Tuairisc ó Sheoladh PEIG.ie ag Oireachtas na Samhna
Seoladh suíomh nua PEIG.ie ag Oireachtas na Samhna i mbliana i gcomhluadar na nGael. Thug an Dr Brian Ó Raghallaigh caint bhreá maidir le cúrsaí teicneolaíochta agus an nasc atá acu leis an nGaeilge ar an idirlíon. Labhair Dónal Ó Gallachóir faoi stair agus feidhm PEIG.ie agus Seán Ó Cionn, Príomhfheidmheannach Fhoras na Gaeilge ina dhiaidh sin faoin ról atá ag an bhForas i bhforbairt agus i reáchtáil an ardáin. Chuir Ursula Ní Shabhaois clabhsúr ar an imeacht le cúpla focal thar ceann Chonradh na Gaeilge.
Tá suíomh nua @PEIG_ie seolta agus nuachtlitir nua WhatsApp ar an mbealach freisin! 📲 Lá mór teicneolaíochta ag #OnaS19 ✨ pic.twitter.com/Xbkzs4IYTH
— MOLSCÉAL (@MOLSCEAL) November 2, 2019
Seán Ó Cionn – Príomhfheidmheannach Fhoras na Gaeilge
Dr Brian Ó Raghallaigh – Ollamh Cúnta le hOllscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU) in Fiontar & Scoil na Gaeilge
Dónal Ó Gallachóir – Feidmheannach Ilmheán & Lárphointe Feasachta le PEIG.ie
Lynn Rickard – Forbróir Ilmheán & Meán Sóisialta le PEIG.ie
Ursula Ní Shabhaois – Stiúrthóir Cinnteacht agus ball de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge
Tá nuachtlitir laethúil ag PEIG.ie le tamall de bhlianta anuas agus anois tá nuachtlitir eile bunaithe againn, Nuachtlitir WhatsApp.
Cé go bhfuil an nuachtlitir ríomhphoist ag dul ó neart go neart feictear dúinn go bhfuil úsáid ríomhphoist ag meathlú agus an pobal ag dul i dtreo ardán atá níos fusa le húsáid agus nach bhfuil chomh foirmiúil céanna.
Cláraigh trí:
- Uimhir PEIG.ie > +353 83 349 3635 < a chur mar theagmhálaí agus
- Teachtaireacht a chur chugainn ar WhatsApp ag rá ‘Tosaigh’