‘Bó’ atá baiste ag an Royal Bank of Scotland agus NatWest na Breataine ar a seirbhís baincéireachta digití nua.
Ach in ainneoin cur síos fada a bheith tugtha acu ar a rogha Ghaelach, ní deir an banc áit ar bith cén bhrí atá le ‘bó’, cé gur cosúil iad a bheith an-tógtha le síneadh fada na Gaeilge.
Seirbhís aipe atá i seirbhís nua NatWest agus an Royal Bank of Scotland a choimeádann ar an eolas tú faoi do chuid caiteachais ar do chárta dochair seachas a bheith ag tál airgid ag an bpoll sa bhalla.
De réir bhlag an bhainc is cosúil gur mó suim a bhí acu sa síneadh fada san fhocal ná an bhrí atá le ‘bó’.
“An daba beag sin os cionn an ‘o’ againn – an rud ar geall le splanc ó smaoineamh iontach é – sin é an Fada.
“Aiceann sa Ghaeilge atá ann agus is é a dhéanann fuaim fhada an ‘oh’ den ‘o’ gearr… Is maith linn an focal freisin mar nach bhfuil aon chiall leis i mBéarla agus mar sin is féidir linn úinéireacht a ghlacadh air. Is aoibhinn an fada s’againne, tá sé uathúil agus athraíonn sé an chuma a bhíonn orainn agus an glór a bhíonn againn,” arsa lucht NatWest.
Fobhanc é NatWest de Bhanc Ríoga na hAlbain ar leo Banc Uladh chomh maith.