Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘murar-udar-tainsimh-an-t-iompar-seo,-n’fheadar-einne’

‘Murar údar táinsimh an t-iompar seo, n’fheadar éinne’

| Tuairisc.ie | ,

Ba mhó a bhí “fiosrúcháin” faoi Joe Biden ag déanamh tinnis do Donald Trump ná polasaí Stáit Aontaithe Mheiriceá i leith na hÚcráine.

Sin cuid dá ndúradh inniu ar an gcéad lá de na héisteachtaí poiblí maidir le táinseamh Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Dúirt Bill Taylor, an taidhleoir is sinsearaí ag Meiriceá san Úcráin agus duine den bheirt fhinnéithe a thug fianaise inniu, go ndúirt ambasadóir na Stát chun an AE, Gordon Sondland, an méid sin le duine d’fhoireann Taylor mí Iúil.

Thug Taylor le fios gur chuala baill dá fhoireann George Sondland ag caint leis an Uachtarán ar an bhfón faoi chás na hÚcráine agus go rabhthas ábalta an méid a bhí le rá ag Trump a chloisteáil toisc go raibh sé ag caint os ord agus é ag iarraidh fáil amach ó Sondland conas mar a bhí ag éirí leis na “fiosrúcháin”.

Dúirt Taylor gur ghlac sé leis gur “fiosrúcháin” maidir le Joe Biden a bhí i gceist.

Tharla an glaoch gutháin sin an lá i ndiaidh do Trump comhrá ar an bhfón a bheith aige le hUachtarán na hÚcráine

Líomhnaítear gur thug sé le fios sa chomhrá sin go gcuirfí stop le cúnamh slándála chun na hÚcráine mura mbunófaí fiosrúchán faoi Joe Biden, an t-iar-leasuachtarán ar SAM atá sa tóir ar ainmniúchán na nDaonlathach do thoghchán uachtaránachta na bliana seo chugainn.

Chuir, Adam Schiff, atá i gceannas ar fhiosrúchán táinsimh na nDaonlathach tús leis na héisteachtaí poiblí le cur síos ar an méid eolais a bhí ann faoi chás Trump agus na hÚcráine go n-uige seo.

‘“An é seo an t-iompar ba cheart do Mheiriceánaigh a bheith ag súil leis anois óna n-uachtarán? Murar údar táinsimh an t-iompar seo, n’fheadar éinne,” arsa Schiff.

Dúirt sé go rabhthas ag fiosrú cibé an raibh mí-úsáid bainte ag an Uachtarán as a oifig agus má bhí ar tháinig sé sin salach ar a chúram mar uachtarán.

“Tá an scéal chomh simplí agus chomh scanrúil leis sin,” arsa Schiff.

Thug Bill Taylor, ambasadóir na Stát Aontaithe chun na hÚcráine fianaise cheana gur choimeád Donald Trump siar cúnamh ón tír sin le brú a chur ar na húdaráis ansin fiosrúchán a chur ar bun faoi Joe Biden.

Eolas nua a bhí sa mhéid a bhí le rá aige inniu faoin nglaoch gutháin, eolas nach raibh aige, a dúirt sé, nuair a thug sé fianaise go príobháideach an mhí seo caite.

Chuir lucht an Tí Bháin físeán amach inniu de Trump ina ndúirt  gurb é an fiosrúchán táinsimh “an chamscéim is mó riamh i stair na polaitíochta i Meiriceá”.

Chualathas fianaise go poiblí inniu ó bheirt atá lárnach sa bhfiosrúchán táinsimh atá á dhéanamh faoi Donald Trump.

Craoladh ar an teilifís an fhianaise a thug George Kent, oifigeach i roinn an stáit agus William Taylor, an charge d’affaires in ambasáid na Stát Aontaithe in Kiev.

Tá sé curtha i leith Trump ag na Daonlathaigh gur bhain an tUachtarán mí-úsáid as a oifig ar mhaithe le leas polaitiúil agus beidh lucht an fhiosrúcháin ag súil go rachaidh an fhianaise phoiblí i bhfeidhm ar an bpobal.

Dúirt George Kent go raibh feachtas ar bun ag Rudi Giuliani, dlíodóir pearsanta Trump, chun clúmhilleadh a dhéanamh ar iar-ambasadóir na Stát chun na hUcráine, Marie Yovanovitch.

B’iarracht é seo ag Giuliani, a dúirt Kent an cás a neartú ar son “fiosrúchán ar mhaithe leis an bpolaitíocht”, rud a mhaígh sé “a thruailligh” polasaí na Stát Aontaithe i leith na hÚcráine.

Tabharfaidh Yovanovitch féin fianaise ag na héisteachtaí poiblí Dé hAoine.

Thug sí le fios cheana féin do lucht an fhiosrúcháin gur chuir Trump brú ar Roinn an Stáit bata agus bóthar a thabhairt di.

Deir Yovanovitch, atá ag obair i Roinn an Stáit i gcónaí, gur díbríodh óna post mar ambasadóir í mar gheall “ar líomhaintí gan bhunús a rinne daoine a raibh cuspóirí acu ar léir an-amhras a bheith ann fúthu”.

Níos mó