Home
FAQ's
Age Groups
Age Group > 4
Irish Names
Playgroups
Using Irish with your Children
Raising Children with Irish Outside the Gaeltacht
Raising Children through Irish in the Gaeltacht
Support, Services & Facilities
Age Group 4 > 12
All-Irish Primary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Support, Services & Facilities
Benefits of All-Irish Education
Age Group 12 > 18
All-Irish Secondary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Using Your Irish Name
Benefits of All-Irish Education
Support, Services & Facilities
Age Group 18 > 22
Irish Societies & Student Unions
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third Level Courses
Festivals
Support, Services & Facilities
Age Group 22+
Careers With Irish
Classes for Adults
Get Involved
Conversation Circles
Festivals
Support, Services & Facilities
Speaking to Your Grandchildren
Community
Conversation Circles
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Sloinne
5 Tips
Organisations
Festivals
Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
Irish Language Books
Learn
Learn Irish
Playgroups
All-Irish Secondary Schools
All-Irish Primary Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Benefits
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Working With Irish
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs (Ireland)
Jobs
Irish Language Careers Booklet
Jobs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-geallta-ag-sean-kyne-go-bhfuil-an-feitheamh-fada-ar-bhille-teanga-beagnach-thart

Geallta ag Seán Kyne go bhfuil an feitheamh fada ar bhille teanga beagnach thart

Tá súil ag Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne gur “go han-luath sna seachtainí seo romhainn” a fhoilseofar an bille chun leasú a dhéanamh ar acht na dteangacha oifigiúla.

Thug Seán Kyne le fios  chomh maith ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán tráthnóna go mbeadh an bille a bhfuiltear ag feitheamh air le blianta fada achtaithe “roimh aon toghchán”.

Dúirt Kyne go mbeadh an bille foilsithe in am chun go mbeidh deis ag an gcoiste oireachtais scrúdú a dhéanamh air roimh Nollaig.

Chuir an Teachta Dála Catherine Connolly, cathaoirleach an choiste Oireachtais, fáilte roimh an scéala go mbeadh an bille á fhoilsiú faoi dheireadh.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar an samhradh seo go raibh díomá air nach raibh an bille teanga réidh le foilsiú go fóill.

Dúirt sé chomh maith an uair sin go bhfoilseofaí an bille chun leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla mí Mheán Fómhair nó Deireadh Fómhair.

B’in an gheallúint is déanaí den iliomad geallúintí atá tugtha ag airí agus taoisigh maidir le foilsiú an bhille ó d’fhógair iar-aire Stáit na Gaeltachta Dinny McGinley nach mór naoi mbliana ó shin go rabhthas chun athbhreithniú a dhéanamh ar an Acht Teanga.

Dúirt an Taoiseach mí Bealtaine go raibh “náire” air nach raibh an bille foilsithe go fóill.

Ag labhairt dó ag cruinniú de choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán tráthnóna, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne go raibh oifigigh a Roinne fós ag obair le hOifig an Ard-Aighne ar dhréachtú Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú). 

“Is Bille casta é agus tá athbhreithniú bunúsach ar an gcur chuige maidir leis an nGaeilge san earnáil phoiblí a chosaint, a neartú agus a chothú ag baint leis.

“Cé go bhfuil sé casta mar ábhar, táim ag súil go mbeidh sé foilsithe go han-luath sna seachtainí seo romhainn,” a dúirt Seán Kyne tráthnóna.

Dúirt Kyne go mbeadh trí cinn de mholtaí a dhein an Coimisinéir Teanga sa reachtaíocht nua. Ba iad na moltaí sin, polasaí úr earcaíochta “a chinnteodh íosmhéid foirne le cumas Gaeilge”,  caighdeáin nua maidir le soláthar seirbhísí trí Ghaeilge in áit chóras na scéimeanna teanga agus polasaí a chinnteodh go mbeadh Gaeilge líofa ag oibrithe Stáit sa Ghaeltacht. 

Ghlac an Rialtas i mí na Bealtaine 2017 le ceannteidil an Bhille a bhfuil sé mar “chuspóir” aige go mbeadh 20% d’earcaigh nua sa tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge agus go mbeadh “gach oifig phoiblí atá lonnaithe sa nGaeltacht ag feidhmiú trí Ghaeilge”. De réir na gceannteideal, chuirfí deireadh freisin le córas na scéimeanna teanga agus chuirfí córas nua ar bun maidir le daoine le Gaeilge a earcú sa státseirbhís.

Dúirt Seán Kyne tráthnóna gurb í “an earcaíocht croílár na ceiste” agus go raibh sé “dóchasach” go bhféadfaí cur “ar bhonn chéimiúil” le líon na bhfostaithe le Gaeilge sa státchóras agus feabhas a chur dá bharr ar sholáthar seirbhísí trí Ghaeilge.

Tá ráite ag Conradh na Gaeilge agus ag polaiteoirí de chuid an fhreasúra gur gá go mbeadh spriocbhliain luaite sa reachtaíocht féin le plean earcaíochta 20% an Rialtais má tá aon fhiúntas le bheith leis mar phlean.

De réir tuarascála a chuir an Coimisinéir Teanga amach mí Iúil, níl ach 84 post as an 20,000 post atá sna ranna rialtais aitheanta mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo.

Bhain 67 den 84 post ‘Gaeilge’ le Roinn na Gaeltachta.

Deimhniú eile ab ea Tuarascáil Faireacháin an Choimisinéara Teanga, a chéad tuarascáil dá leithéid, gur ar bhonn deonach amháin den chuid is mó atá seirbhísí Gaeilge á soláthar ag an státseirbhís.

Léiríonn taighde leanúnach atá a dhéanamh ag an suíomh seo ó bunaíodh é gurb ionann an státseirbhís anois agus seirbhís aonteangach agus go bhfuil neamhaird iomlán déanta ag ranna rialtais ar an treoir a tugadh dóibh sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge poist le riachtanais Ghaeilge a shainaithint. 

Níos mó

tuairisc.ie

Sign up for the PEIG newsletter

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge