Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘ta-an-ghaeilge-maith-go-leor-a-fhad-is-nach-bhfeiceann-is-nach-gcluineann-muid-i-–-sin-dearcadh-arlene-foster’

‘Tá an Ghaeilge maith go leor a fhad is nach bhfeiceann is nach gcluineann muid í – sin dearcadh Arlene Foster’

| Tuairisc.ie |

PIC – NIALL Ó DONNGHAILE/ARLENE FOSTER

‘Tá an Ghaeilge maith go leor a fhad is nach bhfeiceann is nach gcluineann muid í – sin dearcadh Arlene Foster’

Deir an Seanadóir de chuid Shinn Féin Niall Ó Donnghaile nach aon réiteach ar an tsáinn faoin acht Gaeilge an ráiteas is déanaí ag Arlene Foster faoin nGaeilge agus nach raibh ‘aon rud nua’ ann

Tá beag is fiú déanta ag Sinn Féin den tuairimíocht go raibh bunús comhréitigh faoi cheist an achta Ghaeilge sa ráiteas is déanaí ag Arlene Foster faoin teanga.

Thug ceannaire an DUP Arlene Foster le fios ag comhdháil de chuid a páirtí go mbeadh sí sásta comhghéilleadh maidir leis an Ghaeilge, an dris chosáin is mó atá sa mbealach ar athbhunú an Fheidhmeannais in Stormont.

Ach dúirt an Seanadóir de chuid Shinn Féin Niall Ó Donnghaile le Tuairisc.ie nach aon réiteach ar an tsáinn faoin acht Gaeilge a bhí i gcaint Foster faoi “dhlíthe cultúir” agus mhaígh sé nach raibh aon “rud nua” sa mhéid a bhí le rá aici.

“Ní dóigh liom go raibh aon rud nua sa mhéid a dúirt Arlene ag an deireadh seachtaine. Cuireadh iontas orm go raibh daoine ag rá go raibh scéal suntasach nó casadh ar bith sa mhéid a dúirt sí. Ní hé nach bhfuil sé nua ach tá sé iomlán diúltach arís.

“Tá an fhoclaíocht dhiúltach go fóill in úsáid ag an DUP. Tá siad ag rá go gcaithfidh an reachtaíocht a bheith ‘balanced’ agus ‘it can’t infringe’. Is ionann sin is a rá go bhfuil an Ghaeilge maith go leor a fhad is nach bhfeiceann muid í agus a fhad is nach gcluineann muid í. Tá na laethanta sin thart i bhfad ó shin,” a dúirt an Seanadóir Niall Ó Donnghaile.

Dúirt sé go raibh Sinn Féin “breá réidh” a bheith páirteach i gcainteanna comhréitigh ach go gcaithfeadh na cainteanna sin “a bheith dírithe ar réiteach a fháil ar cheist an achta Gaeilge agus ceisteanna móra eile”.

Mhaígh Ó Donnghaile, cainteoir líofa Gaeilge as Béal Feirste, nárbh í ceist an achta Ghaeilge an t-aon bhac ar athbhunú Stormont.

“Tá a fhios ag Arlene Foster, tá a fhios ag an dá rialtas, tá a fhios ag an domhan mór cad é atá de dhíth agus sin atá á éileamh go soiléir ag pobal na Gaeilge. An tAcht a gealladh i gCill Rìmhinn, sin atá uainn, sin atá daoine ina theideal.

“Ní cheart dúinn a bheith ag díriú ar an Acht Gaeilge mar bhac ar an hinstitiúidí a bheith ag feidhmiú faoi láthair. Is ábhar ríthábhachtach é dar ndóigh ach ní hé sin an t-aon bhac ar an fheidhmeannas.

“Dá mhéad a bhíonn an DUP ag caint ar an Ghaeilge, ní bhíonn siad ag caint ar an scéim fuinnimh inathnuaite, an RHI, ar chearta a dhiúltú do dhreamanna eile nó ábhair eile. Is féidir linn ‘dlíthe cultúir’ nó cibé foclaíocht eile a phlé ach an réiteoidh sé an cheist? Ní dóigh liom é.”

Dúirt Ó Donnghaile gurb é an rud a chothaíonn “gné pholaitiúil de cheist na Gaeilge ná diúltú cearta”.

“Sílim go bhfuil an pobal i bhfad chun tosaigh ar an DUP maidir leis an cheist seo.

“An fhadhb is mó, an rud a chuir an nimh sa phróiseas seo chun an feidhmeannas a athbhunú ná an DUP a bheith i bpáirtíocht leis na Tóraithe. Tá fócas an DUP iomlán gafa le  cúrsaí i Londain agus tá tosaíochtaí s’acu ar fad i Londain. Mar is eol dúinn, níl Westminster ar son leas an tuaiscirt.”

Dúirt Arlene Foster ag comhdháil an DUP an deireadh seachtaine seo caite gur mhaith léi an Tionól agus an Feidhmeanna a fheiceáil ar bun arís agus “fuinneamh as an nua iontu”.

“Táimid ar a shon sin. Tá a fhios againn gur fearr a oibríonn Tuaisceart Éireann nuair a oibrímid as lámha a chéile.

“Tá mo thairiscint fós ar an mbord. Más féidir linn teacht ar fhoclaíocht agus ar dhlíthe cultúir a dhéanfaidh freastal orthu siúd a labhraíonn an teanga agus nach ndéanfaidh sárú míchuí ar chearta daoine eile nó nach mbeidh ina bhagairt orthu, ní loicfidh an  DUP,” a dúirt Arlene Foster.

Dúirt Arlene Foster ina hóráid gur chóir don Aontachtas fáilte a chur “roimh chách” agus dúirt sí gur chóir go mbeadh sé de cheart ag gach duine “an saol cultúrtha is mian leo a chleachtadh”. 

Dúirt sí go bhféadfadh duine a bheith ina Aontachtóir agus ina Ghaeilgeoir.

“Cé go mbíonn go leor daoine ag ceangal an Aontachtais leis an Ultais, ba mhaith liomsa a bheith an-soiléir,  níl aon chúis nach bhféadfadh duine a bheith ina Aontachtach agus ina chainteoir Gaeilge – go deimhin féin, d’fhéadfadh go bhfuil duine nó dhó anseo inniu atá amhlaidh,” a dúirt sí. 

Dúirt Foster nach raibh “aon rud le buachan ag aon duine atá ag iarraidh cogadh cultúir a throid”. 

“Tá Tuaisceart Éireann sách mór go bhfuil áit ann do chultúr gach duine. Mar Aontachtaigh is chun ár leasa féin é sa bhfadtéarma a chinntiú go mbeidh gach duine, is cuma cén cultúr atá acu, ar  a suaimhneas i dTuaisceart Éireann,” a dúirt ceannaire an DUP.

Cé gur mhol Arlene Foster an comhghéilleadh ina hóráid ar an Satharn, cháin sí go géar an dream a bhíodh ina bpáirtithe rialtais aici sa Tionól, agus í ag maíomh nach raibh i Sinn Féin, de bharr a “mbaghcat” ar Stormont, ach   “stocairí faoi ainm galánta agus iad á socrú féin do ghrianghraif le postáil ar Twitter”.

Níos mó