Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-iontas,-dioma-agus-fearg-ar-mhuinteoiri-gaeilge-faoi-scrudu-nua

Iontas, díomá agus fearg ar mhúinteoirí Gaeilge faoi scrúdú nua

| Tuairisc.ie | ,

Tá idir iontas, dhíomá agus fhearg ar mhúinteoirí ar fud na tíre faoi na páipéir shamplacha nua atá foilsithe do scrúdú Gaeilge na sraithe sóisearaí.

Tá na céadta trácht fágtha ar na meáin shóisialta ag múinteoirí Gaeilge chun a míshástacht a chur in iúl faoi na páipéir shamplacha don tsraith shóisearach atá foilsithe ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit.

An scrúdú Gaeilge T2 don tsraith shóisearach an scrúdú is mó atá ag cothú conspóide, is é sin an scrúdú Gaeilge a bheidh á dhéanamh ag formhór daltaí na tíre.

Tá scrúdú T1 ar fáil anois chomh maith do chainteoirí dúchais agus cainteoirí líofa eile.

Is é an t-údar gearáin is mó atá ag lucht cáinte na bpáipéar samplach go bhfuil an scrúdú ródheacair, róchasta agus rófhada do dhaltaí agus go leagtar béim i bhfad rómhór ann ar an litríocht seachas ar an gcumarsáid.

I ngrúpa tacaíochta amháin do mhúinteoirí Gaeilge ar Facebook, a bhfuil 5,000 ball ann, fágadh na céadta trácht ag cáineadh na bpáipéar samplach.

Chuir go leor daoine sa ghrúpa sin i leith Choimisiúin na Scrúduithe Stáit gur léir nach bhfuil taithí ar an seomra ranga acu agus nach raibh tuiscint dá laghad acu ar a laige is a bhíonn formhór daltaí ó thaobh na Gaeilge de.

Dúirt múinteoir Gaeilge amháin, Edel Ní Dhúill as Coláiste Muire ar an Muileann gCearr, le Tuairisc.ie go raibh an scrúdú i bhfad “ródheacair” agus nach ndéanfadh sé leas na teanga.

“Is múinteoir Gaeilge mé le 23 bliain agus ceapaim gur buille don Ghaeilge mar ábhar é seo agus ní bheidh mealladh ar bith ann má cheadaítear an scrúdú seo.

“Caithfear rud éigin a dhéanamh faoi seo. Ní féidir dul ar aghaidh leis an scrúdú seo,” arsa Edel Ní Dhúill.

Dúirt múinteoirí Gaeilge eile gur “scannal” a bhí sa scrúdú nua, gur “ceap magaidh” a bhí ann agus gur údar “éadóchais” é.

Dúirt roinnt múinteoirí gurbh amhlaidh go gcuirfeadh an scrúdú nua lagmhisneach ar mhúinteoirí agus ar dhaltaí agus go n-iompódh sé daltaí i gcoinne na Gaeilge nó go spreagfadh sé iad le díolúine a lorg ó staidéar na teanga.

Dúirt Maighréad Ní Iarlaithe, riarthóir an ghrúpa tacaíochta do mhúinteoirí Gaeilge ar Facebook, le Tuairisc.ie gur léir di go gcuirfidh an scrúdú le líon na ndaoine a mbeidh díolúine á lorg acu agus gur “céim eile a bhí ann i dtreo na Gaeilge roghnaí”.

Dúirt Ní Iarlaithe, ar múinteoir Gaeilge í féin i Scoil Mhuire gan Smál sa Bhlarna i gCorcaigh, gurb é an “róbhéim” ar chúrsaí litríochta agus an easpa scrúdú cainte an dá locht is mó ar an scrúdú nua.

Dúirt sí go ndéanfadh an scrúdú dochar mór do sheasamh na Gaeilge sa tír agus go spreagfadh sé drochmheas ar an teanga i measc an aosa óig.

Rinneadh cáineadh go leor ar Twitter freisin ar na páipéir shamplacha nua.

Tá ráiteas faoin scéal seo iarrtha ag Tuairisc.ie ar Choimisiún na Scrúduithe Stáit.

Ag marú ár dteanga anois atáimid!😣

— LangTeachersIreland (@LangTeachersIre) November 12, 2019

Is teanga í an Ghaeilge agus ba chóir béim a chur ar í a labhairt…ach ba chosúil faraor nach dtuigeann an CSS é seo! 40% ag dul ar an litríocht?! Seafóideach agus náireach.

— John Gormley (@gormlessjohn) November 12, 2019

Cad faoin teanga labhartha freisin? Is ag dul siar atá sibh, an iomarca béime ar an scríbhneoireacht ag ardleibhéal agus gnáthleibhéal. An iomarca litríocht le foghlaim freisin. Beatha teanga í a labhairt.

— Néill Mac Riocaird (@NeillDickenson) November 12, 2019

Cen fath sa diabhal an mbeadh daltai ag iarraidh an Ardleibheal a dheanamh agus an paipear sin amach rompu? Litriocht Teanga acaduil/ formalta ar fad a BHRU orthu gan iad in ann abairt simpli nadurtha a chumadh?


Is sibhse @jctGaeilge a chuirfidh deireadh ar fad leis an Teanga ⚰️

— LéanBánB (@leanbanB) November 13, 2019

Páipéar AL náireach amach is amach, i bhfad ródhúshlánach! Beagnach 40% den pháipéar bunaithe ar an litríocht.

— Aoibhinn Molloy Roche (@molloy_roche) November 13, 2019

Caighdeán míréalaíoch do dhaltaí Ard T2. Is teanga í an Ghaeilge – cén fáth go gcaitear léi cosúil leis an bpáipéar Béarla?? Ní fhreastalaíonn na ceisteanna ar na TF = “Freagra pearsanta ar théacs litríochta” mar thoradh foghlama agus ceist ar bith den saghas sin ar an bpáipéar.

— Rachel Ní Aodha (@R_NiAodha) November 12, 2019

Tá an-imní orm faoi thodhchaí na teanga tar éis dom na páipéir seo a léamh. Sceoin agus naimhdeas i leith na teanga a chothófar i measc ár ndaltaí. Tá an-chuid míshástachta le mothú i measc mhúinteoirí Gaeilge. @jctGaeilge @NCCAie an éistfidh sibh linn sula mbeidh sé ródhéanach?

— John Finn (@seanros) November 13, 2019

Níos mó