidh príomhamhránaí The Hothouse Flowers, Liam Ó Maonlaí, mar gheall ar an gcéad albam a d’eisíodar, People: mar a scríobhadh agus mar a taifeadadh é. Beidh baill an ghrúpa The Horslips – Jim, Barry agus Johnny – ag seinnt mar chuid den gclár chomh maith.

Ceann de na haisteoirí is ansa liom féin ná Vicky McClure a chonac sa tsraith This is England an chéad lá riamh – agus a chuaigh i bhfeidhm go mór orm. Beidh sí féin agus a páirtnéir, an stiúrthóir, scríbhneoir agus aisteoir Jonny Owen ann agus iad ag labhairt ar an gceol is mó a bhfuil cion acu air; beidh siad ina ndioscmharcaigh níos déanaí sa tráthnóna chomh maith agus seit á sheinnt acu.

Gach eolas ó vinylfestival.ie


Lá Idirnáisiúnta na bPíob Uilleann // Mórthimpeall an domhain, Dé Sathairn 2 Samhain

Déanfar ceiliúradh ar na Píoba Uilleann in Éirinn agus mórthimpeall na cruinne Dé Sathairn seo, Lá Idirnáisiúnta na bPíob. Seo an 9ú mbliain go bhfuil a leithéid de chomóradh beartaithe.

Eagraíodh tuairim is leathchéad ócáid anuraidh timpeall an domhain mhóir agus déanfar amhlaidh i mbliana chomh maith. Tá cainteanna, taispeántais, seisiúin, ceardlanna agus go leor eile le bheith ar bun. Tá fáilte romhat féin, más spéis leat ócáid a eagrú, sin a dhéanamh ach teagmháil a dhéanamh le info@pipers.ie

Tá borradh faoi líon na n-imeachtaí agus gheobhaidh sibh blaiseadh do gach atá eagraithe go dtí seo, ar an leathanach seo!


SLIOCHT // Cló Iar-Chonnacht, An Spidéal, Co. na Gaillimhe, Dé Sathairn 2 Samhain @ 16:00

‘SLIOCHT’ is teideal d’ócáid a bheidh ar siúl i siopa Chló Iar-Chonnacht an Satharn seo. Léifidh triúr scríbhneoirí aitheanta a gcuid saothar do lucht éisteachta/féachana sa siopa leabhar agus ceoil atá ag na foilsitheoirí sa Spidéal. Sin iad Eithne Ní Ghallchobhair, Réaltán Ní Leannáin agus Alan Titley.

Beidh deis chomh maith acu siúd a bheidh i láthair ceisteanna a chur ar na húdair más áil leo é. Seolfar chomh maith an t-úrscéal is déanaí ó pheann Mhichíl Uí Chonghaile, ‘Sa Teach Seo Anocht’, roimh dheireadh na hócáide.


Ranganna Sean-Nóis le Doimnic Mac Giolla Bhríde // Áras Mhic Reachtain, Béal Feirste, Dé Céadaoin 6 Samhain @ 19:00 & gach Céadaoin feasta

Bíonn máistir an tsean-nóis, buaiteoir Chorn Uí Riada 2009, Doimnic Mac Giolla Bhríde, ag múineadh ranganna sean-nóis in Áras Mhic Reachtain uair sa tseachtain!

Gach Céadaoin a bhíonn a leithéid ar bun ar feadh uair an chloig. Ní gá go mbeadh scil faoi leith agat sa chúram, cuirtear fáilte roimh chách! £5 an táille.


Four Men and a Dog // Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh, Baile Bhuirne, Co. Chorcaí, Dé hAoine 8 Samhain @ 20:00

Bíonn ana-cheol ar fad san Ionad Cultúrtha i mBaile Bhuirne! D’fhoilsíodar le déanaí Clár an Fhómhair agus ana-chuma go deo air, glac uaim é. Sampla amháin de sin, ná coirm na hAoine seo chugainn leis an mbanna aitheanta Four Men and a Dog. Sin iad gan dabht Cathal agus Stephen Hayden, Gino Lupari, Dónal Murphy agus Kevin Doherty!

Coimeád súil ar shuíomh an ionaid – beidh Cormac Begley, Caoimhín Vallely, Conall Ó Grada, Maighréad agus Muireann Ní Luasaigh i measc na n-aíonna ceolmhara a bheidh chucu i rith mhí na Nollag.

Níos mó